I gcomhrá le: An tEalaíontóir Thaís Muniz agus an Dr Eve Olney
Déardaoin, an 27 Lúnasa, 1 i.n. Ionad Ealaíon Triskel, Sráid an Tóibínigh
I gcomhpháirtíocht leis an Ionad Ealaíon Triskel, cuireann Gailearaí Crawford Artists Film International 2026 (AFI) i láthair faoin téama A Kind of Power. Mar chuid de AFI’26, is mór an t-aoibhneas dúinn go mbeidh ealaíontóir roghnaithe Ghailearaí Crawford Thaís Muniz i mbun comhrá leis an Dr Eve Olney chun a scannán, The Kite Ballet, a phlé
Is imeacht saor in aisce é seo agus ní gá áit a chur in áirithe mar sin.
Maidir le Thaís Muniz Cuimsíonn cleachtas Thaís Muniz a lán réimsí chun cíoradh a dhéanamh ar na réimsí ina dtéann féiniúlachtaí dúchais agus sealbhaithe trasna ar a chéile, cuimhne, trasdul agus grá inmheánach mar mhodheolaíocht chun aire radacach a thabhairt.
Agus í ag tarraingt ar phlé criticiúil a dhéanann sí le tíreolaíocht chultúir na n-áiteanna trína dtaistealaíonn sí, is ar phobail atá saothar Muniz dírithe agus is trí phróisis foghlama i dteannta a chéile amhail ceardlanna, léirithe, suiteáin agus scannáin a spíontar amach é. Cuimsíonn a saothar grianghrafadóireacht, ócáidí ceiliúrtha, dealbha agus gníomhachtuithe freisin agus fitear cuimhneacháin agus siombalachas isteach iontu. Áitíonn Muniz gur féidir réaltachtaí a athshamhlú ach diúltú nó aislingeacht a dhéanamh nó draíocht phearsanta a úsáid ar bhealach a thugann a ndúshlán do chórais chanónta chreidimh agus léirithe.
Tá Máistreacht aici san Ealaín agus sa Chomhar Taighde ón Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta, Baile Átha Cliath. Taispeánadh saothair léi in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, i nGailearaí Acadamh Ibeirneach Ríoga na nEalaíon, sa Ghailearaí Luan, in Ionad Ealaíon Sirius (Éire); sa Mhúsaem Fowler (Los Angeles); i Músaem na hEalaíne Comhaimseartha in Bahia (Salvador); agus in A Gentil Carioca (Rio de Janeiro).
An tEalaíontóir Thaís Muniz agus an Dr Eve Olney Is taighdeoir, sainchomhairleoir agus meantóir i gcleachtais inbhuanaithe chruthaitheacha chomhoibríocha í an Dr Eve Olney. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Iontaobhas Talún Phobal Chorcaí (cclt.ie) agus d’úsáid sí straitéisí cothaithe pobail chun teoiricí sóisialta foghlama a fhorbairt. Tá Olney cláraithe i bpost taighde Iardhochtúireachta faoi láthair sa Roinn Ailtireachta, OTM, dar teideal Designing for Difference: Radical Pedagogies in third-level Design/Architecture.
Nósanna an Fhómhair: Ceardlann Ceardaíochta Lúnasa
Dé Sathairn an 22 Lúnasa, 12pm Leabharlann Chathair Chorcaí (T12V0AA)
Saor in aisce/Is gá áit a chur in áirithe
Don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta i mbliana, déan ceiliúradh ar mhí Lúnasa leis an ealaíontóir Seiko Hayase trí fhleasc speisialta fómhair a chruthú, ag tarraingt ar thraidisiúin na hÉireann agus na Seapáine. Mar chuid den cheardlann, úsáidfear snaidhm Nanohana Musubi - siombail de naisc láidre - chun fleasc a chruthú bunaithe ar snaidhmeanna traidisiúnta fómhair na hÉireann, agus teicnící nua a fhoghlaim chun do chuid fleasc Mizuhiki féin a dhéanamh amach anseo. Tá an cheardlann seo saor in aisce le freastal air, ach ní mór é a chur in áirithe roimh ré. Cuirfear gach ábhar ar fáil. Beifear ag glacadh le háirithintí go luath.
Díolta amach.
Caomhnú Beo: Bailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford á Thaifead (Ar líne)
Dé Céadaoin 19 Lúnasa, 12.30pm Ar líne via Zoom
Nocht na rúin taobh thiar de na saothair ealaíne...
Murar féidir leat freastal ar an imeacht beo do Sheachtain na hOidhreachta, is féidir freastal ar imeacht ar líne nuair a thabharfaidh an Dr Chiara Chillè, Caomhnóir, agus an Dr Micheal Waldron, Coimeádaí na mBailiúchán agus na dTionscadal Speisialta, ó Ghailearaí Ealaíne Crawford léargas ‘cúil stáitse’ ar an taighde, ar an teicneolaíocht agus ar an saineolas a bhaineann le haire a thabhairt do Bhailiúchán Náisiúnta na hÉireann agus í a thuiscint.
