
14 Feabhra – 2 Bealtaine 2026
Gailearaí F.E. McWilliam, Droichead na Banna, Co. an Dúin
Fógraíonn Gailearaí Ealaíne Crawford agus Gailearaí F.E. McWilliam comhfhiontar spreagúil maidir le taispeántas nua d'ealaín chomhaimseartha na hÉireann.
Tugann Constellations: Selected Work from Crawford Art Gallery saothair ealaíne ó Bhailiúchán Crawford chuig Gailearaí F.E. McWilliam i dTuaisceart Éireann.
Agus saothar 14 ealaíontóir atá lonnaithe ar oileán na hÉireann le feiceáil ann, leagann Constellations béim ar dhoimhneacht agus ar shaibhreas shealúchais chomhaimseartha Ghailearaí Ealaíne Crawford laistigh de Bhailiúchán Náisiúnta na hÉireann.
Tá Gailearaí F.E. McWilliam ar oscailt ó Luan go Satharn gach seachtain, agus tá cead isteach saor in aisce.