Tá Gailearaí Ealaíne Crawford dúnta anois don athfhorbairt.

Foghlaim & Pléigh

REPRO FREE Visitors pictured at the opening of the Crawford Gallery Cork's SEEN, NOT HEARD exhibition running from 28 JuneÐ28 October 2019. For its summer 2019 exhibition, the Crawford Art Gallery will present a major survey exhibition, titled Seen, not Heard. The selection of work will range from 18th-century to present, examining the representations of children from the historical to contemporary from Irish art collections and Irish artists. As part of the associated Crawford Art Gallery Learn and Explore Programme, Seen, not Heard, will develop an active space concurrent with the exhibition in the upper gallery. The extensive gallery space will be transformed to allow visitors to most definitely be seen and heard, while actively exploring scale from the tiny to the fully immersive; a wide range of art material and even draw on the walls (pictured). Pic Daragh Mc Sweeney/Provision
Íomhá ó: Cuairteoirí ag taispeántas Ghailearaí Crawford SEEN, NOT HEARD Grianghraf: Soláthar

 Is é Foghlaim & Fiosraigh clár rochtana agus oideachais Ghailearaí Ealaíne Crawford.

Tugaimid cuireadh do lucht féachana an gailearaí, na taispeántais agus na healaíontóirí a chuirimid i láthair a fhiosrú.

Is do gach duine ár gcláir.

Bíonn páirt acu sa ghailearaí, ar na sráideanna, sna scoileanna, in ionaid sláinte agus i réimse ionad pobail.

Ar ár gcláir áirítear ceardlanna, turais, cainteanna, feidhmíocht, imeachtaí ar scála mór agus tionscadail phobail fadtéarmacha agus tionscadail chomhpháirtíochta sláintebhunaithe.

Is mian linn scáthán a thabhairt d’ilchineálacht ár lucht féachana, agus don éagsúlacht agus don chastacht a bhaineann leis na saothair ealaíne atá sa ghailearaí.

Cuirimid spás ar fáil chun an tsamhlaíocht a bheathú agus ina dtugtar luach do chruthaitheacht 

Tuigimid má aithnítear aitheantas cultúrtha duine aonair go gcuirtear ar chumas an duine dínit agus fás a léiriú. 

Cuirimid fáilte roimh an deis obair i gcomhar le daoine a bhfuil glóir, cumais, agus taithí éagsúla acu.

Foghlaim agus Fiosraigh le linn na hAthfhorbartha

Cé go gcuirfear stopsealadach riachtanach le gníomhaíochtaí sna gailearaithe, leanfar le cláir phobail fhadtéarmacha. Is deis é an dúnadh freisin chun cláir nua a cheapadh a chuirfidh ar ár gcumas dul i dteagmháil le lucht féachana éagsúil, táimid i mbuncomhrá faoi láthair agus ag féachaint ar fhéidearthachtaí le comhpháirtithe i leabharlanna na Cathrach agus i bpríosún Chorcaí.

Táimid an-tógtha freisin leis na hionchais a chuirfidh an spás tiomnaithe Foghlama agus Fiosraithe ar fáilsan fhoirgneamh nua; Beidh siad gnóthach ag ullmhú nuair a bheidh an gailearaíar oscailt arís.

Coinnigh súil amach ar an suíomh gréasáin le haghaidh nuashonruithe ar chláir, imeachtaí agus smaointe cruthaitheacha is féidir leata dhéanamh sa bhaile nó ar scoil!

Déan teagmháil le


Anne Boddaert
anneboddaert@crawfordartgallery.ie
+353 (0)21 490 7857

Emma Klemencic
emmaklemencic@crawfordartgallery.ie
+ 353 (0) 21 4907862

Eimear Marley 
Learnandexplore@crawfordartgallery.ie 
+ 353 (0) 21 4907862

Crawford Art Gallery Logo web
Báite i ngrá
le do ghailearaí
Cláraigh lenár nuachtlitir

Pure Cork logo white
Ancient East logo white
Department logo white
Skip to content