Scoláirí Gibson

CAG.0294 William Sheehan, The Consultation, 1917, oil on canvas, 71 x 92 cm. Presented.
CAG.0294 William Sheehan, The Consultation, 1917, olaphéint ar chanbhás, 71 x 92 cm.

Bunaíodh Scoláireacht Tiomnachta Gibson, a tháinig roimh Dhámhachtain Comhaltachta Taistil Gibson, de réir mar ba mhian le Joseph Stafford Gibson. Thug sí an deis d’ealaíontóirí áitiúla den chéad scoth dul ag taisteal chun staidéar a dhéanamh i gcathracha na hEorpa amhail Bayreuth, Londain, Maidrid, Páras, agus an Róimh.

Á riar ag Coiste Tiomnachta Gibson idir 1923 agus 1966, bronnadh Scoláireacht Tiomnachta Gibson ó am go ham agus de réir Uachta Gibson. Bronnadh an scoláireacht ar na daoine seo a leanas:  

CAG.3057 William Sheehan, Portrait of a Lady, c.1917

CAG.3057 William Sheehan, Portrait of a Lady, c.1917, olaphéint ar chanbhás, 61 x 51 cm. Curtha i láthair, in onóir Nuala O'Donovan (née Horgan),neacht William Sheehan, ag a teaghlach, 2019.

1923 | William Sheehan

Rugadh agus tógadh William Sheehan i gCorcaigh, agus d'fhreastail sé ar Scoil Ealaíne Crawford agus ar Scoil na hEalaíne, Baile Átha Cliath. In 1923, ba é an chéad duine é ar bronnadh Scoláireacht Tiomnachta Gibson air, scoláireacht a thug aitheantas do ‘tallann neamhghnách agus dea-nósanna’ an ealaíontóra. Ag an am, luaigh George Atkinson (1880-1941) gurbh é ‘an fear óg is cumasaí in Éirinn é, seachas [Seán] Keating.’ Cé go raibh Sheehan ag súil le staidéar a dhéanamh i bPáras, mhol Coiste Tiomnachta Gibson dó dul go Maidrid ina ionad sin, áit ar chónaigh Joseph Stafford Gibson féin ann. Faraor, cuireadh stop le scoláireacht Sheehan go tobann i mí Meithimh 1923, agus cailleadh é de bharr drochshláinte níos déanaí sa bhliain i dteach a dheirféar. Reáchtáladh taispeántas iardhearcach i gCorcaigh ina dhiaidh sin ina raibh a phictiúir ón Spáinn ar taispeáint.

1924 | Kathleen Murphy O’Connor

D’fhreastail Kathleen “Kay” Murphy O’Connor (1896-1959) ar Scoil Ealaíne Crawford le linn na 1920idí luath, agus faoin mbliain 1923, ba Rúnaí Oinigh í ar Aontas na Mac Léinn. Meastar gurbh ealaíontóir í a raibh tallann neamhghnách aici, agus déantar trácht ar a scileanna snoíodóireachta troscáin den chéad scoth. Ba í an dara duine í ar bronnadh Scoláireacht Tiomnachta Gibson uirthi, agus thapaigh sí an deis dul ag taisteal agus staidéar a dhéanamh i bPáras idir 8 Meán Fómhair 1924 agus 26 Aibreán 1926. Bhí scáthlán tine bróidnithe a chruthaigh an t-ealaíontóir mar chuid den taispeántas Site of Change: Evolution of a Building, in 2023.

1930 | Michael O’Sullivan

D’fhreastail Michael O’Sullivan ar Scoil Ealaíne Crawford agus bronnadh Scoláireacht Tiomnachta Gibson air in 1930, a d’úsáid sé chun freastal ar Thaispeántas Ealaíne na hIodáile 1200-1900 (1 Eanáir - 20 Márta 1930) ag Acadamh Ríoga na n-Ealaíon, Londain. Bhíodh taispeántais á reáchtáil aige le Cumann Mínealaíne na Mumhan go minic (1947, 1949, 1950-53, 1955-58).

CAG.0460 Séamus Murphy, Ruth Ripley, 1934, marble, 54 x 49 x 37 cm. Purchased, Munster Fine Art Club, 1935 (Gibson Bequest Fund). © the artist’s estate

CAG.0460 Séamus Murphy, Ruth Ripley, 1934, marmar, 54 x 49 x 37 cm. Ceannaithe, Cumann Mínealaíne na Mumhan, 1935 (Ciste Tiomnachta Gibson).© eastát an ealaíontóra.

1931 | Séamus Murphy

D’fhreastail Séamus Murphy (1907-1975) ar Scoil Ealaíne Crawford in 1921 den chéad uair nuair a bhí sé 14 bliain d’aois, i ndiaidh dá mhúinteoir, Daniel Corkery (1878-1964) é a spreagadh ina leith. Idir 1922 agus 1930, ba phrintíseach snoíodóireachta cloiche é chomh maith ag cloch-chlós John Aloysius O'Connor in Blackpool. Bronnadh Scoláireacht Tiomnachta Gibson air (1931-32), a thug an deis dó staidéar a dhéanamh i bPáras, staidéar a raibh tionchar mór aige ar a stíl agus a ghairm. Agus a stiúideo féin á bhunú aige i gCorcaigh, chruthaigh sé bustaí portráide de roinnt pearsana ón saol poiblí agus ón saol cultúrtha, lena n-áirítear Arnold Bax, Éamon de Valera, Jack Lynch, Terence MacSwiney, Constance Markievicz, Tadhg Ó Buachalla, Frank O’Connor, agus Seán Ó Riada, dealbh reiligiúnach, leachtanna adhlactha, agus dhear sé Séipéal Theachtaireacht an Aingil, Blackpool. In 1949, d’fhoilsigh sé a chuimhní cinn,  Stone Mad, agus chuaigh sé leis an Acadamh Ibeirneach Ríoga (RHA) sé bliana ina dhiaidh sin. Bhí sé ina ollamh le dealbhóireacht in RHA ó 1964.

