
“Rinneadh an cinneadh ag Cruinniú Cinn Bhliana Chairde 2026 go rachadh Gailearaí Ealaíne Chairde Crawford isteach i staid leathscoir anois mar gheall ar dheacrachtaí airgeadais toisc nach bhfuil sé d'acmhainn ag an ngrúpa seirbhísí riarthóra a fhostú a thuilleadh. Tá Bord Iontaobhaithe na gCairde ag obair le Gailearaí Ealaíne Crawford chun teacht ar thodhchaí inbhuanaithe do na Cairde agus tógfaidh sé seo roinnt ama. Ní bheidh aon duine i mbun líne theileafóin ná chuntas ríomhphost na gCairde agus is beag gníomhaíocht ná cumarsáid a dhéanfar le linn na hidirthréimhse seo. Ní earcóidh na Cairde baill nua sa tréimhse seo ach moltar do dhaoine atá ina mbaill cheana féin fanacht i dteagmháil leis an ngrúpa. Is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis na hIontaobhaithe ag cruinnithe caife réamhshocraithe a bheidh ar siúl ar an Aoine dheireanach de gach mí ag 12 meán lae i gcaifé Some Dose Coffee Dock in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí. Beidh an chéad cheann de na cruinnithe caife seo ar siúl Dé hAoine an 24 Aibreán. Iarrtar ar Chairde leanúint dá síntiúis bhliantúla a íoc trí aistriú bainc chuig cuntas bainc na gCairde. €80 a ghearrtar ar bhallraíocht aonair agus €120 an bhallraíocht dhúbailte. Comhaontaíodh ag an gCruinniú Cinn Bhliana go ndéanfar gach athnuachan ballraíochta i rith mhí Eanáir chun go mbeidh sé níos éasca do na hIontaobhaithe an próiseas seo a riaradh:
Sonraí Chuntas Bainc na gCairde:
IBAN: IE87 AIBK 9341 4306 8531 11
BIC: AIBKIE2D
Mar ghrúpa tacaíochta do Ghailearaí Ealaíne Crawford, tá sé mar aidhm ag Cairde feasacht an Ghailearaí, a mbailiúcháin agus a thaispeántais a chur chun cinn agus spéis a chothú i ngach gné d’ealaíon, cultúr agus oidhreacht.
Faigheann Gailearaí Ealaíne Crawford cúnamh maoinithe ó Chairde Ghailearaí Ealaíne Crawford, eagraíocht tacaíochta neamhspleách, bunaithe i mí na Bealtaine 1989.
Bí mar chuid de chlár ballraíochta Chairde Ghailearaí Ealaíne Crawford: is bealach spraíúil, sóisialta, cruthaitheach agus oideachasúil le páirt a ghlacadh i dtaispeántais agus in imeachtaí ag an nGailearaí! Cuirtear fáilte roimh bhaill páirt a ghlacadh i gclár imeachtaí lena n-áirítear cainteanna, réamhléirithe taispeántais, agus turais phríobháideacha.
DÉAN TEAGMHÁIL LINN
Teil: +353 (0)21 2032 151
Ríomhphost: info@crawfordartgallery
Roghanna Ballraíochta:
Bíonn ballraíocht i bhfeidhm ón dáta a íoctar an síntiús agus is féidir é a athnuachan go bliantúil.
Duine Aonair: 12 Mí
€80 le comhfhreagras gan Pháipéar / Ríomhphost amháin
Lánúineacha: 12 Mí
€120 le comhfhreagras gan Pháipéar / Ríomhphost amháin
Ballraíocht mar Bhronntanas
Tá roghanna ar fáil do gach ócáid e.g. Laethanta breithe, an Nollaig, Lá na Máithreacha, Lá na nAithreacha, agus dul ar scor.
.
Íoslódáil foirmeacha ballraíochta/athnuachana ó na naisc thíos nó faigh cóip chrua ag an ngailearaí.
Bróisiúr Cara
Sonraí Síntiúis
Foirm Bhuanorduithe
