
Músaem Poiblí Chorcaí
3–5 bliana d’aois: 10:30–11:30rn
6–10 mbliana d’aois: 12–1in
Tar agus cruthaigh maisiúcháin speisialta agus inbhuanaithe don Nollaig leis an ealaíontóir Julie Forrester!
Agus ábhair athchúrsáilte in úsáid againn, cuirfimid barr snasa ar ábhair ár mboscaí athchúrsála, déanfaimid iad a athshamhlú agus a athrú ina maisiúcháin iontacha féiltiúla! Gheobhaimid spreagadh de bhunadh an dúlra go ceanáin an gheimhridh, mar aon le saothair roghnaithe ó bhailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford, cuirfear fáilte roimh gach aon smaoineamh séasúrach agus léirmhíniú cruthaitheach.
Tabhair leat cartáin torthaí, boscaí uibhe, bairr buidéal, ábhair ar tháinig tú air agus aon rud eile lonrach agus rómhaith le caitheamh amach agus glac páirt le do shamhlaíocht agus bain úsáid as cibé rud a sholáthraíonn Julie!
Tá an cheardlann seo saor in aisce le freastal air, ach ní mór é a chur in áirithe roimh ré. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mór do leanaí a bheith in éineacht le duine fásta le linn na ceardlainne. Tugann ticéad amháin áit le haghaidh leanbh amháin agus duine fásta a thagann leo.
Osclófar áirithintí go luath
Saor in aisce | Is gá áit a chur in áirithe

© 2026 www.crawfordartgallery.ie