SAOTHAR NA SEACHTAINE | 16 Meán Fómhair 2019

CAG.2484 / CAG.2485 Séamus Murphy, Bob agus Joan, gan dáta, plástar, bunaithe ar leaganacha bunaidh luaidhe a rinneadh san 18ú haois, H 46 cm / 47 cm. Bronnta, Teaghlach Séamus Murphy, 2006. © eastát an ealaíontóra.

I SAOTHAR NA SEACHTAINE seo tá buachaill agus cailín le feiceáil – saothar ar a dtugtar Bob and Joan go minic. Is leaganacha níos lú de na leaganacha bunaidh iad seo (atá le fáil in Eaglais San Anna, An Seandún anois), agus bhíodh siad seo le fáil ar cholúin scoil in aice láimhe tráth dá raibh.

Ba sa bhliain 1716 a bunaíodh The Green-Coat Hospital School, agus bhí sé oscailte go dtí na 1940idí, agus bhí bunoideachas á chur ar leanaí bochta as Corcaigh sa scoil seo – 20 buachaill agus 20 cailín – idir 7 mbliana d'aois agus 12 bhliain d'aois.

Ainneoin gur fhreastal Séamus Murphy (1907-1975) ar scoil dhifriúil (Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig), idir 1922 agus 1930, bhí sé i mbun printíseachta i gclós cloiche Aloysius O’Connell in aice láimhe in An Linn Dubh. Seans maith gur thart ar an am seo a thug sé suntas don dá dhealbh luaidhe, Bob and Joan i gceantar an tSeandúin.

Ó uair a raibh sé 14 bhliain d'aois, bhíodh Murphy ag freastal ar ranganna i Scoil Ealaíne Crawford (Coláiste Ealaíne & Deartha Crawford CIT anois) san fhoirgneamh a bhfuilimid lonnaithe ann anois, áit a ndearna sé staidéar ar ár mbailiúchán de theilgin phlástair. Mheabhraigh a iarrachtaí tiúilip a shnoí i gcloch bhog don ealaíontóir, ina chuimhní cinn, Stone Mad (1966), gur thaispeáin duine de na snoíodóirí dó conas greim a choinneáil ar an siséal: ‘Bíodh an brú ar fad ar do mhéar beag, a bhuachaill. Mar seo, agus ní bheidh fadhb ar bith agat i gceann cúpla lá. Agus ná bíodh an tiúilip ag déanamh imní díot, beidh neart deiseanna eile agat.’

Bob and Joan le Séamus Murphy ar taispeáint mar chuid de SEEN, NOT HEARD, atá ar oscailt gach lá go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2019.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 9 Meán Fómhair 2019

CAG.299 John Butts, View of Cork from Audley Place, c.1750, olaphictiúr ar chanbhás, 72.5 x 120 cm. Bronnta, 2005.

An tseachtain seo tá ceann de na pictiúir is cáiliúla ónár mbailiúchán roghnaithe againn mar SHAOTHAR NA SEACHTAINE!

Seans go bhfuil View of Cork from Audley Place (c.1750) le John Butts feicthe ag neart againn faoin tráth seo. Is radharc lánléargais ar ár gcathair i lár an 18ú haois atá ann, olaphictiúr arb ionann é agus taisceadán todhchaí de chúlra stairiúil Chorcaí.

Tá Eaglais San Anna, An Seandún, Teach Almsan an Scidígh agus Sráid na Blarnan le feiceáil i lár an phictiúir ar thaobh na láimhe deise, agus tá ár bhfoirgneamh féin – Seanteach an Chustaim – gar do lár an phictiúir. Ag lár an phictiúir, ar chlé, is uiscebhealach é Sráid Phádraig fós!

Is cosúil lenár dtreoraithe iad an bheirt atá le feiceáil sa tulra (a bhfuil a madra dílis lena dtaobh!) agus glactar leo mar shampla de ‘oiriúintí’, bealach chun scála an radhairc a bhunú agus spéis a chothú sa radharc. Beidh aithne ag lucht leanúna The Young Offenders (2016) ar an bpointe amhairc seo freisin, Bell’s Field, túsphointe aistear Conor agus Jock ar an scáileán mór!

Tá an chathair a bhfuil siad ag breathnú síos air faoi bhláth mar thoradh ar an méid atá ar bun i gCuan Chorcaí agus an nasc atá cruthaithe aige leis an domhan mór, go háirithe leis an Ísiltír (agus is fianaise ar an méid sin na foirgnimh arda, chúnga i stíl ‘Dutch Billy’). Meabhraíonn crainn seoil na long atá le feiceáil feadh chéanna na habhann na naisc thrádála shaibhre atá bunaithe i gCorcaigh dúinn mar aon le mana Laidine na cathrach, Statio Bene Fide Carinis – smaoineamh a spreag an fhéile atá ar siúl an tseachtain seo dar teideal Sounds from a Safe Harbour!

View of Cork from Audley Place (c.1750) le John Butts á thaispeáint inár Seomraí Stairiúla Penrose (Urlár 1).

Tabhair cluas éisteachta do The Arts House le Elmarie Mawe ar 96FM agus C103FM Chorcaí gach maidin Dé Domhnaigh agus Conor Tallon ag labhairt leis an gcoimeádaí cúnta Michael Waldron faoi gach SAOTHAR NA SEACHTAINE! Éist siar le comhrá na seachtaine seo anseo:

Crawford Art Gallery · CLASSIC WORK OF THE WEEK NO 1 JOHN BUTTS - VIEW OF CORK FROM AUDLEY PLACE

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 2 Meán Fómhair 2019

CAG.510 Mary Lloyd-Jones, Hat Found in Venice, 1974, aicrileach ar chanbhás, 122 x 182.5 cm. Ceannaithe, 1976 (Ciste Tiomnachta Gibson). © an t-ealaíontóir

Is i dtreo an Aidriadaigh atá an bhean a phéinteáil an SAOTHAR NA SEACHTAINE seo ag triall!

Is pictiúr dochreidte é Hat Found in Venice (1974) le Mary Lloyd-Jones ina gcuimsítear dhá theanga amhairc. Ba é an aidhm a bhí ag an ealaíontóir ‘teibíocht gheoiméadrach urlár Mharcais a nascadh le hábhar fáthchiallach.’ Rinne sí an saothar seo i ndiaidh di cuairt a thabhairt ar chathair oileáin na hIodáile, Gudrun, lena hiníon, cailín óg a bhí sna déaga ag an am, agus ise atá i gcroílár an tsaothair seo.

Bunaithe in Aberystwyth, is nós leis an bpéintéir agus déantóir priontaí Mary Lloyd-Jones (b.1934), scrúdú a dhéanamh ar thúsphointe teanga ina saothar. In 1966, thosaigh sí ag taispeáint saothar dá cuid go poiblí ach níor thosaigh sí ag obair mar ealaíontóir lánaimseartha go dtí 1989. Dúirt an t-ealaíontóir gur bhraith sí nár oil a hinscne di, agus go raibh sí ina cónaí san áit mhícheart, ag an am mícheart, chun feidhmiú mar ealaíontóir rathúil.

Hat Found in Venice (1974) le Mary Lloyd-Jones ar taispeáint in TIOMNACHT GIBSON 1919-2019: Roghnú, Bailiú & Daonchairdeas.

Agus ós rud é gur ag smaoineamh ar Chathair ar Snámh atáimid, tá ionadaíocht á déanamh ar Éirinn ag Venice Biennale 2019 ag The Shrinking Universe le Eva Rothschild.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 26 Lúnasa 2019

CAG.42 Muriel Brandt, Trath Scoile, Cnoc Foile, Tir Conaill, roimh 1948, olaphictiúr ar chlár, 28.5 x 31.5 cm. Ceannaithe, An tOireachtas, 1948 (Ciste Tiomnachta Gibson). © eastát an ealaíontóra.

Cuireann an SAOTHAR NA SEACHTAINE seo filleadh ar an scoil i gcuimhne dúinn!

Radharc agus mothúchán a thuigeann muid ar fad, leanaí agus daoine fásta araon, sa radharc seomra ranga seo léirítear leibhéil dhifriúla airde ar mhúinteoir atá le cloisteáil, ach nach bhfuil le feiceáil. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil triúr leanaí dírithe ar an obair idir lámha, tá an chuma ar an scéal go bhfuil beirt leanaí atá suite níos faide siar ag brionglóideach. Ní ar an staidéar amháin a bhíonn daltaí scoile ag díriú, caitheann siad am i gcomhluadar a gcairde agus bíonn deis acu filleadh ar an gclós súgartha!

In Trath Scoile, Cnoc Foile, Tir Conaill (roimh 1948) le Muriel Brandt léirítear am scoile i nGaoth Dobhair atá i nGaeltacht Dhún na nGall. Ainneoin gur péinteáladh é seo sna 1940idí, seans go gcuirfidh an saothar seo deireadh ré scéim scoileanna Choimisiún Béaloideasa Éireann (1937-38) i gcuimhne do dhaoine, scéim ar ghlac níos mó ná 50,000 leanbh páirt inti.

Bhain an t-ealaíontóir a rugadh i mBéal Feirste, Muriel Brandt (1909-1981) – a d'fhreastail ar Choláiste Ealaíne Bhéal Feirste agus ar an gColáiste Ríoga Ealaíne, Londain – cáil amach di féin mar ealaíontóir portráidí agus pictiúr ábhair. Toghadh mar chomhalta den Acadamh Ibeirneach Ríoga í sa bhliain 1962.

Trath Scoile, Cnoc Foile, Tir Conaill le Muriel Brandt á thaispeáint mar chuid de SEEN, NOT HEARD go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2019. Tá saothair eile leis an ealaíontóir seo – The Breadline, 1916 agus An Samhradh Samh – ar taispeáint in TIOMNACHT GIBSON 1919-2019: Roghnú, Bailiú & Daonchairdeas.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 19 Lúnasa 2019

CAG.1348 John O’Keeffe (ainmnithe), Nano Nagle and Pupils, 19ú haois, olaphictiúr ar chanbhás, 127 x 101 cm. Ceannaithe, le cúnamh ó Chairde Ghailearaí Crawford Chorcaí agus Pobal na Toirbhearta, 1990.

Seo chugainn Seachtain na hOidhreachta agus is é téama na bliana seo Pastimes | Past Times, agus cuirfidh SAOTHAR NA SEACHTAINE seo na seanlaethanta i gcuimhne dúinn!

Portráid ghrúpa ghalánta é Nano Nagle and Pupils ina bhfuil triúr cailíní óga le feiceáil – fuadar fúthu agus cluas éisteachta orthu – iad bailithe mórthimpeall ar an bpríomhfhigiúr Honora ‘Nano’ Nagle (1718-1784). Ceannródaí chomh fada is a bhain leis an oideachas Caitliceach ba ea bunaitheoir Shiúracha na Toirbheartha, tráth, faoi na Péindlíthe, go raibh sé in aghaidh an dlí a leithéid a dhéanamh. Bean a raibh idir acmhainní agus misneach aici, chinn sí tréaniarracht a dhéanamh cabhrú le daoine nach raibh chomh rachmasach léi féin. Bhí an t-oideachas spioradálta agus saolta fite fuaite ina chéile ina héiteas agus, bhain sí cáil amach dá ministreachtaí oíche, agus ba é ‘The Lady with the Lantern’ an leasainm a bhí uirthi.

Le feiceáil taobh amuigh den fhuinneog (cúlra an phictiúir) tá cloigtheach na Mainistreach Deirge a tógadh sa 14ú haois – nasc fánach le hoidhreacht mheánaoiseach Chorcaí – fianaise go bhfuil an radharc seo suite i gClochar Theas na Toirbhearta, Sráid Dhúghlais. Bhí an t-áitreabh seo faoi úinéireacht theaghlach Nagle, ach tá sé in úsáid mar ionad oideachais agus creidimh le blianta fada anuas. Sa lá inniu ann, tá ceann de na heispéiris oidhreachta is nuaí i gCorcaigh le fáil ag an láthair seo, Plás Nano de Nógla. Is ann freisin atá Nano de Nógla Uasal curtha.

Nano Nagle and Pupils á thaispeáint mar chuid de SEEN, NOT HEARD go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2019. Is é ainm John O’Keeffe (c.1797-1838) atá luaite leis an saothar seo, agus gach seans go bhfuil sé bunaithe ar shaothar níos túisce (anaithnid), ar a bhfuil c.1809 le Charles Turner greanta.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 12 Lúnasa 2019

CAG.7 Terrick Williams, Morning Haze, Concarneau, c.1929, olaphictiúr ar chanbhás, 61 x 91.5 cm. Ceannaithe, an tEalaíontóir, 1935 (Ciste Tiomnachta Gibson).

‘Nuair a bhíodh mé ar saoire leis na leanaí bhíodh sé de nós againn éirí go luath agus aghaidh a thabhairt ar an gcaladh – agus sin an chuma a bhíodh ar an áit; cuma cheobhránach… agus cineál draíochtúil.’

Thaitin an méid sin a bhí le rá ag cuairteoir faoin SAOTHAR NA SEACHTAINE dar teideal – Morning Haze, Concarneau (c.1929) le Terrick Williams. Sa phictiúr impriseanaíoch atmaisféarach seo, tá léargas á thabhairt ar árthaigh phléisiúir atá ar shnámh in uiscí an Atlantaigh in aice le seanchalafort iascaireachta Briotánach. Cuireann an pailéad dathanna éadroma de ghlas, gorm agus liathchorcra, tús lá te i gcuimhne dúinn, an ceobhrán ag ardú agus an fharraige ag lonrú. Cruthaíonn na dathanna níos lonraí chun tosaigh doimhneacht. Conas a bhraitheann tú nuair a fhéachann tú ar an bpictiúr?

Is ón ealaíontóir a fuaireamar an pictiúr seo sa bhliain 1935, an t-aon saothar le Terrick Williams (1860-1936) atá inár mbailiúchán. Seans go mbíodh fonn air a bheith ag triall ar réigiún Finistère mar gheall ar an gcoilíneacht ealaíne Concarneau a bhunaigh Alfred Guillou (1844-1926) agus Théophile-Louis Deyrolle (1844-1923).

Díreach cosúil le Norman Garstin (ealaíontóir Shaothar na Seachtaine ar tagraíodh dó roimhe seo), chaith Williams seal ag staidéar faoi stiúir Charles Verlat in Antuairp. Ina dhiaidh sin, chaith sé tamall ag staidéar faoi threoir William-Adolphe Bouguereau ag Académie Julian i bPáras agus, ón mbliain 1891, thosaigh sé ag taispeáint saothar dá chuid ag Acadamh Ríoga na nEalaíon. In 1933, toghadh é mar Uachtarán ar Institiúid Ríoga na bPéintéirí Uiscedhathanna.

Morning Haze, Concarneau (c.1929) le Terrick Williams á thaispeáint mar chuid de TIOMNACHT GIBSON 1919-2019: Roghnú, Bailiú & Daonchairdeas.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 6 Lúnasa 2019

CAG.27 Norman Garstin, Sunshine in the Beguinage, 1908, olaphictiúr ar chanbhás, 91 x 75.5 cm. Bronnta, Bean Garstin.

Blaiseadh den Mhór-roinn atá le fáil i SAOTHAR NA SEACHTAINE seo – Sunshine in the Beguinage (1908) leis an ealaíontóir Éireannach Norman Garstin.

Faoi scáth ballach béguinage (campún ailtireachta do phobal de mhná reiligiúnacha tuata), tá maoirseacht á déanamh ar leanbh le gruaig fhionn fad is atá an leanbh dírithe ar dhuilleoga a scuabadh ó na clocha duirlinge mórthimpeall. De bhrí gur léir go bhfuil an scuab rómhór, an bhfuil seans ann go bhfuil comhairle chríonna le roinnt ag an mbean leis an leanbh? Sa chúlra, tá mná rialta agus tuataí le feiceáil, agus tá leanaí eile ag fanacht (go foighneach?) ag doras.

Díreach cosúil leis na hImpriseanaithe, a raibh meas aige ar a saothar, is staidéar ar sholas agus ton é pictiúr álainn Garstin, agus gach seans gur péinteáladh é en plein air (amuigh faoin aer). Tá an saothar seo, ar dócha a péinteáladh ag béguinage in Antuairp nó Lováin, cosúil leis an gcomhdhéanamh atá le feiceáil sa saothar dar teideal The Red Houses (1912) a rinne sé ina dhiaidh sin agus faoi réir Béguinage Church (Museums Sheffield) agus Madonna Lilies.

Ba de bhunadh Chathair Chinn Lis, Contae Luimnigh é Norman Garstin (1847-1926) agus chaith sé blianta a óige in Jersey, Corcaigh, Londain agus Cape Town, sular chláraigh sé in Acadamh Ríoga na Mínealaíon in Antuairp sa bhliain 1880. Ina dhiaidh sin, chaith sé tamall ag staidéar faoi stiúir Carolus-Duran i bPáras, áit ar casadh Edgar Degas air, agus thaistil sé fud fad na Fraince, na Spáinne, na hIodáile agus Mharacó.

Shocraigh Garstin síos i gCorn na Breataine i ndiaidh dó Louisa ‘Dochie’ Jones a phósadh sa bhliain 1886 agus bhí baint aige le Scoil Newlyn. Ealaíontóir cáiliúil ba ea a n-iníon, Alethea Garstin (1894-1978) freisin, agus dúradh nárbh fhéidir smacht a choinneáil ar a mac is sine, an scríbhneoir Crosbie Garstin (1887-1930) nuair a bhí sé ina leaid óg!

Sunshine in the Beguinage (1908) le Norman Garstin á thaispeáint mar chuid de SEEN, NOT HEARD, atá oscailte gach lá go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2019.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 29 Iúil 2019

CAG.56 Patrick Hennessy, Old Kinsale, c.1940, olaphictiúr ar chanbhás, 76 x 55.5 cm. Ceannaithe, an tEalaíontóir, 1940 (Ciste Tiomnachta Gibson). © eastát an ealaíontóra.

Deis é SAOTHAR NA SEACHTAINE seo ceiliúradh a dhéanamh ar Fhéile Bród Chorcaí - pictiúr mistéireach ónár mbailiúchán.

In Old Kinsale (c.1940) le Patrick Hennessy feictear radharc atá suite laistigh de Chaisleán Iarla Dheasumhan, agus tá an duine ag breathnú amach ar Theampall Mheilteog, teampall a tógadh 800 bliain ó shin. Tá Clóca Cáiliúil Chionn tSáile á chaitheamh aige, brat nó fallaing thraidisiúnta olla a bhíodh á caitheamh ag mná in Iarthar Chorcaí go dtí lár an 20ú haois. Ball éadaigh choitianta, do mhná agus d'fhir, a bhí ann go dtí an 16ú haois ar a laghad, tráth ar cuireadh cosc air faoi réimeas Anraí VIII. Dúirt an file Edmund Spenser gurb éard a bhí ann ‘a fit house for an outlaw, a meet bed for a rebel, and an apt cloak for a thief.’

Is cosúil gur thaitin an fhéidearthacht ciona a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis an gclóca le Hennessy, fear a thug cuairt go rialta ar Chionn tSáile agus ‘Fairyfield’, áit chónaithe a chairde, an Maor Stephen agus an Bhantiarna Ursula Vernon. Baineann an t-ealaíontóir úsáid as an gclóca sa chéad chúpla pictiúr a rinne sé i rith na tréimhse seo agus baineann sé lántairbhe as cáilíochtaí clúdaigh an chlóca. Ainneoin go bhféadfaí glacadh leis gur bean é an figiúr atá le feiceáil in Old Kinsale, tá aitheantas (inscne, gnéas nó aitheantas de chineál ar bith eile) an duine ceilte go hiomlán. Gach seans go bhfuil an duine ag faire ar gach rud ó laistigh dá t(h)earmann féin – coimhthíoch i bhfolach os comhair an tsaoil, de bhrí gur fear aerach ba ea an t-ealaíontóir a mhair in Éirinn a bhí an-choimeádach i lár na haoise seo caite.

I rith a shaoil dúradh gur ‘láithreacht aisteach agus choimhthíoch i saol ealaíne na hÉireann’ ba ea Patrick Hennessy (1915-1980). Ba i gCorcaigh sa bhliain 1915 a rugadh é. Ba in Arbroath, an Albain a tógadh é i ndiaidh dá athair bás a fháil ag Cath Passchendaele (1917). Sna 1930idí, chaith an t-ealaíontóir óg tamall ag staidéar faoi threoir James McIntosh Patrick ag Scoil Ealaíne Dundee, áit ar bhuail sé lena pháirtí saoil, Henry Robertson Craig (1916 -1984). Ní raibh tuiscint cheart againn ar a shaothar le fada ach le déanaí rinne Seán Kissane athmheasúnú ar a shaothar sa taispeántas PATRICK HENNESSY: De Profundis (24 Márta – 24 Iúil 2016) in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.

Old Kinsale (c.1940) le Patrick Hennessy le feiceáil mar chuid dár dturas speisialta QUEER LIVES IN ART leis an gcoimeádaí cúnta, an Dr Michael Waldron ag 1pm, Déardaoin, an 1 Lúnasa 2019.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 22 Iúil 2019

CAG.108 Harry Clarke, The Pit and the Pendulum, c.1919, peann agus dúch ar pháipéar, 27.3 x 20.3 cm. Ceannaithe, an tEalaíontóir, 1924 (Ciste Tiomnachta Gibson).

Deis é SAOTHAR NA SEACHTAINE seo súil níos grinne a chaitheamh ar cheann amháin den 23 uiscedhath agus líníocht le Harry Clarke atá le fáil inár mbailiúchán.

Tugtar léargas sa léaráid iontach pinn agus dúigh seo ar ‘uafás ríméadach’ an téacs foinse urchóideach, “The Pit and the Pendulum” (1842). Chruthaigh Clarke an saothar seo mar chuid de choimisiún le haghaidh eagrán galánta nua de Tales of Mystery and Imagination le Edgar Allan Poe a d'fhoilsigh George G. Harrap sa bhliain 1919. Chosain cóip cúig ghine céad bliain ó shin!

Baineann an scéal seo le reacaire, ár bpríomhcharachtar, atá daortha agus ciaptha faoi Ionchoisne na Spáinne. Is scéal dorcha agus dochreidte atá ann ina seasann na seacht gcoinneal san íomhá don aistear idir dóchas agus éadóchas. Is léir go raibh spéis ag Clarke i gcáilíochtaí urghránna agus céadfacha scríbhneoireacht Poe, agus chabhraigh na léaráidí a tharraing sé cur go mór leis an gcáil a bhí air féin.

Faighte trínár gCiste Tiomnachta Gibson sa bhliain 1924, níor thaitin saothar Clarke le gach duine, áfach. I miontuairiscí cruinnithe coiste a reáchtáladh an bhliain sin, ‘Cheangail painéal Comhairleoirí Saineolacha nóta lena dtuarascáil mar thagairt do shaothar amháin a rinne an tUasal Clarke dar teideal A Man of the Crowd inar sonraíodh, mar gheall ar nádúr an ábhair agus an chóireáil Ógartach, go mb'fhéidir nach nglacfaí leis mar shaothar atá oiriúnach le cur san áireamh sa bhailiúchán.’

Ar an gcuma chéanna, ní bheadh aon ghlacadh ag W.B. Yeats le saothar scríbhneoir cosúil le Poe. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an mbuaiteoir Dhuais Nobel, ‘the Pit and the Pendulum and the Raven do not seem to me to have permanent literary value of any kind ... Analyse the Pit and the Pendulum and you find an appeal to the nerves by tawdry physical affrightments...’

The Pit and the Pendulum (c.1919) le Harry Clarke á thaispeáint mar chuid de THIOMNACHT GIBSON 1919-2019: Roghnú, Bailiú & Daonchairdeas.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 15 Iúil 2019

CAG.784 Spanish School, Platter or Tazza (with star and crescent motif), 18ú haois, cré-earraí le glónra stáin, trastomhas 27 cm. Bronnta, Joseph Stafford Gibson, 1919 (Tiomnacht Gibson).

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar 50 bliain an tuirlingt ar an ngealach ar an 20 Iúil 1969, is ar chúrsaí gealaí atá SAOTHAR NA SEACHTAINE seo bunaithe!

Ag croílár an ghailearaí feicfidh tú cófra lán le hábhair iontais, cás taispeántais galánta d'earraí a bhailigh agus a bhí faoi úinéireacht ár mbronntóra, Joseph Stafford Gibson (1837-1919), tráth dá raibh. Ina measc tá roinnt píosaí faensa (nó cré-earraí Spáinneacha le glónra stáin), agus tá móitíf na réalta agus an chorráin le feiceáil!

San áireamh sa dearadh gorm cobálachtach tá réalta 8 gha (nó grian), a bhfuil 16 réalta níos lú mórthimpeall air, á thaispeáint laistigh de stua corráin gealaí. Seans go mbíodh an mhóitíf seo le feiceáil ar bhoinn airgid buailte i ré Hadrian, an t-impire Rómhánach de bhunadh na Spáinne, nó go mbaineann sí le siombalachas meánaoiseach Ioslamach nó Crosáide. Seans gur ag deireadh an 17ú haois nó le tús an 18ú haois a rinneadh an trinsiúr nó tazza (cupán fíona éadomhain) seo, ar dócha a rinneadh in Teruel, an Spáinn. Sna 1890idí agus 1900idí, thug Gibson, fear de bhunadh Chorcaí cuairt ar an gcúige seo go minic, agus go háirithe ar bhaile Albarracín.

Á léiriú anseo i bhfoirm aghaidhe – nó ‘an fear gealaí’ – tá spéis á léiriú le fada an lá ag daoine san aon satailít nádúrtha bhuan amháin ar domhan, na bandéithe Selene agus Luna ina measc, agus go deimhin tá fianaise ar an spéis chéanna le fáil i saothar H.G. Wells The Time Machine (1895) agus i measc na ndaoine atá i mbun na spástaicéalaíochta sa lá inniu ann.

An raibh a fhios agat: Chuir Luna 2, spásárthach Shóivéadach gan foireann, an chéad tuirlingt ar an ngealach i gcrích ar an 13 Meán Fómhair 1959? Beagnach deich mbliana ina dhiaidh sin, ba é misean Apollo 11 NASA an chéad tuirlingt ar an ngealach a rinneadh le foireann. Go dtí seo, níl cos leagtha ar dhromchla na gealaí ach ag 12 dhuine.

Coinnigh súil amach le haghaidh níos mó téamaí spáis i rith na seachtaine, tabhair cuairt ar an ngailearaí más mian leat súil a chaitheamh air seo nó caith tamall ag spraoi inár seit gealaí-cráitéir SEEN, AND HEARD ó Dowtcha Puppets!

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 8 Iúil 2019

CAG.311 William Magrath, Tara’s Halls, gan dáta, olaphictiúr ar chanbhás, 160.5 x 275 cm. Ceannaithe, A. McSwiney, Uasal, 1920 (Ciste Tiomnachta Gibson).

Deis atá i SAOTHAR NA SEACHTAINE seo súil níos grinne a chaitheamh ar shárshaothar ón mbailiúchán a caomhnaíodh le déanaí!

Is olaphictiúr mór é Tara’s Halls le William Magrath (1838-1918), a bhíodh ar crochadh go hard i léachtlann an ghailearaí le fada. D'fhonn a chinntiú go raibh sé réidh do thaispeántas nua, baineadh anuas é trí scafalra a úsáid agus ansin, thar thréimhse roinnt laethanta i mí Aibreáin 2019, rinne an caomhnóir Corrie Tubman measúnú ar an saothar agus chóireáil sí an saothar stairiúil seo.

Bunaithe ar an bhfiosrúchán a rinne sí, d'fhoghlaimíomar roinnt mhaith faoi theicnící an ealaíontóra; thug sí faoi deara gur úsáid Magrath an phéint ar bhealach comhréidh, agus gur úsáid sé sraitheanna an-tanaí de phéint uaireanta. Tugadh faoi deara go ndearnadh roinnt deisithe beaga roimhe seo freisin. Díol suntais, áfach, an vearnais dhorcha agus bhuí atá úsáidte ar bhealach neamhchothrom ar dhromchla an phictiúir agus a chlúdaigh cuid mhór de na mionghnéithe.

Chun é sin a aisiompú, chuir Corrie tús cúramach lena hobair chóireála - bhain sí an deannach dromchla scaoilte le scuab bhog agus folúsghlantóir. Ina dhiaidh sin, bhain sí níos mó den salachar greamaithe trí mhodh fliuch/tirim agus maipín cadáis (sa phictiúr). Nuair a bhí an brat tiubh dorcha salachair bainte (fianaise go mbíodh nicitín san aer!), tháinig cuid de mhionghnéithe an phictiúir, a bhí ceilte ar feadh i bhfad, chun solais, lena n-áirítear roinnt figiúirí sa chúlra agus spás ailtireachta ina bhfuil décor meánaoiseach, gnéithe a chuireann go mór le radharc bunaidh Magrath. Chomh maith leis sin, glanadh an fráma ornáideach i rith an phróisis seo.

Tá an canbhás ollmhór seo bunaithe ar bhailéad Thomas Moore dar teideal “The Harp That Once through Tara’s Halls” (1807) – ar tagraíodh dó in Ulysses (1922) le James Joyce – agus déantar machnamh ann ar an spiorad náisiúnta (an chláirseach) agus caillteanas féinrialach (ríogacht na Teamhrach). Díol suntais is ea gurb é seo ceann de na chéad saothar a cheannaíomar trínár gCiste Tiomnachta Gibson agus, de bhrí gur sa bhliain 1920 a ceannaíodh é, is saothar an-pholaitiúil é seo i gcomhthéacs Chogadh Saoirse na hÉireann (1919-21).

Tara’s Halls le William Magrath ar taispeáint in TIOMNACHT GIBSON 1919-2019: Roghnú, Bailiú & Daonchairdeas.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 1 Iúil 2019

CAG.433 Norah Brigid Ní Chuill, Game of Cards, 1959, olaphictiúr ar chanbhás, 72 x 92 cm. © eastát an ealaíontóra.

Am spraoi! Is ag díriú ar théamaí na hóige agus an spraoi atá SAOTHAR NA SEACHTAINE seo ónár dtaispeántas nua.

Is éard atá le feiceáil in Game of Cards (1959) grúpaí leanaí agus daoine fásta, teaghlach mór b'fhéidir, atá bailithe le chéile chun tamall a chaitheamh ag spraoi. Tá cuid de na daoine óga an-ghar dá chéile, seans go bhfuil iarracht á déanamh acu ‘cabhrú’ leis na himreoirí níos sine, tá lapadán ina baclainn ag bean rua agus tá súil á coinneáil aici ar an méid atá ag tarlú.

Is ag deireadh an lae atá an t-imeacht spraíúil seo ag tarlú a bhfuil glúnta éagsúla páirteach ann, agus tá vardo (vaigín cónaithe) an ghrúpa stoptha lena dtaobh, agus an capall nó capaillín ar féarach. Moltar do dhaoine a thugann cuairt ar an taispeántas an saothar álainn seo a chur i gcomparáid le A Games of Cards le John Murphy (1921-2006), agus na difríochtaí eatarthu a thabhairt faoi deara b'fhéidir!

Is annamh a thaispeántar an saothar seo, ceann amháin de dhá shaothar le Norah Brigid Ní Chuill ónár mbailiúchán atá ar taispeáint mar chuid de SEEN, NOT HEARD go dtí an 28 Deireadh 2019 – is é Children Playing with Skipping Rope and Hoop teideal an tsaothair eile.

Níl mórán ar eolas againn, áfach, faoi Norah Brigid Ní Chuill, seachas a saothair atá inár mbailiúchán, agus tráth dá raibh, gur thaispeáin sí pictiúr dar teideal Nodlaig (c.1951) ag taispeántas Mínealaíon na Mumhan. Ba bhreá linn tuilleadh eolais a fháil fúithi – an féidir leat cabhrú linn?

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 24 Meitheamh 2019

CAG.140 Richard J. Croft, Asgard, 1968, aicrileach ar chanbhás, 122 x 101.6 cm. Ceannaithe, Taispeántas d'Ealaín Bheo na hÉireann, 1969 (Ciste Tiomnachta Gibson). © an t-ealaíontóir. Grianghraf: Jed Niezgoda.

Táimid ag súil go spreagfaidh SAOTHAR NA SEACHTAINE seo - saothar ildaite - an tonn teasa sin a bhfuilimid ag súil leis!

Mar is ón teideal agus dáta, ní hionann Asgard (1968) le Richard J. Croft agus pictiúr de cheann den naoi bhfocal ón reiligiún Sean-Lochlainnise, nó fiú amháin ceann den naoi ríocht atá tugtha chun beochta in MCU (Marvel Cinematic Universe). Seachas sin, is ag tagairt don Asgard, luamh 28 tona atá sé, luamh a bhí faoi úinéireacht Erskine agus Molly Childers tráth dá raibh, a tógadh mar bhronntanas pósta óna hathair, an Dr Hamilton Osgood. An bhfuil tú in ann stiúir an bháid phléisiúir a fheiceáil?

Bhain an luamh cáil amach dó féin de bhrí gur úsáideadh é i rith shamhradh na bliana 1914 chun 900 raidhfil aon-urchair agus 29,000 urchar a smuigleáil isteach go hÉirinn ag Binn Éadair. Níos lú ná dhá bhliain ina dhiaidh sin, úsáideadh na hairm seo ag Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath i rith Éirí Amach na Cásca. In 1968, bhunaigh Rialtas na hÉireann Coiste an Asgard agus cinneadh an luamh a úsáid mar shoitheach oiliúna seolta do dhaoine óga na hÉireann. Tá an soitheach ar taispeáint in Ard-Mhúsaem na hÉireann (Dún Uí Choileáin) anois.

Fíric spéisiúil: Chruthaigh Erskine Childers leagan ficsin dá heachtraí seoltóireachta san úrscéal sárdhíola The Riddle of the Sands (1903), agus ceapadh a mhac, Erskine Hamilton Childers (1905-1974), mar cheathrú Uachtarán na hÉireann ar an 25 Meitheamh 1973.

Dúirt Richard J. Croft (1935) gurb ionann a shaothar agus 'téadchleasaíocht nó siúl ar théad rite' agus go raibh a shaothar suite áit éigin idir saothar fáthchiallach agus pictiúr teibí i rith a shaoil. Ba i Londain a rugadh é agus bhog sé go Béal Feirste sa bhliain 1959. Deich mbliana ina dhiaidh sin ghlac sé páirt in Acadamh Ríoga Uladh agus bhí sé ag feidhmiú mar uachtarán an Acadaimh idir 1997 agus 2000.

Asgard (1968) le Richard J. Croft á thaispeáint mar chuid de THIOMNACHT GIBSON 1919-2019: Roghnú, Bailiú & Daonchairdeas, a bheidh ar siúl go dtí an 12 Eanáir 2020.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 18 Meitheamh 2019

CAG.916 Apollo Belvedere, c.1816, teilgean plástair bunaithe ar chóip mharmair de bhunsaothar cré-umha le Leochares, 243 x 120 x 78 cm. Grianghraf: Jed Niezgoda.

Tá Féile Lár an tSamhraidh Chorcaí imithe i bhfeidhm orainn agus dá bharr sin tá SAOTHAR NA SEACHTAINE seo dírithe ar Dhia Gréagach an cheoil, na healaíne, na filíochta, an damhsa, an chneasaithe agus an ghrian (ar deacair teacht uirthi faoi láthair)!

Is íocón den ealaín Chlasaiceach é Apollo Belvedere agus tá neart cóipeanna agus aithrisí déanta de le breis is dhá mhíle bliain anuas. In 1816, teilgeadh ár leagan plástair go díreach ó mharmar Vatacánach – a bhain leis an gcéad leath den dara haois – arb ionann é agus cóip den bhunteilgean cré-umha níos luaithe (atá caillte anois) a rinne Leochares of Athens. Ní moladh go haithris!

Ainm eile ar an saothar seo é Pythian Apollo, agus déantar cur síos ar a ghluaiseacht ghrástúil in contrapposto (i cóimheáchan), gluaisne casaidh a ghníomhachtaíonn an figiúr agus a léiríonn ‘simplíocht uasal agus maorgacht chiúin’ a raibh dúil ar leith ag an seandálaí Johann Joachim Winckelmann (1717-1768) ann.

Ainm eile ar an saothar seo é Pythian Apollo, agus déantar cur síos ar a ghluaiseacht ghrástúil in contrapposto (i cóimheáchan), gluaisne casaidh a ghníomhachtaíonn an figiúr agus a léiríonn ‘simplíocht uasal agus maorgacht chiúin’ a raibh dúil ar leith ag an seandálaí Johann Joachim Winckelmann (1717-1768) ann.

Ainneoin go bhfuil géag dheas agus lámh clé ár dteilgin ar iarraidh, glacann sé staidiúir boghdóra agus tá sé nocht ach amháin go bhfuil cuaráin, clóca gearr (róba) agus duilleog fige, atá le baint de go luath, á gcaitheamh aige. Is é Apollo an ceann deiridh dár dTeilgin Canova stairiúla a bheidh á gcaomhnú agus á dtaispeáint mar chuid de THE FIG REVEAL (17-21 / 24-28 Meitheamh 2019).

Má tá spéis agat i dtuilleadh eolais, caith tamall i gcomhluadar an chaomhnóra dealbh, Eoghan Daltun, a bheidh i mbun comhrá leis an gcoimeádaí cúnta, Michael Waldron, ag 1pm, an 20 Meitheamh 2019. Tá fáilte roimh chách!

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 10 Meitheamh 2019

CAG.66 Dermod O'Brien, Place de L'Eglise, Montreuil, 1925, olaphictiúr ar chanbhás, 63.4 x 75.8 cm. Ceannaithe, an tEalaíontóir, 1926 (Ciste Tiomnachta Gibson).

Rugadh an t-ealaíontóir Éireannach Dermod O'Brien in aice le Faing, Contae Luimnigh ar an lá seo sa bhliain 1865, agus is air atá SAOTHAR NA SEACHTAINE seo bunaithe!

Ba é a aintín, an t-údar agus gníomhaí, Charlotte Grace O’Brien, a thóg an t-ealaíontóir seo, garmhac le náisiúnach Éireannach – agus ceannaire Éire Óg – William Smith O’Brien. Fuair sé a chuid oideachais ag Harrow agus Cambridge, agus sna 1880idí rinne sé staidéar ar an bpéintéireacht i bPáras agus Antuairp, i dteannta le Walter Osborne, agus ba sa bhliain 1901 a thug sé aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ag feidhmiú mar uachtarán ar an Acadamh Ibeirneach Ríoga le haghaidh 35 bliain, idir 1910 agus 1945, an bhliain ar cailleadh é. Ealaíontóirí ba ea a dheirfiúr Nelly, iníon Brigid Ganly agus bean a mhic, Kitty Wilmer O’Brien, freisin.

In 1922, agus tráth a raibh sé ag feidhmiú mar uachtarán ar an Acadamh Ibeirneach Ríoga, ainmníodh Dermod O'Brien (1865-1945) mar chomhairleoir saineolach dár gcoiste Thiomnacht Gibson. I measc a chuid dualgas bhí tuairisciú ar oibreacha a bheadh oiriúnach chun cur leis an mbailiúchán, agus sa bhliain 1925 treoraíodh dó cuairt a thabhairt ar thaispeántais a bhí á reáchtáil ag an Acadamh Ríoga agus ag Acadamh Ríoga na hAlban.

I rith a thréimhse mar chomhairleoir saineolach, tharraing O’Brien aird ar roinnt príomhoibreacha atá le fáil inár mbailiúchán anois – lena n-áirítear Men of the South (1921-22) le Seán Keating agus Off the Donegal Coast (1922) le Jack B. Yeats – ach níor mhol sé The Man of the Crowd (1923) le Harry Clarke a cheannach. É sin ráite, dhiúltaigh an coiste don mholadh a rinne sé The Death of Cúchulainn (1911-12) le Oliver Sheppard a cheannach le haghaidh £500.

Léirítear ina phictiúr réalaíoch Place de l'Eglise, Montreuil (1925) ceann de na príomhchearnóga in Montreuil-sur-Mer, in aice le Calais. Taispeánadh an saothar seo ag Halla Mill's, agus i mí na Samhna sa bhliain 1926 mhol George Atkinson, comhairleoir saineolach agus ardmháistir Scoil Ealaíne Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha anois), an saothar seo a cheannach le haghaidh 50 gine.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 4 Meitheamh 2019

CAG.2617 Jonathan Fisher, 10th View of Killarney, Eagle's Nest, 1789, uiscimir ar pháipéar, 26 x 36 cm.

Ar thráthnóna fliuch Dé Máirt, is ag triall ar Chill Airne atáimid, áit chónaithe na n-iolar...

'But on the liquid glass we dazzled gaze,
And fainting ask for shade: lo! where his nest
The bird of Jove has fixed: the lofty brow,
With arbutus and fragrant wild shrubs drest'

- Sliocht as "Written at the Eagle's Nest Killarney. July 26, 1800" le Mary Tighe

The Eagle's Nest i mbéal an phobail le fada an lá, ach oiread leis an bhfile Mary Tighe (1772-1810) agus an t-ealaíontóir Jonathan Fisher. Bhí tóir ag lucht bádóireachta a raibh dúil acu sa dúlra Draíochtúil - agus i mothúcháin an bhróin agus an uamhain, ar an sainchomhartha sainiúil seo i gCill Airne san ochtú agus sa naoú haois déag. Go deimhin, in 1780, tharraing Arthur Young aird ar an bpointe gur scaoileadh canóin anseo chun eispéireas cuairteoirí a fheabhsú agus gurb ionann ‘na macallaí a bhí le cloisteáil ina dhiaidh sin agus plimp thoirní iontach’ (A Tour in Ireland).

Tá léargas éigin ar an ngníomhaíocht sin le fáil againn trí na pearsana éagsúla (ar a dtugtar 'oiriúintí') atá le feiceáil i radharc Fisher agus sa charria ar baineadh geit as ag íochtar an phictiúir ar dheis. Téann an t-ealaíontóir beagán thar fóir, áfach, trí éan mór a phéinteáil in aice le barr na sléibhe agus crann gleoite a phéinteáil i lár a chomhdhéanaimh.

Thug Jonathan Fisher (1740-1809) a chéad léargas ar an lomán creagach seo i bpictiúr a phéinteáil sé sa bhliain 1770, agus 19 mbliain ina dhiaidh sin a rinne sé an radharc seo, agus phéinteáil Daniel Macdonald (1821-1853) é ina dhiaidh sin sa bhliain 1841. Ba é Fisher ceann de na healaíontóirí ba thúisce a tharraing cáil ar an tírdhreach seo i gContae Chiarraí trína shraith de 20 radharc 'cárta poist' de Chill Airne agus an ceantar máguaird ón mbliain 1789.

Beidh THAT ABRUPT MAGNIFICENCE: Radhairc Jonathan Fisher de Chill Airne ar taispeáint inár nGailearaithe Nua-Aimseartha (Urlár 2) go dtí an 12 Meitheamh 2019.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 27 Bealtaine 2019

CAG.116 Mary Swanzy, Swans, c.1930, olaphictiúr ar chanbhás, 50.9 x 60.9 cm. © Eastát Mary Swanzy.

Is é seo an tseachtain deiridh dár dtaispeántas MARY SWANZY: Voyages agus ise atá freagrach as SAOTHAR NA SEACHTAINE!

Tá Swans (c.1930) le feiceáil sa taispeántas seo, ceann amháin de dhá shaothar le Mary Swanzy (1882-1978) inár mbailiúchán. Rinne sí an saothar seo roinnt blianta i ndiaidh a pictiúir Shamócha, lena n-áirítear ár Samoan Scene (1924), agus seachas aistear geografach is fiú glacadh leis mar aistear i dtreo shamhlaíocht an ealaíontóra.

Bheadh fonn ar dhuine glacadh leis go bhfuil foirm éigin de shiombalachas ag baint leis an imeartas focal idir an teideal agus sloinne an ealaíontóra. Tá drogall ar Swanzy, áfach, a leithéid de shaothar a ainmniú nó a mhíniú, agus ní shainaithníonn sí aon léargas pearsanta, seachas sin ligeann sí don bhreathnóir ciall a bhaint as an saothar. Dá réir sin, an rud ar a bhfuil cuma tírdhreach fisiciúil ar dtús, athraíonn sé, nuair a chaitear súil níos grinne air, agus glactar leis mar chomhdhéanamh aislingeach Osréalaíoch déanta i dteilgean pearsanta an ealaíontóra.

Tá íomhánna cripteacha le feiceáil sa phictiúr, lena n-áirítear ceithre eala (grá nó claochlú?), tá dath difriúil ar eala amháin (aonrú?); duilliúr flúirseach (fás nó torthúlacht?); fíor dhaonna báite, in ísle brí agus ag déanamh comharthaí, le lámha ardaithe agus bosa atá le feiceáil ag an mbreathnóir (creideamh nó reiligiún?); éin cosúil leis an storc (saol nua?) ag fánaíocht le taobh an chladaigh; figiúr daonna eile ag iarraidh smacht a choinneáil ar iasc cosúil leis an mbradán (fios feasa?); tírdhreach droimneach i ndathanna mínádúrtha (Fóbhachas); figiúr ag trasnú droichid i dtreo cosáin chasta… cuireadh á thabhairt duit samhlaíocht uathúil an Mháistir Chomhaimseartha Éireannaigh seo a bhlaiseadh.

Rianaigh cúrsa le haghaidh MARY SWANZY: Voyages, a bheidh ar taispeáint go dtí an 3 Meitheamh 2019! Tá an taispeántas seo coimeádta ag Seán Kissane (Áras Nua-Ealaíne na hÉireann).

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 20 Bealtaine 2019

CAG.12 Emma Ciardi, Two’s Company, c.1930, olaphictiúr ar chanbhás, 70.1 x 60 cm. Ceannaithe, An Cumann Mínealaíne, 1935 (Ciste Tiomnachta Gibson).

Tá SAOTHAR NA SEACHTAINE leis na ealaíontóir Veinéiseach Emma Ciardi (1879-1933) á thabhairt ar thuras i bhfad ó bhaile!

Tá sé ráite ag Cristín Leach le déanaí gurb é seo ceann de na saothair ‘is áille’ atá bailithe trínár gCiste Tiomnachta Gibson. Is é Two’s Company (c.1930) teideal an tsaothair, saothar a bhfuil cuma thraidisiúnta air.

Ar an gcéad amharc, tá an chuma ar an scéal gur saothar Rocócó de chuid an 18ú haois atá ann – saothar maoithneach, rómánsach, fánach, uasaicmeach. Éiríonn le Ciardi, áfach, léargas a thabhairt ar an seánra aitheanta fête galante (cóisir chúirtéireachta) – leis na tírdhreacha samhailteacha méithe agus giúmar maoithneach – agus é a nascadh leis an atmaisféar Carnivale a bhíonn le brath ina baile dúchais, an Veinéis, agus leis na teicnící cothrom le dáta a bhaineann lena ré féin. Má chaitear súil níos grinne ar an saothar tabharfar láimhseáil agus úsáid péinte shreabhánach iar-Impriseanaíoch faoi deara, cur chuige a ídíonn an méid ama idir an suíomh stairiúil agus an nóiméad comhaimseartha. Léirigh daoine i Sasana agus i Meiriceá Thuaidh neart spéise ina saothar i rith a saoil.

I mbliana tá comóradh á dhéanamh ar an 140ú bliain ó rugadh Emma Ciardi. Ba le teaghlach ealaíontóirí a bhain sí, ealaíontóirí ba ea a hathair Guglielmo agus a deartháir Beppe, agus taispeánadh saothar dá cuid den chéad uair ag Paris Exposition Universelle in 1900. Ina dhiaidh sin, d'eagraigh sí dhá thaispeántas aonair, in 1910 agus 1913, ag Gailearaithe Leicester i Londain, spás tábhachtach ar reáchtáladh na chéad taispeántais aonair de chuid Pablo Picasso, Henri Matisse agus Camille Pissarro ann. Chomh maith leis sin, thaispeáin sí saothar dá cuid sa Chumann Mínealaíne in 1928 agus 1933 – is ón gCumann sin a cheannaíomar an saothar seo in 1935 – agus i nGailearaí Howard Young i Nua-Eabhrac. Rinneadh ceiliúradh ar a saothar tar éis a báis mar chuid d'iardhearcadh a reáchtáladh sa Phailliún Láir ag Venice Biennale in 1935.

