Mar ghrúpa tacaíochta do Ghailearaí Ealaíne Crawford, tá sé mar aidhm ag Cairde feasacht an Ghailearaí, a mbailiúcháin agus a thaispeántais a chur chun cinn agus spéis a chothú i ngach gné d’ealaíon, cultúr agus oidhreacht.
Faigheann Gailearaí Ealaíne Crawford cúnamh maoinithe ó Chairde Ghailearaí Ealaíne Crawford, eagraíocht tacaíochta neamhspleách, bunaithe i mí na Bealtaine 1989.
Bí mar chuid de chlár ballraíochta Chairde Ghailearaí Ealaíne Crawford: is bealach spraíúil, sóisialta, cruthaitheach agus oideachasúil le páirt a ghlacadh i dtaispeántais agus in imeachtaí ag an nGailearaí! Cuirtear fáilte roimh bhaill páirt a ghlacadh i gclár imeachtaí lena n-áirítear cainteanna, réamhléirithe taispeántais, agus turais phríobháideacha.
DÉAN TEAGMHÁIL LINN
Uaireanta Oifige: Dé Céadaoin agus Dé hAoine 10.00 am agus 14.00 pm.
Seoladh: Oifig na gCairde, Gailearaí Ealaíne Crawford, Plás Emmett, Corcaigh,
Éire, T12 TNE6
Teil: +353 (0) 21 490 7864
Ríomhphost: friends@crawfordartgallery.ie
Roghanna Ballraíochta:
Bíonn ballraíocht i bhfeidhm ón dáta a íoctar an síntiús agus is féidir é a athnuachan go bliantúil.
Duine Aonair A: 12 Mí
€60 le comhfhreagras gan Pháipéar / Ríomhphost amháin
Duine Aonair B: 12 Mí
€65 le comhfhreagras le Páipéar agus ar ríomhphost
Lánúineacha A: 12 Mí
€90 le comhfhreagras gan Pháipéar / Ríomhphost amháin
Lánúineacha B: 12 Mí
€95 le comhfhreagras le Páipéar agus ar ríomhphost
Ballraíocht Saoil
Táill ar Shíntiús Bliantúil x 10
Ballraíocht mar Bhronntanas
Tá roghanna ar fáil do gach ócáid e.g. Laethanta breithe, an Nollaig, Lá na Máithreacha, Lá na nAithreacha, agus dul ar scor.
Íoslódáil foirmeacha ballraíochta/athnuachana ó na naisc thíos nó faigh cóip chrua ag an ngailearaí.
Bróisiúr Cara
Sonraí Síntiúis
Foirm Bhuanorduithe
Baill Bhunaidh a nasc linn chun Difríocht a dhéanamh
Dlíodóirí O'Flynn Exhams LLP
KPMG
BAM Ireland
AIB Bank
O’ Flynn Group
GAILEARAÍ EALAÍNE CRAWFORD. Is áit beo bríomhar atá ann i gcroílár Chathair Chorcaí a spreagann agus a chothaíonn rannpháirtíocht shóisialta, smaointeoireacht chriticiúil agus cruthaitheacht níos mó trí na hAmharc-ealaíona.
Is cuid thábhachtach é Gailearaí Ealaíne Crawford de bhonneagar cultúrtha Éirinn a fhaigheann os cionn 265,000 cuairteoir in aghaidh na bliana. Tá clú orainn mar gheall gurb é an t-aon Institiúid Chultúrtha Náisiúnta atá suite go hiomlán lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Ciallaíonn sé más Ball Bunaidh de Ghailearaí Ealaíne Crawford thú go mbeidh rochtain agat agus ag do chuideachta ar Ghailearaí Ealaíne Crawford agus ar ár gcláir 7 lá na seachtaine.
Cuirfidh do thacaíocht do Ghailearaí Ealaíne Crawford ar ár gcumas clár uaillmhianach a fhorbairt agus a chur i láthair de thaispeántais, de thionscadail agus d’imeachtaí bliain ar bhliain, a chinntíonn tionchar níos mó agus rochtain go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Mar aon le buntáistí díreacha, cabhraíonn Baill Bhunaidh Ghailearaí Ealaíne Crawford beogacht chultúrtha Chorcaí, na Mumhan agus na hÉireann a mhéadú, agus cuireann siad le pleananna uaillmhianacha maidir le fás agus idirnáisiúnú.