Crawford Art Gallery is now closed for redevelopment.

Cad Atá Ar Siúl

A woman looking at a poster
Crawfor poster blank
Clár Fhéile Irisíní Chorcaí 2026

3-25 Samhain 2026

Ceardlanna do Leanaí
Dé Sathairn, an 7 Samhain: Aoiseanna 6–9
Dé Sathairn, an 21 Samhain: Aoiseanna 10–12
Leabharlann Chathair Chorcaí, 61 Sráid an Chapaill Bhuí, Corcaigh, T12 NT99

Tugann Gailearaí Ealaíne Crawford agus Féile Irisíní Chorcaí cuireadh do leanaí iniúchadh a dhéanamh ar Bhailiúchán an Ghailearaí trí cheardlanna cruthaitheacha maidir le hirisíní a dhearadh.

Agus iad spreagtha ag miotais, ag draíocht agus ag saothair ealaíne ó Bhailiúchán an Ghailearaí, cruthóidh na leanaí domhan draíochtach dá gcuid féin as colláis agus as líníocht. Tabharfaidh gach leanbh irisín críochnaithe amháin dá ndéantús féin ar a laghad abhaile leo, ar féidir é a fhótachóipeáil sa leabharlann. Tá an t-imeacht seo saor in aisce ach is gá áirithintí a dhéanamh. Ní mór do leanaí a bheith in éineacht le duine fásta le linn na ceardlainne, tugann ticéad amháin áit le haghaidh leanbh amháin agus an duine fásta a thagann leo. 

Osclófar seirbhís na n-áirithintí go luath.

Ceardlanna do Dhaoine Fásta
Dé Domhnaigh an 22 Samhain, 2pm - 4pm
Dé Céadaoin, an 25 Samhain, 5pm – 7pm
Ionad Ealaíon Triskel, T12 WYYO

Agus iad ag glacadh inspioráide ó shaothair ealaíne sa Bhailiúchán, bainfidh na rannpháirtithe triail as colláis, scríbhneoireacht agus líníocht chun a gcuid irisíní féin a chruthú agus chun iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le foilsiú neamhspleách. Tá an t-imeacht seo saor in aisce ach is gá áirithintí a dhéanamh. 

Osclófar seirbhís na n-áirithintí go luath.


Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: learnandexplore@crawfordartgallery.ie

Crawford Art Gallery Logo web
HEAD OVER HEELS
WITH YOUR GALLERY.
Sign up to receive updates

Pure Cork logo white
Ancient East logo white
Dept of Culture_Communications_Sport_Std_White

© 2026 www.crawfordartgallery.ie