Mar tá níos mó i gceist le haire a thabhairt do bhailiúchán ná earraí a choinneáil slán - caithfear a scéalta a chosaint do na glúnta atá le teacht chomh maith.
Imeacht saor in aisce, ach is gá áirithint a dhéanamh.
Caomhnú Beo: Bailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford á Thaifead
Dé Máirt 18 Lúnasa, 12.30pm Leabharlann Chathair Chorcaí
Nocht na rúin taobh thiar de na saothair ealaíne...
Le linn Sheachtain na hOidhreachta, tabharfaidh an Dr Chiara Chillè, Caomhnóir, agus an Dr Micheal Waldron, Coimeádaí na mBailiúchán agus na dTionscadal Speisialta, ó Ghailearaí Ealaíne Crawford léargas ‘cúil stáitse’ ar an taighde, ar an teicneolaíocht agus ar an saineolas a bhaineann le haire a thabhairt do Bhailiúchán Náisiúnta na hÉireann agus í a thuiscint.
Mar tá níos mó i gceist le haire a thabhairt do bhailiúchán ná earraí a choinneáil slán - caithfear a scéalta a chosaint do na glúnta atá le teacht chomh maith.
Imeacht saor in aisce, ach is gá áirithint a dhéanamh. Cuir d’áit in áirithe inniu.
Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 2026: Nósanna agus Traidisiúin
Sean-Nósanna agus Sean-Traidisiúin Chorcaí: Léargais ó Bhailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford
Dé Sathairn an 15 Lúnasa, 4pm Leabharlann Chathair Chorcaí (T12V0AA)
Saor in Aisce/Fáilte roimh Chách/Ní gá áirithint a dhéanamh
Bí linn nuair a thabharfaidh an Angela Byrne, léachtóir ó Roinn Béaloidis & Eitneolaíochta Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, caint speisialta don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta. Breathnóidh Aoife ar shean-nósanna agus ar shean-traidisiúin Chorcaí mar a fheictear iad i saothar faoi leith ónár mBailiúchán. Reáchtálfar an t-imeacht seo i Leabharlann Chathair Chorcaí. Ní ghearrfar aon táille agus ní gá áirithint a dhéanamh.
Bailiúcháin Aeracha: Startha LADTA+ ag Gailearaí Ealaíne Crawford agus Cartlann LADT Chorcaí
Dé hAoine an 31 Iúil, 1pm Músaem Poiblí Chorcaí (T12V0AA)
Is cúis ríméid dúinn comhimeacht speisialta a fhógairt idir Gailearaí Ealaíne Crawford agus Cartlann LADT Chorcaí i Músaem Poiblí Chorcaí, a bpléifear saothair agus earraí LADTA+ ón dá bhailiúchán ann. Beidh an t-imeacht ar siúl ar feadh thart ar 45 go 60 nóiméad i Músaem Poiblí Chorcaí. Imeacht saor in aisce atá i gceist, ach ní mór áit a chur in áirithe roimh ré.
Agus séasúr an Bhróid faoi lán seoil i mbliana, tá ríméad orainn a bheith ag obair i gcomhar le TENI, le Músaem Poiblí Chorcaí agus le Féile Irisíní Chorcaí.
Bí linn chun stair agus cruthaitheacht na bpobal LADT+ i gCorcaigh a cheiliúradh.
Ní bheidh aon chostas ar na seisiúin réchúiseacha seo, beidh siad faoi stiúir ealaíontóirí agus cuirfear an t-ábhar ar fad ar fáil duit.
Foghlaim faoi na hábhair atá i gCartlann LADT Chorcaí agus faoi shaothair LADTA+ ó Ghailearaí Ealaíne Crawford
Treoir maidir le hirisín aonair agus le comh-irisín a dhéanamh
Fáilte roimh gach aoisghrúpa
Chur áit a chur in áirithe agus tuilleadh eolais / faisnéis maidir le riachtanais rochtana a fháil déan teagmháil le:
Tá sé de sprioc ag Cartlann LADT Chorcaí eolas a bhailiú, a chaomhnú agus a roinnt maidir le stair na bpobal leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach i gCorcaigh. Is í Orla Egan a chruthaigh Cartlann LADT Chorcaí
Osclófar seirbhís na n-áirithintí go luath.
Seen-Unseen 2026
Dé hAoine 12 Meitheamh 14:00 – 16:00 Go pearsanta agus ar líne Gailearaí Highlanes, Droichead Átha, Contae Lú. A92 F7PH
Is tionscadal ealaíne é Seen-Unseen faoi stiúir an ealaíontóra Clare McLaughlin le haghaidh daoine a bhfuil lagú amhairc orthu agus i gcomhar leo.
Tá ríméad orainn comhoibriú le Clare chun cuairt treoraithe a óstáil ar an taispeántas TO LAND: Living Roots Awakenag Gailearaí Highlanes, Droichead Átha, Contae Lú.
