Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 2026: Nósanna agus Traidisiúin

Sean-Nósanna agus Sean-Traidisiúin Chorcaí: Léargais ó Bhailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford

Dé Sathairn an 15 Lúnasa, 4pm
Leabharlann Chathair Chorcaí
(T12V0AA)

Saor in Aisce/Fáilte roimh Chách/Ní gá áirithint a dhéanamh

Bí linn nuair a thabharfaidh an Angela Byrne, léachtóir ó Roinn Béaloidis & Eitneolaíochta Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, caint speisialta don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta. Breathnóidh Aoife ar shean-nósanna agus ar shean-traidisiúin Chorcaí mar a fheictear iad i saothar faoi leith ónár mBailiúchán. Reáchtálfar an t-imeacht seo i Leabharlann Chathair Chorcaí. Ní ghearrfar aon táille agus ní gá áirithint a dhéanamh.

Cork Public Museum logo
Cork City Library Logo
National Heritage week logo

     

Caomhnú Beo: Bailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford á Thaifead

Dé Máirt 18 Lúnasa, 12.30pm
Leabharlann Chathair Chorcaí

Nocht na rúin taobh thiar de na saothair ealaíne...

Le linn Sheachtain na hOidhreachta, tabharfaidh an Dr Chiara Chillè, Caomhnóir, agus an Dr Micheal Waldron, Coimeádaí na mBailiúchán agus na dTionscadal Speisialta, ó Ghailearaí Ealaíne Crawford léargas ‘cúil stáitse’ ar an taighde, ar an teicneolaíocht agus ar an saineolas a bhaineann le haire a thabhairt do Bhailiúchán Náisiúnta na hÉireann agus í a thuiscint.

Mar tá níos mó i gceist le haire a thabhairt do bhailiúchán ná earraí a choinneáil slán - caithfear a scéalta a chosaint do na glúnta atá le teacht chomh maith.

Imeacht saor in aisce, ach is gá áirithint a dhéanamh. Cuir d’áit in áirithe inniu.

Faigheann an obair seo tacaíocht fhlaithiúil ón gComhairle Oidhreachta faoin gCiste um Maoirseacht Oidhreachta 2026.

Tá an t-imeacht seo mar chuid de shraith imeachtaí atá á heagrú ag Gailearaí Ealaíne Crawford do Sheachtain na hOidhreachta. Brúigh anseo chun an clár iomlán a fheiceáil.

Heritage week logos

Caomhnú Beo: Bailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford á Thaifead (Ar líne)

Dé Céadaoin 19 Lúnasa, 12.30pm
Ar líne via Zoom

Nocht na rúin taobh thiar de na saothair ealaíne...

Murar féidir leat freastal ar an imeacht beo do Sheachtain na hOidhreachta, is féidir freastal ar imeacht ar líne nuair a thabharfaidh an Dr Chiara Chillè, Caomhnóir, agus an Dr Micheal Waldron, Coimeádaí na mBailiúchán agus na dTionscadal Speisialta, ó Ghailearaí Ealaíne Crawford léargas ‘cúil stáitse’ ar an taighde, ar an teicneolaíocht agus ar an saineolas a bhaineann le haire a thabhairt do Bhailiúchán Náisiúnta na hÉireann agus í a thuiscint.

Mar tá níos mó i gceist le haire a thabhairt do bhailiúchán ná earraí a choinneáil slán - caithfear a scéalta a chosaint do na glúnta atá le teacht chomh maith.

Imeacht saor in aisce, ach is gá áirithint a dhéanamh.

Faigheann an obair seo tacaíocht fhlaithiúil ón gComhairle Oidhreachta faoin gCiste um Maoirseacht Oidhreachta 2026.

Tá an t-imeacht seo mar chuid de shraith imeachtaí atá á heagrú ag Gailearaí Ealaíne Crawford do Sheachtain na hOidhreachta. Brúigh anseo chun an clár iomlán a fheiceáil.

Heritage week logos

Nósanna an Fhómhair: Ceardlann Ceardaíochta Lúnasa

Dé Sathairn an 22 Lúnasa, 12pm
Leabharlann Chathair Chorcaí
(T12V0AA)

Saor in aisce/Is gá áit a chur in áirithe

Don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta i mbliana, déan ceiliúradh ar mhí Lúnasa leis an ealaíontóir Seiko Hayase trí fhleasc speisialta fómhair a chruthú, ag tarraingt ar thraidisiúin na hÉireann agus na Seapáine. Mar chuid den cheardlann, úsáidfear snaidhm Nanohana Musubi - siombail de naisc láidre - chun fleasc a chruthú bunaithe ar snaidhmeanna traidisiúnta fómhair na hÉireann, agus teicnící nua a fhoghlaim chun do chuid fleasc Mizuhiki féin a dhéanamh amach anseo. Tá an cheardlann seo saor in aisce le freastal air, ach ní mór é a chur in áirithe roimh ré. Cuirfear gach ábhar ar fáil.  Beifear ag glacadh le háirithintí go luath.

