Tiomnacht Gibson

Gibson Bequest installation. Photo by Jed Niezgoda.
Amharc suiteála de The Gibson Bequest 1919-2019: Selecting, Collecting & Philanthropy. Grianghraf: Jed Niezgoda.

Ar an 3 Feabhra 1919, d’imigh Joseph Stafford Gibson (1837-1919) ar shlí na fírinne i Maidrid. D’fhág an t-ealaíontóir, arbh as Cill Mhuire, Contae Chorcaí ó dhúchas é, a chuid pictiúr uiscedhatha agus a bhailiúchán earraí ceirmeacha, greanadh, miondealbh, gréithe airgid agus cín lae, le huacht ag Gailearaí Ealaíne Crawford, mar is fearr aithne air sa lá atá inniu ann. Ina theannta sin, dheonaigh sé £14,790 chun ‘an ealaín a chur chun cinn i gcathair a óige.’

Ba é príomhchuspóir na Tiomnachta ná a chinntiú go gcaomhnófaí bailiúcháin Gibson féin agus ‘go gcuirfí le bailiúcháin ealaíne’ an Ghailearaí.

Cuireadh Coiste Tiomnachta Gibson ar bun roimh i bhfad chun polasaí bailiúchán a chur le chéile, sainchomhairleoirí a shainaithint, ealaíontóirí a roghnú do scoláireachtaí agus an ciste a infheistiú go siosmaideach, go tírghrách, fiú, i gcás na hiasachta náisiúnta. I measc comhaltaí an choiste bhí an t-ealaíontóir agus ardmháistir Hugh C. Charde (1858-1946), an scríbhneoir Daniel Corkery (1878-1964), fear gnó Barry M. Egan (1879-1954), an t-ailtire Lucius O’Callaghan (1877-1954), an t-ealaíontóir agus dara máistir John Power (1880-1939), chomh maith le painéal sainchomhairleoirí, George Atkinson (1880-1941), Thomas Bodkin (1887-1961), John Lavery (1856-1941), agus Dermod O’Brien (1865-1945) ina measc.

Bhí Ciste Tiomnachta Gibson ríthábhachtach i dtaca le bailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford a bhunú agus a fhorbairt, go háirithe maidir le péintéireacht an fichiú haois, agus le tacaíocht ón gCiste fuarthas na céadta saothar ealaíne, lena n-áirítear Men of the South (1921-22) de chuid Seán Keating, The Red Rose (1923) de chuid John Lavery,sé saothar is fiche de chuid Harry Clarke, pictiúir a phéinteáil Muriel Brandt, George Clausen, Patrick Hennessy, Evie Hone, Gerald Festus Kelly, William Orpen, Anne St John Partridge, Nano Reid, Philip Wilson Steer, Jack B. Yeats, priontaí le Ian Cheyne, John Copley, Ernest Lumsden, Winifred McKenzie, Agnes Miller Parker, John Platt, agus Mabel Royds, agus dealbha le Jacob Epstein, Séamus Murphy, agus Oliver Sheppard, gan ach cúpla duine a lua. Fuarthas formhór na saothar seo idir 1920 agus 1960, agus fuarthas an chuid eile díobh idir sin agus 1980.

Installation view of The Gibson Bequest 1919-2019: Selecting, Collecting & Philanthropy. Photo: Jed Niezgoda.

Amharc suiteála de The Gibson Bequest 1919-2019: Selecting, Collecting & Philanthropy. Grianghraf: Jed Niezgoda.

In 2019, bhí Dawn Williams agus Michael Waldron i mbun coimeádaíochta ar thaispeántas Comórtha Céad Bliain, The Gibson Bequest 1919-2019: Selecting, Collecting & Philanthropy, taispeántas a reáchtáladh i nGailearaithe Gibson agus i Seomra Fada Ghailearaí Ealaíne Crawford. Reáchtáladh an taispeántas  Everything Of That Time Might Soon End: The Gibson Bequest – Between the Wars in éindí leis sna Gailearaithe Comhaimseartha.

Installation view of Everything Of that Time Might Soon End: The Gibson Bequest – Between the Wars. Photo: Jed Niezgoda.

Amharc suiteála de Everything Of That Time Might Soon End: The Gibson Bequest – Between the Wars. Grianghraf: Jed Niezgoda.

Téigh ar ais chuig príomhleathanach na Dámhachtana
Culture Ireland logo
Dept of Culture_Communications_Sport_Std_Black
Crawford Art Gallery Logo web
Báite i ngrá
le do ghailearaí
Cláraigh lenár nuachtlitir

Pure Cork logo white
Ancient East logo white
Dept of Culture_Communications_Sport_Std_White