Two’s Company (c.1930) le Emma Ciardi ar taispeáint mar chuid de THIOMNACHT GIBSON 1919-2019: Roghnú, Bailiú & Daonchairdeas.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 13 Bealtaine 2019

CAG.459 Gerda Frömel, Tree Heads, c.1964, dealbh chré-umha le bonn cloiche, 54 x 36 x 13 cm. Ceannaithe, 1976 (Ciste Tiomnachta Gibson / An Chomhairle Ealaíon - Ceannach Comhpháirteach). © eastát an ealaíontóra.

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar théama Sheachtain an Mhúsaeim – Women in Culture – seo chugaibh Tree Heads le Gerda Frömel.

Tá an fhoirm theibí shuaithinseach seo, Tree Heads (c.1964), inár mbailiúchán ón mbliain 1976, tráth ar éirigh linn é a fháil mar chuid de cheannach comhpháirteach leis an gComhairle Ealaíon trínár gCiste Tiomnachta Gibson. Tá fianaise ar phróisis an ealaíontóra le fáil ann de bhrí go bhfuil an fuílleach (‘imchlúdach’) plástair ón teilgean cré-umha fós le feiceáil. Gach seans go ndearnadh é seo sa teilgcheárta i mBaile Átha Cliath a bhunaigh fear céile Frömel agus rinneadh an saothar seo ag cor cinniúnach ina gairm, tráth a raibh sí ag díriú ar shaothair theibí mhóra seachas saothair fhíoracha níos lú.

Ag smaoineamh ar shiúlóidí Domhnaigh i rith a hóige i nGleann Crí – ceann de na háiteanna ab fhearr le Frömel – thug a mac is sine, Wenzel, le fios ‘go mbíodh sí ag féachaint suas ar na crainn agus go ndéarfadh sí an méid seo a leanas, “mothaím ciontach de bhrí nach ndeachaigh mé ag an tseirbhís, ach is séipéal é an fhoraois seo.”’ Seans go bhfuil cuid den chiontacht agus creideamh sin fite fuaite sa saothar dealbhóireachta seo.

Ba in Schönberg (Šumperk), an t-iar-Seicslóvaic, a rugadh Gerda Frömel (1931-1975), an iníon ba shine a bhí ag tuismitheoirí de bhunadh na Gearmáine agus na hOstaire. Bhí ‘an-mheas ag a deirfiúracha uirthi mar gheall ar héachtaí cróga,’ agus mar atá ráite ag Seán Kissane, ‘agus a cumas a hiomaire féin a threabhadh – ach ar bhealach éigin cead [a fháil] óna tuismitheoirí é sin a dhéanamh.’ I ndiaidh di staidéar a dhéanamh ar an dealbhóireacht sa Ghearmáin, phós Frömel Werner Schürmann agus, in 1956, thug siad aghaidh ar Éirinn. Lonnaigh siad gar do Ráth Fearnáin agus bhí cúigear leanaí acu ach, go tragóideach, bádh í féin agus a hiníon dhá bhliain d'aois in dhá thimpiste dhifriúla.

Ealaíontóir duaisbhuaiteach ba ea í agus thaispeáin sí saothar go rialta i rith a gairme iontaí, ach gearr (1957-75). Is é an saothar is cáiliúla dá cuid dealbh mhórscála dar teideal Sails, coimisiún mór le rá do Mhonarcha Carroll i nDún Dealgan a bhí deartha ag Scott Tallon Walker.

Tree Heads (c.1964) le Gerda Frömel á thaispeáint in TIOMNACHT GIBSON 1919-2019: Roghnú, Bailiú & Daonchairdeas.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 7 Bealtaine 2019

CAG.36 Gerald Festus Kelly, Portrait of Sir Hugh Lane, c.1911, olaphictiúr ar chanbhás, 112.3 x 84.4 cm. Ceannaithe, le cúnamh ó Chairde Bailiúchán na hÉireann, 1961 (Ciste Tiomnachta Gibson).

Deis é SAOTHAR NA SEACHTAINE smaoineamh ar Sior Hugh Lane, a cailleadh ar an lá seo sa bhliain 1915 nuair a bhí sé 39 bliain d'aois.

Bhí Lane i measc an 1,198 paisinéir a bhí ar bord an RMS Lusitania a cailleadh i ndiaidh ionsaí U-Bháid. Íoróin thragóideach ba ea go ndeachaigh an long go tóin poill 18km amach ó An Seancheann, Contae Chorcaí, sách gar dá áit bhreithe.

Rugadh Hugh Percy Lane i dTeach an Bhaile Bhric, Dúglas, Contae Chorcaí sa bhliain 1875, ach ba sa Bhreatain a tógadh é ón uair a raibh sé an-óg. Ba é James Lane, ministir de bhunadh Chorcaí, agus Adelaide Persse ó Chreig an Róistigh, Contae na Gaillimhe a mháthair, agus ba í an Bhantiarna Augusta Gregory a aintín. Pearsa thábhachtach i saol ealaíne na hÉireann agus sa saol ealaíne idirnáisiúnta ba ea Lane: margaire agus bailitheoir ealaíne cáiliúil, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus bunaitheoir ghailearaí cathrach Bhaile Átha Cliath (Gailearaí Chathair Bhaile Átha Cliath - Hugh Lane), gailearaí atá bunaithe ar a ainm agus chomh maith leis sin, síltear gurb é seo an chéad ghailearaí poiblí nua-ealaíne ar domhan.

Ba é Sior Gerald Festus Kelly PRA (1879-1972) a rinne an phortráid seo a ceannaíodh in 1961 ó eastát Ruth Shine – deirfiúr agus cosantóir Lane – trí Chiste Tiomnachta Gibson, le cúnamh ó Chairde Bailiúchán Náisiúnta na hÉireann. Tá an saothar seo ar taispeáint in TIOMNACHT GIBSON 1919-2019: Roghnú, Bailiú agus Daonchairdeas.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 29 Aibreán 2019

CAG.2349 Eilis O’Connell, Each Day, 2003, cré-umha, H 235 cm. Ceannaithe, 2007. © an t-ealaíontóir.

Tá SAOTHAR NA SEACHTAINE á thabhairt amuigh faoin aer an tseachtain seo - caith súil ar an dealbh chomhaimseartha álainn seo atá le fáil inár ngairdín!

Tá lorg buan fágtha ag foirm mhistéireach Each Day (2003) le Eilis O’Connell faoi aghaidh fhoirmiúil an ghailearaí. Tá an dealbh chré-umha seo 2.35 méadar ar airde, agus tá an dromchla seachtrach rocach agus tá an dromchla inmheánach mín. Ag leibhéal foirmiúil, tá saothar an ealaíontóra seo bunaithe ar spás srianta nó treáite, agus go minic is ionann saothar an ealaíontóra seo agus freagairt do scála chorp an duine. Tá foirm na deilbhe seo bunaithe ar chlóca mór Gaelach agus, go deimhin, tá sé ráite ag O’Connell gurb ionann a saothar agus síneadh a chur leis an gcorp, sliogán nó sraith bhreise chun spiorad an duine a chosaint.’

Go minic, bíonn fonn ar dhaoine a thugann cuairt ar ár ngairdín (a mbeidh tairiscint amuigh faoin aer Chaifé Ghailearaí Crawford Chorcaí le fáil ann go luath!) seasamh laistigh de chuair bhoga an tsaothair chuimsithigh ach láidir seo.

Is ealaíontóir comhaimseartha í Eilis O’Connell RHA atá ag díriú ar dhealbhóireacht theibí. Ba i nDoire a rugadh í agus chaith sí tamall ag staidéar i Scoil Ealaíne Crawford (Coláiste Ealaíne & Deartha Crawford CIT anois) idir 1970 agus 1974. Ag an tráth sin bhí an scoil lonnaithe inár n-áitreabh ag Plás Emmet tráth a raibh an múinteoir mór le rá, John Burke (1946-2006), ag obair ann.