Curtha in áirithe

Cork Public Museum logo
Cork City Library Logo
National Heritage week logo

     

I gcomhrá le: An tEalaíontóir Thaís Muniz agus an Dr Eve Olney

Déardaoin, an 27 Lúnasa, 1 i.n.
Ionad Ealaíon Triskel, Sráid an Tóibínigh

I gcomhpháirtíocht leis an Ionad Ealaíon Triskel, cuireann Gailearaí Crawford Artists Film International 2026 (AFI) i láthair faoin téama A Kind of Power. Mar chuid de AFI’26, is mór an t-aoibhneas dúinn go mbeidh ealaíontóir roghnaithe Ghailearaí Crawford Thaís Muniz i mbun comhrá leis an Dr Eve Olney chun a scannán, The Kite Ballet, a phlé

Is imeacht saor in aisce é seo agus ní gá áit a chur in áirithe mar sin.

Cliceáil anseo le haghaidh breis eolais ar AFI’26

Maidir le Thaís Muniz 
Cuimsíonn cleachtas Thaís Muniz a lán réimsí chun cíoradh a dhéanamh ar na réimsí ina dtéann féiniúlachtaí dúchais agus sealbhaithe trasna ar a chéile, cuimhne, trasdul agus grá inmheánach mar mhodheolaíocht chun aire radacach a thabhairt. 
 
Agus í ag tarraingt ar phlé criticiúil a dhéanann sí le tíreolaíocht chultúir na n-áiteanna trína dtaistealaíonn sí, is ar phobail atá saothar Muniz dírithe agus is trí phróisis foghlama i dteannta a chéile amhail ceardlanna, léirithe, suiteáin agus scannáin a spíontar amach é. Cuimsíonn a saothar grianghrafadóireacht, ócáidí ceiliúrtha, dealbha agus gníomhachtuithe freisin agus fitear cuimhneacháin agus siombalachas isteach iontu. Áitíonn Muniz gur féidir réaltachtaí a athshamhlú ach diúltú nó aislingeacht a dhéanamh nó draíocht phearsanta a úsáid ar bhealach a thugann a ndúshlán do chórais chanónta chreidimh agus léirithe. 
 
Tá Máistreacht aici san Ealaín agus sa Chomhar Taighde ón Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta, Baile Átha Cliath. Taispeánadh saothair léi in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, i nGailearaí Acadamh Ibeirneach Ríoga na nEalaíon, sa Ghailearaí Luan, in Ionad Ealaíon Sirius (Éire); sa Mhúsaem Fowler (Los Angeles); i Músaem na hEalaíne Comhaimseartha in Bahia (Salvador); agus in A Gentil Carioca (Rio de Janeiro). 

An tEalaíontóir Thaís Muniz agus an Dr Eve Olney 
Is taighdeoir, sainchomhairleoir agus meantóir i gcleachtais inbhuanaithe chruthaitheacha chomhoibríocha í an Dr Eve Olney. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Iontaobhas Talún Phobal Chorcaí (cclt.ie) agus d’úsáid sí straitéisí cothaithe pobail chun teoiricí sóisialta foghlama a fhorbairt. Tá Olney cláraithe i bpost taighde Iardhochtúireachta faoi láthair sa Roinn Ailtireachta, OTM, dar teideal Designing for Difference: Radical Pedagogies in third-level Design/Architecture. 

Triskel logo

Oíche Chultúir 2026 | Spás imeartha Teilgin

Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair, 4:30–6in
Áras um Iontaobhas Cathartha,
50 Cé Pope, An Seandún, Corcaigh, T23 R6XC

Tá ríméad orainn obair i gcomhar leis an Áras um Iontaobhas Cathartha chun spás súgradh teilgin a óstáil d’Oíche Chultúir!

Bí i dteannta Roan, Ben agus Danielle chun imeartas a dhéanamh le dathanna agus rudaí a tharraingt le solas ach osteilgeoirí ón seansaol a úsáid chun d’íomhánna a theilgean.

Timpeallacht a chuireann riachtanais na gcéadfaí san áireamh

Rannpháirtíocht gan strus / oiriúnach do theaghlaigh / idir óg agus aosta 

Saor in Aisce | Fáilte roimh Chách | Ní gá áirithint a dhéanamh

Culture night logo

Taiscéalaíocht san Eoraip!

Dé Sathairn,17 Dheireadh Fómhair
3–5 bliana d’aois, 12 meán lae–1in 
6–10 mbliana d’aois, 2in–3in
Go pearsanta

Leabharlann Chathair Chorcaí
61 Sráid an Chapaill Bhuí, Corcaigh, T12 NT99

Bí linn le dul i mbun taiscéalaíochta ar fud na hEorpa! Tá ríméad orainn a bheith ag obair i gcomhar le Leabharlann Chathair Chorcaí chun dhá cheardlann a reáchtáil do thaiscéalaithe óga. Tabharfar cuireadh do leanaí féachaint ar shaothair faoi leith ónár mbailiúchán, agus ar roinnt leabhar ón leabharlann, eachtraí spreagúla a shamhlú agus a radharc maisithe [C11] féin, ‘Taiscéalaíocht san Eoraip’ a chruthú trí mheán na scéalaíochta agus na healaíne.

Tá an t-imeacht seo saor in aisce ach is gá áirithintí a dhéanamh. Ní mór do leanaí a bheith in éineacht le duine fásta.

Beifear ag glacadh le háirithintí go luath. 

Cork City Library Logo