CAG.0696 Breda O’Donoghue-Lucci, Seán O’Hegarty, 1947, bronze, 46 x 19 x 23 cm. Presented, the Artist, 1967. © the artist’s estate

CAG.0696 Breda O’Donoghue-Lucci, Seán O’Hegarty, 1947, cré-umha, 46 x 19 x 23 cm. Curtha i láthair, an t-Ealaíontóir, 1967. © eastát an ealaíontóra.

1949 | Breda O’Donoghue-Lucci

D’fhreastail Breda O’Donoghue (1924-c.2015) ar Scoil Ealaíne Crawford le linn na 1940idí. Thaistil sí go dtí an Róimh in 1949 ar Scoláireacht Tiomnachta Gibson agus bhíodh a saothar ar taispeáint go bliantúil le Cumann Mínealaíne na Mumhan (1947-49, 1956, 1983-85) agus sa deireadh bhí sí ina ball dá choiste. Bhronn a hathair, an réabhlóidí Florence “Florrie” O’Donoghue (1894-1967) busta dá cuid ar an mbailiúchán. Bhí sí ina cónaí i Ros Ó gCairbre, Contae Chorcaí, lena fear céile Emilio Lucci agus lena clann, sular athlonnaigh sí sa Róimh luath sna 2000idí. Ina cuimhní cinn, “Gougane Barra Revisited” (Cumann Staire Journal, 2000), chuimhnigh sí ar cuairt a thabhairt ar an áit, agus ar ‘na tráthnónta a caitheadh le The Tailor and Ansty, tráthnónta déanacha ó am go chéile.’

CAG.0134 John O’Leary, Night Odyssey, undated, 87 x 61 cm, acrylic on canvas. Purchased, the Artist, 1962 (Gibson Bequest Fund). © the artist’s estate

CAG.0134 John O’Leary, Night Odyssey, gan dáta, 87 x 61 cm, péint aicrileach ar chanbhás. Ceannaithe, an t-Ealaíontóir, 1962 (Ciste Tiomnachta Gibson) © eastát an ealaíontóra.

1957 | John O’Leary

Bhain John O’Leary (1929-1999) céim amach ó Scoil Ealaíne Crawford in 1957. Bronnadh Scoláireacht Tiomnachta Gibson air chun taisteal chun na Fraince, áit a ndearna sé staidéar ar atelier André Lhote (1885-1962), mar a rinne Mainie Jellett agus Evie Hone. Cé nach raibh stíl Chiúbaíoch Lhote aige, bhí dúshuim ag O’Leary sa teibíocht agus chuaigh teagasc Serge Poliakoff (1900-1969) i bhfeidhm go mór air. Bhí sé i mbun teagaisc i Scoil Ealaíne Crawford agus i gCeardcholáiste Réigiúnach Shligigh ina dhiaidh sin, agus fuair sé a chuid inspioráide ón dúlra, ach spreag sé a mhic léinn chun a bheith féintuilleamaíoch chomh maith.

1966 | Patrick Murray

D’fhreastail an Corcaíoch Patrick “Pat” Murray (1938-2006) ar Scoil Ealaíne Crawford agus bronnadh Scoláireacht Tiomnachta Gibson air chun taisteal go Bayreuth na Gearmáine. Tá clú air de bharr a oibre mar dhearthóir seiteanna, óir d’oibrigh sé ar roinnt léiriúchán de dhrámaí de chuid Patrick Galvin, John B. Keane, agus Hugh Leonard.  Bhí sé ina bhall de Chomhairle Ealaíon na hÉireann (1993-95) agus thug sé comhairle maidir le hathchóiriú ar Théatar Everyman, Corcaigh. Dhear sé an seit do gheamaireacht an téatair,  Sleeping Beauty (2006), agus ba é sin a thionscadal deireanach. D’ainmnigh Féile Amharclannaíochta Aeraí Bhaile Átha Cliath duais ina onóir mar gheall ar a ‘obair as cuimse ar mhaithe le hamharclannaíocht aerach na hÉireann’. 

1974 | Sheila Walton

Rugadh Sheila Walton-Hough i 1952 sa Chéinia agus rinne sí staidéar i Scoil Bhardasach Ealaíne Crawford. I 1974, thaistil sí go hOsló ar scoláireacht U.O.I.S.S agus, níos déanaí an bhliain sin, bronnadh Scoláireacht Taistil Thiomnacht Gibson uirthi chun freastal ar École des Beaux-Arts i bPáras. Bhuail sí leis an ealaíontóir William Hayter (1902-1988) nuair a bhí sí ann agus rinne sí staidéar taobh leis. Rinne sí staidéar ina dhiaidh sin in Acadamh Ríoga Mínealaíon na Danmhairge, Cóbanhávan. I 1975, bhí taispeántais aici le linn Fhéile Ealaíon Bhaile Átha Cliath agus Chumann Ealaíon Chorcaí (i nGailearaí Lavit). Is péintéir portráidí agus tírdhreacha í den chuid is mó, agus thug sí léachtaí freisin in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain (Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne anois). Tá sí ag cur fúithi i mBeannchar, Contae Uíbh Fhailí.

Téigh ar ais chuig príomhleathanach na Dámhachtana
Culture Ireland logo
Dept of Culture_Communications_Sport_Std_Black
Crawford Art Gallery Logo web
Báite i ngrá
le do ghailearaí
Cláraigh lenár nuachtlitir

Pure Cork logo white
Ancient East logo white
Dept of Culture_Communications_Sport_Std_White