
CEILIÚRADH: Treasures of the Boyne Valley
8 Bealtaine – 2 Lúnasa 2026
Gailearaí Highlanes, Droichead Átha, Contae Lú
Tá áthas ar Ghailearaí Ealaíne Crawford pictiúr ón ealaíontóir Nathaniel Hill (1861-1930), a rugadh i nDroichead Átha, a thabhairt ar iasacht do Ghailearaí Highlanes le haghaidh Ceiliúradh: Treasures of the Boyne Valley.
Agus iad ag ceiliúradh fiche bliain de Ghailearaí Highlanes, áit a bhfuil Bailiúchán Ealaíne Bardasach Dhroichead Átha le feiceáil, tá an taispeántas seo spreagtha ag Gleann na Bóinne agus tarraingíonn sé aird ar an timpeallacht thógtha, ar shaol na tuaithe, ar shaibhreas an nádúir, agus ar smaointe maidir le hathrú aeráide/gníomhaíocht agus inbhuanaitheacht.
Phéinteáil Nathaniel Hill Goose Girl in a Breton Farmyard (1884) le linn tréimhse a chaith an t-ealaíontóir sa Bhriotáin in éineacht le comh-Éireannaigh, Roderic O’Conor (1860-1940) agus Walter Osborne (1859-1903), i ndiaidh dóibh staidéar a dhéanamh in Antuairp. Mar is dual dá stíl Réalaíoch, léiríonn Hill clós La Ferme de Keranperchec ag Pont-Aven sa chanbhás beag seo trí radharc tuathánach a chur i láthair, rud a bhí ina ábhar coitianta ag an am sin.
Ba mhaith le Gailearaí Ealaíne Crawford buíochas a ghabháilleAoife Ruane, Stephen Hodgins, Simon Colfer, agus foireann Ghailearaí Highlanes.
Tionóltar an taispeántas ag an am céanna le To Land: Living Roots Awaken (23 Bealtaine – 9 Lúnasa 2026), comhpháirtíocht straitéiseach camchuairte idir Gailearaí Ealaíne Crawford agus Gailearaí Highlanes, i gcomhar leis an nGrúpa Coimeádaíochta Ealaíontóirí-Múinteoirí-Taighdeoirí.
Saothar ealaíne sa taispeántas:
