Tabharfar léargas ar an dtaispeántas reatha 'Mise Éire' sa turas Gaeilge seo. Spreag an dán 'Mise Éire' le Pádraig Pearse an taispeántas, ina bhfuil réimse saothar le feiceáil. I measc na dtéamaí a bhaineann leis tá neamhspleáchas, stair agus náisiúnachas.
Chítear saothair de chuid ealaíontóirí aitheanta na hÉireann ann, le Robert Ballagh, Rita Duffy, Mainie Jellett, Seán Keating, John Lavery, Mary Swanzy, Jack B. Yeats ar chuid acu. Cuireann an ealaín lenár dtuiscint ar Éirinn thuaidh agus theas sa lá atá inniu ann, agus sna laethanta a caitheadh.
Bígí linn don dturas speisialta seo mar chuid d'imeachtaí Sheachtain na Gaeilge.