Crawford Art Gallery bilingual logo
BaileMaidir Le Cuairt StairFoghlaim & Pléigh Gníomhaíochtaí Saothar Na SeachtaineComhpháirtíochtaíCaiféFolúntais

Bróisiúr as Gaeilge

Cag logo irish
Ar oscailt gach lá
Cead isteach saor in aisce
Gail Ritchie, Time A Structure of Nothingness, 2022 © the Artist, photo Simon Mills
Gail Ritchie, Time A Structure of Nothingness, 2022 © the Artist, Grianghraf: Simon Mills
Crosbhealach na hEalaíne agus Smaointe thar na hAoiseanna.
Fáilte chuig Gailearaí Ealaíne Crawford
Radharc lasmuigh de Ghailearaí Crawford Chorcaí. Grianghraf: Marcin Lewandowski
Is institiúid chultúrtha náisiúnta é Gailearaí Ealaíne Crawford atá suite i bhfoirgneamh oidhreachta suntasach i gcroílár chathair Chorcaí atá tiomnaithe do na hamharc-ealaíona.

Tá bailiúchán de thábhacht náisiúnta lonnaithe sa Ghailearaí a léiríonn scéal spéisiúil de Chorcaigh agus d’Éirinn le trí haois anuas, fad is a chuirtear clár spleodrach agus bríomhar de thaispeántais shealadacha ar fáil freisin.

Is í an tarraingt turasóireachta is mó i gCathair Chorcaí é Gailearaí Ealaíne Crawford. Tá sé ar oscailt seacht lá na seachtaine, tá an cead isteach saor in aisce agus ní mór do mhuintir na háite agus do thurasóirí araon é a fheiceáil.

Tógtha sa bhliain 1724 mar theach custaim na cathrach, tá na Múnlaí Canova cáiliúla lonnaithe sa teach, tugtha mar bhronntanas go cathair Chorcaí dhá chéad bliain ó shin. Tá os cionn 3,000 saothar le feiceáil i mbailiúchán an ghailearaí, saothair cháiliúla ó ealaíontóirí Éireannacha ar nós James Barry, Harry Clarke, Mainie Jellett, Seán Keating, Daniel Maclise, Norah McGuinness, Edith Somerville, agus Jack B. Yeats, chomh maith le healaíontóirí comhaimseartha ar nós Gerard Byrne, Maud Cotter, Dorothy Cross, Eilis O’Connell, agus Hughie O’Donoghue.

Turais ag Gailearaí Ealaíne Crawford

Gach Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc ag 2:00pm
Gach Déardaoin ag 6:30pm

Saor in aisce do gach cuairteoir | Ní gá áirithint a dhéanamh

Tá an tionscadal seo ag tacú le Geilleagar Oíche agus tá sé á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.

Treoir Urlár

Bunurlár
An Chéad Urlár
An Dara hUrlár

TAISPEÁNTAIS

A MATTER OF TIME
17 Feabhra – 5 Meitheamh
GAILEARAITHE ÍOCHTARACH AGUS UACHTARACH
A Matter of time logo
Déanann A Matter of Time machnamh ar an aimsearthacht laistigh de speictream leathan ag díriú ar eispéireas an duine. Tá an t-am mar chuid den chaoi a smaoinímid ar an domhan agus ar ár saolta. Is féidir le ham a bheith diomailteach, buan, luachmhar agus deacair teacht air. Ach, is tréith lárnach de chumhacht, rialú, caipitleachas, moráltacht agus creideamh é an t-am freisin.

Sa mhórthaispeántas seo ina bhfuil os cionn seasca saothar le ceithre ealaíontóir Éireannacha agus Idirnáisiúnta is fiche - tá téamaí den athrú aeráide, den náisiúnachas, den iarchoilíneachas, den leithreasú, den chuimhne, den tsláinte, den uirbeachas, den mhachnamh, den athbheochan, den dóchas, agus den oidhreacht.

Ealaíontóirí:
Darren Almond, Kevin Atherton, Sara Baume, Cecily Brennan, Ursula Burke, Elaine Byrne, Gary Coyle, Dorothy Cross, Jamie Cross, Mollie Douthit, Amanda Dunsmore, Joy Gerrard, Rula Halawani, Rebecca Horn, Austin Ivers, Nick Miller, Brian O’Doherty, Kathy Prendergast, Gail Ritchie, Patrick Scott, Naomi Sex, Yinka Shonibare, Nedko Solakov, Phillip Toledano agus Daphne Wright.
Light and Shade
9 Márta – 14 Aibreán
An Seomra Fada
William John Leech (1881 - 1968) Reflections c.1930 oil on canvas, 47 x 55 cm Bequeathed, Dr. R. I. Best, 1959
William John Leech (1881 - 1968) Reflections c.1930, ola ar chanva, 47 x 55 cm.
Tá 26 saothar ó bhailiúchán fairsing an ghailearaí san áireamh sa taispeántas seo a ainmnítear i ndiaidh an tsaothair Light and Shade, Youghal le Soirle MacCana.

