
Músaem Poiblí Chorcaí (T12V0AA)
Déan ceiliúradh ar shéasúr na féile leis an ealaíontóir Seiko Hayase i gceardlann chruthaitheach ina ndéantar iniúchadh ar theacht le chéile thraidisiúin gheimhridh na hÉireann agus na Seapáine. Agus foirmeacha d’fhleasc Nollaig na hÉireann agus téad Shimenawa na Seapáine á dtabhairt le chéile, foghlaimeoidh tú teicnící traidisiúnta snaidhmthe agus fíodóireachta chun maisiú uathúil féiltiúil de do chuid féin a chruthú. Agus spreagadh faighte ón domhan nádúrtha agus ó nósanna séasúracha, tugann an cheardlann seo deis siombalachas agus ceardaíocht an dá thraidisiún a iniúchadh chun rud álainn a dhéanamh le tabhairt abhaile.
Tá an cheardlann seo saor in aisce ach is gá áirithintí a dhéanamh. Cuirfear gach ábhar ar fáil. Osclófar áirithintí go luath
Saor in aisce | Is gá áit a chur in áirithe

© 2026 www.crawfordartgallery.ie