
Rugadh Joseph Stafford Gibson (1837-1919) i gCill Mhuire, Contae Chorcaí. Gaibhne geala agus baill de na fórsaí míleata ba ea a mhuintir, agus rinne a athair seirbhís le linn Chogadh na Leithinse. Fágadh ina dhílleachta é nuair a bhí sé aon bhliain déag d’aois, agus thóg aintín leis i gCathair Chorcaí é. I ndiaidh dó freastal ar Choláiste na Banríona, Corcaigh (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh sa lá atá inniu ann), chaith sé tamall ina chónaí i Londain agus i bPáras, agus ina dhiaidh sin chuaigh sé a chónaí i Maidrid in 1879.
Ba ealaíontóir é Gibson, dar leis féin, agus is cosúil go raibh a chuid saibhris féin aige, mar gheall ar leagáid a d’fhág a theaghlach agus infheistíocht in iasachtaí rialtais agus sna hiarnróid. Tá caibidil iomlán sa chuimhní cinn Gente del 98 (1952), scríofa ag an ealaíontóir agus scríbhneoir, Ricardo Baroja (1871-1953), dírithe ar Gibson.
Chaith sé tréimhse ag taisteal sa Fhrainc, san Eilvéis agus sa Spáinn, tréimhse inar phéinteáil sé na céadta pictiúr uiscedhatha, cé go bhfuil an chuma ar an scéal nár cuireadh ar taispeáint iad le linn a shaoil. Bhí sé sa Fhrainc le linn an Chogaidh Franc-Phrúiseach (1870-71) agus le linn Chomún Pháras (1871). Nuair a bhog sé go Maidrid, chuir sé faoi ag Calle de la Aduana 27, cóngarach don Puerta del Sol. Ó na 1880idí go dtí 1907 ar a laghad, ba mhinic a ndeachaigh sé ar cuairt ar Albarracín, baile meánaoiseach suite in Teruel na Spáinne. Is léir go raibh taisteal - agus na deiseanna a thug sé don duine, go háirithe don ealaíontóir - ríthábhachtach dó agus cuireadh an méid sin in iúl sna treoracha a leag sé amach ina uacht, a leag na bunchlocha do Dhámhachtain Comhaltachta Taistil Gibson.

CAG.1228 Joseph Stafford Gibson, Portrait of a Bearded Gentleman (full face), 1895, buíocán uibhe agus dúch ar pháipéar, 28.3 x 14.6 cm. Tiomnaithe, Joseph Stafford Gibson, 1919 (Tiomnacht Gibson).
Ar feadh na mblianta, bhí comhfhreagras idir Gibson agus James Brenan (1839-1907), ealaíontóir agus príomhoide ar Scoil Ealaíne Crawford (1860-89) agus ina dhiaidh sin, phríomhoide ar Scoil na hEalaíne, Baile Átha Cliath (1889-1904), agus scríobh sé chuig polaiteoirí amhail Arthur Balfour (1848-1930) chomh maith.
Bhailigh Joseph Stafford Gibson an iliomad rudaí éagsúla le linn a shaoil, amhail earraí ornáideacha cré ón Spáinn, boinn ársa, gréithe airgid a mhuintire agus pictiúir. Cailleadh Joseph Stafford Gibson i Maidrid ar an 3 Feabhra 1919 le linn phaindéim an fhliú.


