CAG.413 Daniel Maclise, The Falconer, 1853, olaphictiúr ar chanbhás, 61 x 47 cm. Bronnta, Cairde Bailiúchán na hÉireann, 1955. © Gailearaí Crawford Chorcaí
SAOTHAR NA SEACHTAINE! Inár gcéad spotsolas seachtainiúil nua ar an mbailiúchán, caithimid súil ar cheann dár saothair is aitheanta: The Falconer (1853) le Daniel Maclise.
An raibh a fhios agat? Is eol dúinn go raibh cleachtas na seabhcóireachta ar siúl thart ar 3,000 bliain ó shin sa Mheaspatáim, réigiún stairiúil sa Mheánoirthear atá suite taobh leis an Tígris agus an Eofrait. Tá fianaise le fáil sa saothar álainn mionsonraithe seo ar an bpailéad dathanna saibhir is nós leis an ealaíontóir a úsáid, saothar ar an gcaighdeán céanna le saothair Eorpacha Mheánaoiseacha na 1850idí - ré na réamh-Rafaeilíteach.
Tá fear agus bean le feiceáil sa phictiúr seo agus tá daoine den tuairim gurb iad Federigo agus Monna ó shaothar Giovanni Boccaccio, The Decameron (1353), atá ann. Tá finscéal na beirte seo bunaithe ar dhúil, grá gan chúiteamh agus tragóid, ach tá aird á tarraingt ann freisin ar fhearachas agus ar fhoighne. Tá go leor le foghlaim anseo ón tsracfhéachaint agus ó na gothaí!
Rinne Maclise iarracht i gcónaí a chinntiú go raibh gach rud díreach ceart ina phictiúir agus ní raibh drogall air neart taighde a dhéanamh. An bhfuil a fhios ag aon saineolaí éan céard iad na speicis fabhcúin a phéinteáil sé? Féach ar ghríobh fhuilsmeartha an fhabhcúin chun tosaigh!
Éist le The Arts House ar 96FM Chorcaí gach maidin Domhnaigh tráth a mbíonn Conor Tallon i mbun comhrá leis an gcoimeádaí cúnta, Michael Waldron, faoi gach SAOTHAR NA SEACHTAINE!
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie