Féile na Bealtaine

Bealtaine 2026

Is féile náisiúnta na hÉireann í Féile na Bealtaine a cheiliúrann na healaíona agus an dul in aois faoi stiúir Age & Opportunity.

Tá áthas ar Ghailearaí Ealaíne Crawford páirt a ghlacadh i gceardlanna cruthaitheacha atá dírithe ar dhaoine a bhfuil caillteanas cuimhne orthu. Cuirfear ar siúl iad in Ospidéal Naomh Fionnbharra, Ionad Lae Bessboro, Corcaigh agus Ionad McAuley i Mainistir na Corann i gcomhpháirtíocht le Cumann Alzheimer na hÉireann. Féach ar https://bealtaine.ie/events-2/?_sft_event_type=workshop&_sft_event_county=cork

Is clár ealaíne de chuid an ghailearaí é ‘Lonradh’ atá dírithe ar dhaoine aosta atá ag fulaingt le cailliúint a gcuimhne, anuas ar a bheith dírithe ar a dteaghlaigh agus a gcúramóirí.

Is focal Gaeilge é ‘Lonradh’, a chiallaíonn soilsiú (fuaimnítear é mar Lun-rah).

Cuireann an clár seo seisiúin ealaíne atá séimh agus réchúiseach ar fáil faoi stiúir na nÉascaitheoirí Ealaíne Gillian Cussen agus Inge Van Doorslaer.

Díríonn Gillian agus Inge ar thaithí an duine a roinnt san am i láthair.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi chlár Lonradh ag an ngailearaí, féach ar https://crawfordartgallery.ie/lonradh/

Teagmháil don chlár Lonradh:
Emma 021 427 3697
emmaklemencic@crawfordartgallery.ie

Bealtaine logo
Altzheimers Society of Ireland logo

Féile na Bealtaine: Ciall agus Brí a Baint as Ár Saol 

Bealtaine 2026

I rith mhí na Bealtaine, cuirfidh an Micrea-Ghailearaí ag 46 Sráid an Chapaill Bhuí béim ar shaol cruthaitheach ealaíontóirí atá scothaosta agus ealaíontóirí atá faoi mhíchumas.

Is féidir le daoine a théann thart an ghailearaí rogha d’obair ealaíne nua a fheiceáil gach seachtain ó bhaill Stiúideonna Tacaíochta Crawford – agus í le feiceáil ón tsráid – mar chuid de Fhéile na Bealtaine, féile náisiúnta na hÉireann a cheiliúrann na healaíona agus an dul in aois.

Labhraítear sna saothair seo mar aonad i dtaobh brí agus na cruthaitheachta ar feadh an tsaoil – saothair ina ndearbhaítear nach mbíonn an ealaíon á meas de réir aoise ná cumais, ach de réir léirithe, tiomantais, agus an tsaoirse atá ar fáil a bheith feiceálach sa tsochaí. 

Nasc chuig suíomh gréasáin Stiúideonna Tacaíochta Crawford.

Bealtaine logo
Cork City Council logo
MTU logo

Stair agus Cultúr na Mara i gCorcaigh a Léirmhíniú trasna Dhá Bhailiúchán

Músaem Poiblí Chorcaí (T12V0AA)

Dé hAoine, 5 Meitheamh 1i.n

Faoi scáth Fhéile Chuan Chorcaí, cuireann sé an-áthas orainn imeacht comhoibríoch speisialta a fhógairt idir Gailearaí Ealaíne Crawford agus Iarsmalann Phoiblí Chorcaí a dhéanfaidh cíoradh ar théamaí mara sa dá bhailiúchán sin.

Bígí linn chun dreas comhrá a dhéanamh faoi roinnt saothar ealaíne agus earraí a roghnaíodh chun an stair shaibhir a bhaineann le cúrsaí mara i gCorcaigh a phlé.

Is in Iarsmalann Phoiblí Chorcaí a bheidh an t-imeacht seo ar siúl agus mairfidh sé idir 45 agus 60 nóiméad.

Oscailte do chách.

Cork Harbour Festival 2026
Cork Public Museum logo