
Fógraíonn Gailearaí Ealaíne Crawford Dámhachtain Comhaltachta Taistil Gibson, tionscnamh suntasach atá dírithe ar shoghluaisteacht idirnáisiúnta agus deiseanna d’amharc-ealaíontóirí gairmiúla a mhéadú.
Leis an dámhachtain thríbhliantúil seo de €25,000, tairgfear d’amharc-ealaíontóir gairmiúil roghnaithe atá i mbun cleachtais an mhaoin le taisteal thar lear, dul i ngleic le pobail ealaíne nua, agus caidrimh idirnáisiúnta a chothú a mbeidh tionchar acu ar a gcleachtas cruthaitheach.
Agus ceann de phríomhthosaíochtaí straitéiseacha Ghailearaí Ealaíne Crawford chun tacú le healaíontóirí á léiriú, aithnítear le Dámhachtain Comhaltachta Taistil Gibson an gá atá lena gcleachtas cruthaitheach a athshlánú i bpróiseas féinstiúrtha taiscéalaíochta, taighde agus nasctha.
Arna mheasúnú trí phróiseas aighneachta oscailte, tá Dámhachtain Comhaltachta Taistil Gibson mar oidhreacht ar cheann de na síntiúis is suntasaí a tugadh do Ghailearaí Ealaíne Crawford. In 1919, d’fhág Joseph Stafford Gibson (1837-1919) a chuid bailiúcháin agus ciste le huacht chun cur le bailiúcháin Ghailearaí Ealaíne Crawford agus chun scoláireacht taistil a sholáthar d’ealaíontóirí cumasacha arb as an Mumhain, Éire dóibh.
Ar an bpainéal roghnaithe tá Dragana Jurišić (Ealaíontóir agus Oideoir), Megs Morley (Stiúrthóir/Coimeádaí, Ionad Ealaíon na Gaillimhe, Paul McAree (Coimeádaí, Ealaíona Chaisleán an Leasa Mhóir), agus Mary McCarthy (Stiúrthóir, Gailearaí Ealaíne Crawford). Déanfar na healaíontóirí a mheas ar an gcaighdeán ealaíonta, ar indéantacht an mholta, ar an uaillmhian agus ar an ábharthacht ealaíonta agus ar thionchar dóchúil an mholta ar chleachtas an ealaíontóra.
Tá iarratais ar Dhámhachtain Comhaltachta Taistil Gibson dúnta anois.
Bronnfar an dámhachtain airgeadaíoch ar an ealaíontóir rathúil/ar na healaíontóirí rathúla ó Chiste Thiomnacht Gibson atá faoi chúram Ghailearaí Ealaíne Crawford, le tacaíocht bhreise riaracháin ó Chultúr Éireann agus ó Ghailearaí Ealaíne Crawford.