Ba í O’Connell an t-ealaíontóir Éireannach ab óige a raibh saothar dá cuid ar taispeáint ag Rosc '84, agus faoin tráth sin bhí ionadaíocht déanta aici ar Éirinn ag an Biennale de Paris in 1982 freisin. Ba í stiúrthóir bunaithe na Monarchan Dealbhóireachta Náisiúnta agus is ball de Aosdána í, agus tá cáil bainte amach aici mar gheall ar a coimisiúin phoiblí, lena n-áirítear an dealbh 13.5 méadar atá déanta de chruach agus copar ar a dtugtar Reedpod (2006) atá le fáil amuigh faoin aer i lár chathair Chorcaí.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 23 Aibreán 2019

CAG.335 Henry Jones Thaddeus, Portrait of a Gentleman (M. Holland), 1920, olaphictiúr ar chanbhás, 91.6 x 61.3 cm. Bronnta, an tEalaíontóir.

Inniu Dé Máirt, ach tá sé cosúil le Dé Luain. Lá amháin i ndiaidh Lá an Domhain, ach is fearr go mall ná go brách chomh fada is a bhaineann le SAOTHAR NA SEACHTAINE!

Tá an-mheas againn ar an bportráid cheanúil seo de Chorcaíoch aitheanta – na súile sin! an ghruaig sin agus an croiméal! Ba é an Corcaíoch Henry Jones Thaddeus a tharraing an pictiúr seo sa bhliain 1920, agus tá figiúr cosúil lena mhainicín, leabhar ina lámh ar a bhfuil ‘Michael Holland, His Book’ inscríofa, le feiceáil.

Ealaíontóir, luibheolaí agus staraí ba ea Michael Holland (1855-1950), a raibh saineolas aige freisin ar stair na lásadóireachta in Éirinn. Bhíodh sé ag scríobh don Cork Examiner (an Irish Examiner anois), agus duine de bhunaitheoirí ba ea é, sa bhliain 1891, de Chumann Staire agus Seandálaíochta Chorcaí, cumann a mbíonn cruinnithe acu inár bhfoirgneamh fós sa lá inniu ann! Is ag 8 An Meal Thuaidh, Corcaigh, a bhí cónaí air, áit atá gar do Scoil Eolaíochtaí Bitheolaíocha, Domhaneolaíocha agus Comhshaoil Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, sa lá inniu ann.

Ón uair a raibh deich mbliana slánaithe aige bhí an t-ealaíontóir Henry Jones Thaddeus (1859-1929) i mbun staidéir ag Scoil Ealaíne Chorcaí (Gailearaí Crawford Chorcaí agus Coláiste Ealaíne & Deartha Crawford CIT anois). Le linn a chuid ama ansin rinne sé líníochtaí a bhí bunaithe ar na Teilgin Canova agus bronnadh Duais Taylor air faoi dhó ina dhiaidh sin. Lean sé ar aghaidh lena chuid oideachais ag Académie Julian i bPáras, agus ainmníodh é mar Chomhalta den Chumann Ríoga Geografaíochta. Tagraíonn sé do neart scéalta a bhaineann lena shaol agus lena ghairm ina bheathaisnéis, Recollections of a Court Painter, agus ag deireadh an tsaothair tá a phortráid de Phápa Pius X (1903) le fáil, portráid atá le fáil inár mbailiúchán freisin.

Bain lán do shúl as an bportráid iontach seo de Michael Holland atá le feiceáil taobh lenár Staighre Mór!

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 15 Aibreán 2019

CAG.499 Joseph Wilton, William Pitt the Elder, an t-ochtú haois déag, marmar, H 191 cm, Bronnta, 1905.

Is ar an ochtú haois déag atáimid ag díriú i SAOTHAR NA SEACHTAINE SEO!

Ar an gcéad amharc, b'fhéidir go bhfuil sé beagán aisteach go bhfuil príomh-aire de chuid na Breataine le feiceáil inár mbailiúchán. Tá an t-ádh orainn, áfach, gur tugadh an dealbh seo de William Pitt the Elder dúinn sa bhliain 1905 de bhrí gurb ionann é agus ceann amháin den dá shaothar a rinne an dealbhóir Joseph Wilton in Éirinn.

Ba é William Pitt the Elder (1708-1778) garmhac Katherine FitzGerald (1660-1725) ó Dhrom Eanaigh, Contae Phort Láirge. Ba in Eton, Oxford agus Utrecht a cuireadh oiliúint air, agus ba san arm a chuir sé tús lena ghairm sular dhírigh sé ar an bpolaitíocht mar Fhuig Tírghrách. In 1744, fuair sé oidhreacht luach £10,000 ó Sarah Churchill, Baindiúc Dowager Marlborough, bean a raibh gean ag an mBanríon Anne uirthi tráth dá raibh. Ainneoin a leithéid sin de thacaíocht, chaith Pitt formhór a shaoil mar pholaiteoir ar thaobh an fhreasúra.

Chaith sé tréimhsí, áfach, ag obair mar Leas-Chisteoir na hÉireann (1746), Pámhaistir Ginearálta (1746-55), Ceannaire Theach na dTeachtaí i rith Chogadh na Seacht mBliana (1756-63), agus tréimhse ghairid mar Phríomh-Aire na Breataine Móire (1766-68). Chomh maith leis sin, chaith a mhac, William Pitt the Younger, seal mar Phríomh-Aire. Tá cathair Pittsburgh sna Stáit Aontaithe ainmnithe ina dhiaidh.

Bhí Joseph Wilton (1722-1803) i measc duine de bhunaitheoirí an Acadaimh Ríoga agus ceapadh é mar dhealbhóir oifigiúil Rí Seoirse III. Tá an dealbh phortráide seo ar taispeáint inár nGailearaithe Dealbh, agus is é an t-aon saothar eile dá chuid in Éirinn MásailéamDhartraí (Leacht Cuimhneacháin Dawson) i gContae Mhuineacháin.

As Bearla

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 8 Aibreán 2019

CAG.233 Pablo Picasso, Le Vieux Roi (The Old King), 1963, prionta gearradh líonóile dí-ocsaídithe sínithe agus uimhrithe (136/160) ar pháipéar Arches, 64 x 52.6 cm. Ceannaithe, 1981. © Eastát of Pablo Picasso.

Is ceiliúradh ar Pablo Picasso é SAOTHAR NA SEACHTAINE seo, fathach dochloíte ealaín an fhichiú haois, a cailleadh ar an lá seo sa bhliain 1973 tráth a raibh 91 bliain d'aois slánaithe aige.

Is ceann amháin de dhá phrionta sínithe ag Pablo Picasso (1881-1973) atá againn inár mbailiúchán é Le Vieux Roi (The Old King). Ba sa bhliain 1963 a péinteáladh an pictiúr seo ina bhfuil rí le feiceáil, rí ar nós leis rudaí seafóideacha a dhéanamh ó thosaigh sé ag dul in aois. Is ag teacht leis an léiriú sin atá an stíl shoineanta atá in úsáid ag an ealaíontóir, stíl atá tugtha chun beochta aige trí úsáid a bhaint as cruthanna simplí, mírialta agus dathanna geala, forluiteacha.

Mar a dúirt Picasso tráth, ‘Is ealaíontóir é gach leanbh’. Is é an t-aon fhadhb atá ag an leanbh bealach a aimsiú chun leanúint ar aghaidh leis an ealaín nuair a fhásann sé aníos.’ Bhain Picasso cáil amach dó féin mar gheall ar a thréimhsí Gorma, Róis agus Ciúbaíocha, ach is fianaise iad na tréimhsí a chaith sé ag díriú ar na féidearthachtaí a bhain le priontaíocht liteagraif agus gearradh líonóile i saothair mar seo go raibh scrúdú leanúnach á dhéanamh aige ar a chruthaitheacht féin.

Tá an saothar seo á thaispeáint taobh le Lear and Cordelia le Daniel Maclise agus Stunts le Gerard Dillon, mar chuid de HEROES & VILLAINS go dtí an 14 Aibreán 2019.

As Bearla

Skip to content