IMMA | Camille Souter agus Alberta Whittle

6 Márta – 13 Meán Fómhair 2026
Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Baile Átha Cliath

Tá ríméad ar Ghailearaí Ealaíne Crawford trí phictiúr le Camille Souter (1929-2023) a thabhairt ar iasacht ón mbailiúchán Fisherwoman, Fisherwoman do thaispeántas nua in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA).

Tugann an taispeántas seo dhá chleachtas ealaíne ar leith le chéile - cleachtas de chuid an phéintéara Camille Souter (1929-2023) agus an ealaíontóra Alberta Whittle (b.1980) – cleachtais a théann de shíor in aghaidh an tsnáithe trína scrúdaítear práinní na beatha agus an bháis, na frithbheartaíochta agus na hathnuachana.

Ag clúdach tréimhse 70 bliain thar dhá ghlúin, tá réimse leathan saothar sa taispeántas téamach seo lena n-áirítear an phéintéireacht, an cholláis agus uiscedhathanna, scannán tumthach, suiteálacha dealbhóireachta agus léiriú beo. Is éard atá ar fáil anseo i gceann de na taispeántais is mó de shaothar Souter go dtí seo ná: saothair ar pháipéar ó na 1950idí chomh maith le ceann dá pictiúir dheireanacha, anuas ar ábhair chartlainne agus sceitsí nach bhfacthas roimhe seo ón ealaíontóir Éireannach seo a rugadh sa Bhreatain. Tá go leor de shaothair shuiteála Whittle athshamhlaithe agus athdhéanta go speisialta ag an ealaíontóir do ghailearaithe de chuid IMMA, agus is é seo an chéad taispeántas de chleachtas an ealaíontóra Bharbadaigh-Albanaigh in Éirinn.

San áit a dtagann Souter agus Whittle le chéile i Fisherwoman, Fisherwoman, feicimid gnéithe i gcoitinne eatarthu maidir le himní éiceolaíoch agus daonnúil. Tugann na healaíontóirí aird ar shaincheisteanna práinneacha lena n-áirítear: eastóscadh agus úsáid talún, geolaíocht agus aeráid, tionsclaíocht agus saothar, gluaiseacht agus imirce. Cruthaíonn gach duine acu saothar óna dtaithí phearsanta agus áitiúil féin, ach tá saothar leo múnlaithe ag feasacht dhomhanda gan iomrall.

Ba mhaith le Gailearaí Ealaíne Crawford buíochas agus comhghairdeas a ghabháil le Alberta Whittle, Annie Fletcher (Stiúrthóir), Rachael Gilbourne (Coimeádaí), agus foireann IMMA.

Saothar ealaíne atá le feiceáil ann:

Camille Souter, Winter Evening, Calary, 1964.

Camille Souter, Achill, 1960.

Camille Souter, Pelting Rain Near Ashford, County Wicklow, 1966.

HIGHLANES GALLERY | To Land

TO LAND: Living Roots Awaken
23 Bealtaine – 9 Lúnasa 2026
Gailearaí Highlanes, Droichead Átha, Contae Lú

Tá ríméad ar Ghailearaí Ealaíne Crawford agus ar Ghailearaí Highlanes comhpháirtíocht straitéiseach nua camchuairte a chur chun cinn, To Land: Living Roots Awaken, i gcomhar le Artist-Teacher-Researcher Curatorial Group.

Trína bheith ag tarraingt ar bhailiúchán saibhir saothar ealaíne comhaimseartha Ghailearaí Ealaíne Crawford, déantar iniúchadh sa taispeántas seo ar an gcaoi a múnlaítear féiniúlacht ag ag an gcaidreamh atá againn leis an talamh, stair agus cuimhne. Is oileán sinn atá múnlaithe de bharr an bhriste agus na hathnuachana, fréamhaithe i gcultúr ársa ach atá ag athfhoirmiú i gcónaí i ndiaidh na coilíneachta. Léiríonn an taispeántas buanseasmhacht na staire sa lá atá inniu ann, agus pléitear saothar ealaíne roghnaithe le téamaí díláithrithe agus an fonn atá orainn fréamhacha a chur síos go ciúin.

Trí phéintéireacht, priontáil, teicstíl, líníocht, criadóireacht agus dealbhóireacht a thabhairt le chéile, breathnaítear sa taispeántas seo ar an nasc atá againn leis an dúlra agus ceistíonn sé an bhaint atá againn leis an domhan mórthimpeall orainn.

