Sathairn 13 Iúil, 2i.n. | Saturday 13 July, 2pm
Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil turas uathúil á thairiscint againn ar Ghailearaí Crawford Chorcaí á chur i láthair trí Ghaeilge! Déan tú féin a thumadh sa Bhailiúchán Náisiúnta agus sna taispeántais atá ar taispeáint faoi láthair ag Gailearaí Crawford Chorcaí mar threoraí eolach a thugann tú ar thuras tríd an nGailearaí. Cuireann an turas seo deis iontach ar fáil chun tuiscint a fháil ar na saothair ealaíne agus tú ag plé leis an nGaeilge, is cuma má tá tú líofa i nGaeilge nó díreach ag iarraidh taithí a fháil ar an teanga. Tá an turas seo ar oscailt do chách, saor in aisce chun freastal air agus ní gá aon áirithint a dhéanamh roimh ré.
We are delighted to announce that we are offering a unique tour of Crawford Art Gallery presented through Irish! Immerse yourself in the National Collection and exhibitions currently on show at Crawford Art Gallery as our knowledgeable guide takes you on a captivating journey through the Gallery. This tour provides a wonderful opportunity to appreciate the artwork while engaging with the Irish language, whether you're a fluent Irish speaker or simply interested in experiencing the language. This tour is open to all, free to attend and requires no prior booking!
Sé Daingean Uí Chúise, Co. Chiarraí, áit dhúchais Deirdre McKenna. D'fhreastail sí ar Choláiste Ealaíona agus Dearadh Crawford, i gCorcaigh mar a dhein sí staidéir ar mhínealaíon agus tá sí ag cleachtadh mar ealaíontóir gairmiúil ó shin i leith. Tá spéis faoi leith aici i gcúrsaí priontála agus cló-bhualadh agus is ball í de Cork Printmakers, áit a dhéanann sí formhór dá cuid saothar priontála. Tá a cuid saothar ealaíona le fáil i mórán bailiúcháin, ina measc, i nGailearaí Ealaíne Crawford agus coimisiún ó Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) i dTeach Laighean. Cuireann sí ceardlanna eitseála ar fáil i Cork Printmakers ó am go chéile.
Deirdre McKenna is an artist from Dingle in West Kerry. She has been working as a professional artist since studying fine art at the Crawford College of Art and Design in Cork. Printmaking has become an important part of her multidisiplinary practice and she is a member of Cork Printmakers where she explores the possibilities of etching and relief techniques. Her work is included in many collections including The Crawford Gallery and Leinster House (commissioned by the OPW). McKenna facilitates etching workshops at Cork Printmakers.