
Déardaoin, an 27 Lúnasa, 1 i.n.
Ionad Ealaíon Triskel, Sráid an Tóibínigh
I gcomhpháirtíocht leis an Ionad Ealaíon Triskel, cuireann Gailearaí Crawford Artists Film International 2026 (AFI) i láthair faoin téama A Kind of Power. Mar chuid de AFI’26, is mór an t-aoibhneas dúinn go mbeidh ealaíontóir roghnaithe Ghailearaí Crawford Thaís Muniz i mbun comhrá leis an Dr Eve Olney chun a scannán, The Kite Ballet, a phlé
Is imeacht saor in aisce é seo agus ní gá áit a chur in áirithe mar sin.
Cliceáil anseo le haghaidh breis eolais ar AFI’26
Maidir le Thaís Muniz
Cuimsíonn cleachtas Thaís Muniz a lán réimsí chun cíoradh a dhéanamh ar na réimsí ina dtéann féiniúlachtaí dúchais agus sealbhaithe trasna ar a chéile, cuimhne, trasdul agus grá inmheánach mar mhodheolaíocht chun aire radacach a thabhairt.
Agus í ag tarraingt ar phlé criticiúil a dhéanann sí le tíreolaíocht chultúir na n-áiteanna trína dtaistealaíonn sí, is ar phobail atá saothar Muniz dírithe agus is trí phróisis foghlama i dteannta a chéile amhail ceardlanna, léirithe, suiteáin agus scannáin a spíontar amach é. Cuimsíonn a saothar grianghrafadóireacht, ócáidí ceiliúrtha, dealbha agus gníomhachtuithe freisin agus fitear cuimhneacháin agus siombalachas isteach iontu. Áitíonn Muniz gur féidir réaltachtaí a athshamhlú ach diúltú nó aislingeacht a dhéanamh nó draíocht phearsanta a úsáid ar bhealach a thugann a ndúshlán do chórais chanónta chreidimh agus léirithe.
Tá Máistreacht aici san Ealaín agus sa Chomhar Taighde ón Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta, Baile Átha Cliath. Taispeánadh saothair léi in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, i nGailearaí Acadamh Ibeirneach Ríoga na nEalaíon, sa Ghailearaí Luan, in Ionad Ealaíon Sirius (Éire); sa Mhúsaem Fowler (Los Angeles); i Músaem na hEalaíne Comhaimseartha in Bahia (Salvador); agus in A Gentil Carioca (Rio de Janeiro).
An tEalaíontóir Thaís Muniz agus an Dr Eve Olney
Is taighdeoir, sainchomhairleoir agus meantóir i gcleachtais inbhuanaithe chruthaitheacha chomhoibríocha í an Dr Eve Olney. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Iontaobhas Talún Phobal Chorcaí (cclt.ie) agus d’úsáid sí straitéisí cothaithe pobail chun teoiricí sóisialta foghlama a fhorbairt. Tá Olney cláraithe i bpost taighde Iardhochtúireachta faoi láthair sa Roinn Ailtireachta, OTM, dar teideal Designing for Difference: Radical Pedagogies in third-level Design/Architecture.

© 2026 www.crawfordartgallery.ie