Feictear inTo Land: Living Roots Awaken saothair ealaíne ó bhailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford leis na healaíontóirí seo a leanas: Karen Conway, Barrie Cooke, Dorothy Cross, Stephen Doyle, Anthony Haughey, Katie Holten, John Keating, Fiona Kelly, Anne Kiely agus Mary Palmer, Elizabeth Magill, Alice Maher, Frieda Meaney, Nuala O’Donovan, agus John Rainey. Tá saothar ealaíontóirí ar tugadh cuireadh dóibh le feiceáil sa taispeántas chomh maith: Dorota Borowa, Tom Climent, James Hayes, agus Ciara O’Connor.

Is iad baill an Ghrúpa Coimeádaithe Ealaíontóir-Múinteoir-Taighdeoir (ATR) ná: Eileen Brennan, Kieran Gallagher, Bairbre Geraghty, Veronica Lavin, Roisin O’Sullivan, agus Ciaran Power.

OsclófarTo Land: Living Roots Awaken ag a 3.00 ar an Satharn 23 Bealtaine 2026. Tá cead isteach saor in aisce agus beidh clár cainteanna, turas agus ceardlanna mar chuid den taispeántas. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.highlanes.ie.

Ba mhaith le Gailearaí Ealaíne Crawford buíochas a ghabháil leArtist-Teacher-Researcher Curatorial Group, Aoife Ruane, Stephen Hodgins, Simon Colfer, agus foireann Ghailearaí Highlanes.

Saothair ealaíne sa taispeántas:

HIGHLANES GALLERY | Ceiliúradh

CEILIÚRADH: Treasures of the Boyne Valley
8 Bealtaine – 2 Lúnasa 2026
Gailearaí Highlanes, Droichead Átha, Contae Lú

Tá áthas ar Ghailearaí Ealaíne Crawford pictiúr ón ealaíontóir Nathaniel Hill (1861-1930), a rugadh i nDroichead Átha, a thabhairt ar iasacht do Ghailearaí Highlanes le haghaidh Ceiliúradh: Treasures of the Boyne Valley.

Agus iad ag ceiliúradh fiche bliain de Ghailearaí Highlanes, áit a bhfuil Bailiúchán Ealaíne Bardasach Dhroichead Átha le feiceáil, tá an taispeántas seo spreagtha ag Gleann na Bóinne agus tarraingíonn sé aird ar an timpeallacht thógtha, ar shaol na tuaithe, ar shaibhreas an nádúir, agus ar smaointe maidir le hathrú aeráide/gníomhaíocht agus inbhuanaitheacht.

Phéinteáil Nathaniel Hill Goose Girl in a Breton Farmyard (1884) le linn tréimhse a chaith an t-ealaíontóir sa Bhriotáin in éineacht le comh-Éireannaigh, Roderic O’Conor (1860-1940) agus Walter Osborne (1859-1903), i ndiaidh dóibh staidéar a dhéanamh in Antuairp. Mar is dual dá stíl Réalaíoch, léiríonn Hill clós La Ferme de Keranperchec ag ​​Pont-Aven sa chanbhás beag seo trí radharc tuathánach a chur i láthair, rud a bhí ina ábhar coitianta ag an am sin.

Ba mhaith le Gailearaí Ealaíne Crawford buíochas a ghabháilleAoife Ruane, Stephen Hodgins, Simon Colfer, agus foireann Ghailearaí Highlanes.

Tionóltar an taispeántas ag an am céanna le To Land: Living Roots Awaken (23 Bealtaine – 9 Lúnasa 2026), comhpháirtíocht straitéiseach camchuairte idir Gailearaí Ealaíne Crawford agus Gailearaí Highlanes, i gcomhar leis an nGrúpa Coimeádaíochta Ealaíontóirí-Múinteoirí-Taighdeoirí.

Saothar ealaíne sa taispeántas:

CONSTELLATIONS: Selected Work from Crawford Art Gallery

14 Feabhra – 2 Bealtaine 2026
Gailearaí F.E. McWilliam, Droichead na Banna, Co. an Dúin 

Fógraíonn Gailearaí Ealaíne Crawford agus Gailearaí F.E. McWilliam comhfhiontar spreagúil maidir le taispeántas nua d'ealaín chomhaimseartha na hÉireann.

Tugann Constellations: Selected Work from Crawford Art Gallery saothair ealaíne ó Bhailiúchán Crawford chuig Gailearaí F.E. McWilliam i dTuaisceart Éireann. 

Agus saothar 14 ealaíontóir atá lonnaithe ar oileán na hÉireann le feiceáil ann, leagann Constellations béim ar dhoimhneacht agus ar shaibhreas shealúchais chomhaimseartha Ghailearaí Ealaíne Crawford laistigh de Bhailiúchán Náisiúnta na hÉireann.

Tá Gailearaí F.E. McWilliam ar oscailt ó Luan go Satharn gach seachtain, agus tá cead isteach saor in aisce.