Tá Gailearaí Ealaíne Crawford dúnta anois don athfhorbairt.

Ar Chamchuairt

Creidmheas íomhá: Le caoinchead ó Chaisleán Chromghlinne.
CAISLEÁN CHROMGHLINNE | EALAÍN ÉIREANNACH

EALAÍN ÉIREANNACH I gCAISLEÁN CHROMGHLINNE

Márta 2024 - Eanáir 2027
Caisleán Chromghlinne, Tuaisceart Éireann

Tá ceithre shaothar déag d'ealaín na hÉireann ó bhailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford ar iasacht do Chaisleán Chromghlinne (Páláis Ríoga Stairiúil) ar feadh tréimhse trí bliana.

Agus é ag dul siar go dtí an t-ochtú haois déag agus oscailte don phobal, is áit chónaithe oifigiúil ríoga na Breataine é Caisleán Chromghlinne atá suite laistigh de 100 acra de ghairdíní áille i gContae an Dúin, Tuaisceart Éireann. Is anseo a síníodh Comhaontú Chromghlinne an 5 Feabhra 2010.

Tá na ceithre shaothar déag atá ar iasacht ó Ghailearaí Ealaíne Crawford ar taispeántas i bParlús stairiúil an Stáit. Ealaíontóirí ón bhfichiú haois a bhfuil nasc láidir acu le tuaisceart na hÉireann a dhear gach saothar, lena n-áirítear Margaret Clarke, Gerard Dillon, Paul Henry, agus Jack B. Yeats.

Mar a tharlaíonn, b’as Sruth Chráfard, Contae an Dúin in aice láimhe, teaghlach an fhir óna bhfuaireamar ár n-ainm féin, William Horatio Crawford (1812-1888). Agus iad ag lonnú i gCorcaigh ag deireadh an ochtú haois déag, chomhbhunaigh siad grúdlann Beamish & Crawford agus bhí siad ina ndaonchairde suntasacha agus ina lucht tacaíochta don oideachas agus do na healaíona.

Is mian le Gailearaí Ealaíne Crawford buíochas a ghabháil le David Orr, Emma Lawthers, agus leis na foirne i gCaisleán agus agus i bPáláis Ríoga Stairiúla Chromghlinne.

Saothair Ealaíne sa taispeántas:

  • Margaret Clarke, The Dressmaker, 1924.
  • William Conor, The Horse Fair, c.1940.
  • Sylvia Cooke-Collis, Donkeys in County Clare, c.1955.
  • Gerard Dillon, Returning Islanders, 1960.
  • May Guinness, Portrait Study, c.1930.
  • Grace Henry, Mountain Sheep, 1946.
  • Paul Henry, Lough Altan, Co. Donegal, c.1930.
  • John Luke, The Lock at Edenderry, 1935.
  • Norah McGuinness, River to the Sea, 1959.
  • Frank McKelvey, On the River Bann, c.1924.
  • Colin Middleton, Moonlight at Ballyholme, 1953.
  • Nano Reid, The Bottling Store, c.1959.
  • John B. Vallely, Piper and Fiddler, gan dáta.
  • Jack B. Yeats, Off the Donegal Coast, 1922.

Crawford Art Gallery Logo web
Báite i ngrá
le do ghailearaí
Cláraigh lenár nuachtlitir

Pure Cork logo white
Ancient East logo white
Dept of Culture_Communications_Sport_Std_White