Tá téama an earraigh le brath ar an taispeántas: séasúr na hathnuachana, tréada ar féarach, fás nua sna gairdíní agus, le cúnamh Dé, triomach breá.

Is deis iontach an taispeántas seo eolas a chur ar chuid de na saothair agus de na healaíontóirí inár mbailiúchán nach bhfuil an oiread sin clú orthu agus ar ndóigh taitneamh a bhaint as an síneadh breá tráthnóna.

Wiff Waff is Playing at my Gaff*
13 Meitheamh – 7 Iúil
An Gailearaí Uachtarach
Installation of ‘Wiff Waff is Playing at My Gaff‘ photo © Davey
‘Wiff Waff is Playing at My Gaff‘ Grianghraf: © Davey
Bí linn do chluiche craiceáilte leadóige boird! Cuireadh tús leis i mBaile Átha Cliath in 2012, agus tar éis dó dul i bhfeidhm go mór ar chuid de na hinstitiúidí móra le rá ansin, tá sé á thabhairt taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath den chéad uair.
Beidh deis agat imirt ar Bhoird Chraiceáilte, déanta ag ealaíontóirí, ó Bhailiúchán Náisiúnta na mBord Nuaga Leadóige atá ag cur gáire (agus frustrachais!) ar imreoirí agus ar lucht féachana ó thosaigh King Ping Pong á gcoimisiúnú. Beidh corr-chomórtas ar siúl againn freisin!

Fís fiabhrais de chuid an choimeádaí Davey Moor is ea King Ping Pong.

*Sean-ainm a thugtaí ar leadóg bhoird is ea Wiff Waff
FROM SOURCE TO SEA
22 Meitheamh – 22 Meán Fómhair
GAILEARAITHE GIBSON
George Petrie, Gougane Barra, Co. Cork, 1835 web
George Petrie, Gougane Barra, Co. Cork, 1835.
Leanann an taispeántas seo cúrsa na Laoi óna foinse i gCnoic na Seithe agus i nGuagán Barra san iarthar chomh fada le Cuan Chorcaí, an áit a dtéann sí isteach sa Mhuir Cheilteach.
Tá saothair ó an 1750í i leith san áireamh sa taispeántas, ina dtugtar léargas ar an abhainn agus ar na scéalta a bhaineann léi.
Déanann na saothar ón mbailiúchán FROM SOURCE TO SEA, idir shaothair stairiúla agus chomhaimseartha, ceiliúradh ar chultúr na Laoi agus a fo-aibhneacha.

CLARE LANGAN: The Heart of a Tree
14 Márta – 28 Aibreán
GAILEARAITHE DEALBHÓIREACHTA
Clare Langan, The Heart of a Tree (film still), 2020. © the artist
© Clare Langan, The Heart of a Tree, stadán scannáin, 2020
Lón machnaimh atá sa scannán seo ar ról lárnach na gcrann – fathaigh an dúlra – i saol na cruinne, agus inár saol féin.

Lonnaithe ar thírdhreach lom gan chrainn, léirítear i The Heart of A Tree (2020) domhan na todhchaí ina ndéanann daoine iarracht maireachtáil i dtimpeallacht sceirdiúil, ag cruinniú aeir – an t-ór nua – agus ag cur crann ar thrá fholamh dhubh, ag súil gur féidir an domhan a athdhaonrú leis an bhfoinse ocsaigine seo.

Léirítear i scannán Langan domhan na todhchaí inar éabhlóidigh agus inar oiriúnaigh daoine daonna le go mairfidís, agus breathnaítear ar an dícheangal idir an duine daonna agus an nádúr.
Recasting Canova
Leanúnach
GAILEARAITHE DEALBHÓIREACHTA
Recasting Canova. Photo: Jed Niezgoda.
Recasting Canova. Grianghraf:: Jed Niezgoda.
Déanann Recasting Canova ceiliúradh ar dhá chéad bliain de Mhúnlaí Canova, an bronntanas gradamúil atá mar bhunús dár mbailiúchán. Taispeántas bríomhar agus spreagúil den dhá mhúnla stairiúil déag a bheidh i gceist. Cruthaíodh na múnlaí seo, ar macasamhla dílse iad de dhealbha móra le rá ó na cianaoiseanna agus ó na 1800í luatha, faoi stiúir an dealbhóra mhóir nuachlasaicigh Antonio Canova (1757-1822).

Deis iontach é Recasting Canova do chuairteoirí eolas a chur ar an gcuid shuimiúil seo de ré Napoléon agus breathnú ar stíl chlasaiceach na Sean-Ghréige agus na Sean-Róimhe, ar an tionchar a bhí aici ar an ealaíon a tháinig ina diaidh agus ar an gcaoi a ndearna ealaíontóirí aithris, athshamhlú agus athmhúnlú ar an idé den fhoirfeacht a léirítear inti.

Building as Witness
Agus iad ag leanúint Cogarnach de chuid Fiona Linnane agus Dark Dark Mouth de chuide Dominic Thorpe, agus mar chuid den chlár BUILDING AS WITNESS, Ursula Burke, Jan McCullough, Linda Curtin & David Keating, agus Brian Teeling & Jennie Taylor tograí cruthaitheacha i láthair a théann i ngleic le foirgnimh Ghailearaí Ealaíne Crawford agus leis an stair a bhí i gceist céad bliain ó shin.
JAN MCCULLOUGH
Night Class
13 Aibreán – 9 Meitheamh
Gailearaithe Gibson
Night Class
© Jan McCullough
CURTIN // KEATING
Sit Stand Smoke
26 Aibreán – 5 Bealtaine
An Seomra Fada
Curtin and Keating Sit Stand Smoke (Hero), 2023 © the artists
© Linda Curtin agus David Keating
BRIAN TEELING AGUS JENNIE TAYLOR
In the glow of a frozen flame
16 Bealtaine
Foilseachán clóite agus ar líne
Teeling Taylor
© Brian Teeling
URSULA BURKE
These Fragile Monuments
25 Bealtaine – 21 Iúil
Gailearaithe Dealbhóireachta
Usula Burke
© Ursula Burke
Tabhair faoi deara, le do thoil, go raibh dátaí na dtograí ceart nuair a priontáladh é. Féach ar ár suíomh gréasáin, le do thoil, chun uasdátú a fháil: www.crawfordartgallery.ie

Foghlaim & Pléigh

Grianghraf: ©Provision Photography
CAINTEANNA EALAÍONTÓIRÍ AGUS IMEACHTAÍ TAISPEÁNTAIS
Seans chun cláir thaispeántais a fhiosrú go domhain

TURAIS DO SCOILEANNA AGUS DO GHRÚPAÍ
Cuir turas díograiseach in áirithe chun níos mó eolais a fháil faoin mbailiúchán agus na taispeántais

CLÁR TEAGHLAIGH
Bí ag faire amach do cheardlanna atá oiriúnach do theaghlaigh atá le teacht
Féach ar ár suíomh gréasáin do thuilleadh eolais ar na Cláir Foghlaim agus Pléigh

Cairde Ghailearaí Ealaíne Crawford

Bí mar chuid de chlár ballraíochta Chairde Ghailearaí Ealaíne Crawford: is bealach spraíúil, sóisialta, cruthaitheach agus oideachasúil é le páirt a ghlacadh i dtaispeántais agus in imeachtaí ag an nGailearaí! Cuirtear fáilte roimh bhaill páirt a ghlacadh i gclár imeachtaí lena n-áirítear cainteanna, réamhléirithe taispeántais, agus turais phríobháideacha.

Déan teagmháil linn
Guthán: +353 (0) 21 490 7864
Ríomhphost: friends@crawfordartgallery.ie

An Seomra Glas

Meascán maith de chumha i ndiaidh an tseansaoil agus de nua-aimsearthacht. Seomra bia clasaiceach ón seansaol i gcroí cultúrtha Chorcaí a mheascann earraí traidisiúnta bia le taobh treochtaí comhaimseartha. Na hearraí is fearr ó Chorcaigh agus ó Éirinn, agus iad cóireáilte le lámh éadrom ó na cócairí atá tiomanta blas agus simplíocht a chinntiú.

Uaireanta Oscailte

Oscailte 6 Lá na seachtaine

CAIFE & MILSEÁIN
Dé Luain – Dé Sathairn
10r.n. –11.15r.n.

LÓN
Dé Luain – Dé Sathairn
12i.n. – 3i.n.
Orduithe deireanacha 2.30i.n.

Déan teagmháil linn
Guthán: 021 241 0929
Ríomhphost: thegreenroomatthecrawford@gmail.comSuíomh gréasáin: www.thegreenroomathecrawford.com
Gailearaí Crawford Chorcaí. Grianghraf: Jed Niezgoda

Gailearaí Ealaíne Crawford
Plás Emmett, Corcaigh. T12 TNE6

Uaireanta Oscailte
Ar oscailt gach lá
Luan go Satharn 10.00am - 5.00pm
Déardaoin go dtí 8:00pm
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11am – 4pm
Is Carthanacht Chláraithe é Gailearaí Crawford Chorcaí.
Uimhir Charthanais: CHY 18818.
Ríomhphost: info@crawfordartgallery.ie
Pure Cork Logo

Uaireanta Oscailte

Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in

Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in


Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta

TripAdvisor LogoPure Cork LogoIreland's Ancient East logoCork Digital Mareting Awards Winner 2021Cork Business Association Logo
Covid Charter logo
Members Badge 2024
Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sports and Media logo

© 2024 www.crawfordartgallery.ie

linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram Skip to content