Agus leas á bhaint as an mbailiúchán saibhir de shaothair ealaíne chomhaimseartha Ghailearaí Ealaíne Crawford, déantar iniúchadh sa taispeántas ar an gcaoi a múnlaítear féiniúlacht leis an gcaidreamh atá againn leis an talamh, leis an stair agus leis an gcuimhne.Buailfidh an t-ealaíontóir taispeántais Fiona Kelly leis an ngrúpa le haghaidh comhrá ar a suaimhneas faoina saothar ealaíne.
Tá an t-imeacht seo saor in aisce, ach is gá áirithintí a dhéanamh. Is féidir le cuairteoirí a bheith páirteach sa ghrúpa go pearsanta nó ar líne.
Níl gá le haon eolas roimh ré ná taithí ealaíne ar leith.
Chun áit a chur in áirithe déan teagmháil linn ag: claremclaughlinemail@gmail.com nó, seol guthnóta, téacs nó whatsapp chuig 00353863091653
Tá Gailearaí Ealaíne Crawford ag comhoibriú le Clare agus le rannpháirtithe lagamhairc ó 2014 i leith – le raon teagmhálacha ealaíne agus cuairteanna tadhlacha. Déanann obair chomhoibríoch Clare eispéireas haptach nó céadfach na healaíne a fhiosrú.
Ardaígí na seolta agus Cruthaígí: Ceardlanna do Leanaí do Chruinniú na nÓg
Dé Sathairn, 6 Meitheamh 3–5 bliana d’aois, 12 meán lae 6 – 10 mbliana d’aois, 1i.n.–2i.n. Leabharlann Chathair Chorcaí
Tarraingígí aníos an t-ancaire! Le haghaidh Chruinniú na nÓg, táimid ar bís dhá cheardlann do leanaí a óstáil le téama spraíúil muirí i Leabharlann Chathair Chorcaí! Agus é faoi thionchar saothar ealaíne ó bhailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford ina ndéantar iniúchadh ar stair shaibhir Chorcaí agus ar leabhair sa leabharlann ar théamaí comhchosúla, tabharfaidh an seisiún samhlaíoch seo deis do leanaí a longa féin a chruthú agus ábhair athchúrsáilte á n-úsáid acu.
Tá an t-imeacht seo saor in aisce ach is gá áirithintí a dhéanamh. Ní mór do leanaí a bheith in éineacht le duine fásta.
Stair agus Cultúr na Mara i gCorcaigh a Léirmhíniú trasna Dhá Bhailiúchán
Músaem Poiblí Chorcaí (T12V0AA)
Dé hAoine, 5 Meitheamh 1i.n
Faoi scáth Fhéile Chuan Chorcaí, cuireann sé an-áthas orainn imeacht comhoibríoch speisialta a fhógairt idir Gailearaí Ealaíne Crawford agus Iarsmalann Phoiblí Chorcaí a dhéanfaidh cíoradh ar théamaí mara sa dá bhailiúchán sin.
Bígí linn chun dreas comhrá a dhéanamh faoi roinnt saothar ealaíne agus earraí a roghnaíodh chun an stair shaibhir a bhaineann le cúrsaí mara i gCorcaigh a phlé.
Is in Iarsmalann Phoiblí Chorcaí a bheidh an t-imeacht seo ar siúl agus mairfidh sé idir 45 agus 60 nóiméad.
Is féile náisiúnta na hÉireann í Féile na Bealtaine a cheiliúrann na healaíona agus an dul in aois faoi stiúir Age & Opportunity.
Tá áthas ar Ghailearaí Ealaíne Crawford páirt a ghlacadh i gceardlanna cruthaitheacha atá dírithe ar dhaoine a bhfuil caillteanas cuimhne orthu. Cuirfear ar siúl iad in Ospidéal Naomh Fionnbharra, Ionad Lae Bessboro, Corcaigh agus Ionad McAuley i Mainistir na Corann i gcomhpháirtíocht le Cumann Alzheimer na hÉireann. Féach ar https://bealtaine.ie/events-2/?_sft_event_type=workshop&_sft_event_county=cork
Is clár ealaíne de chuid an ghailearaí é ‘Lonradh’ atá dírithe ar dhaoine aosta atá ag fulaingt le cailliúint a gcuimhne, anuas ar a bheith dírithe ar a dteaghlaigh agus a gcúramóirí.
Is focal Gaeilge é ‘Lonradh’, a chiallaíonn soilsiú (fuaimnítear é mar Lun-rah).
Cuireann an clár seo seisiúin ealaíne atá séimh agus réchúiseach ar fáil faoi stiúir na nÉascaitheoirí Ealaíne Gillian Cussen agus Inge Van Doorslaer.
Díríonn Gillian agus Inge ar thaithí an duine a roinnt san am i láthair.
Féile na Bealtaine: Ciall agus Brí a Baint as Ár Saol
Bealtaine 2026
I rith mhí na Bealtaine, cuirfidh an Micrea-Ghailearaí ag 46 Sráid an Chapaill Bhuí béim ar shaol cruthaitheach ealaíontóirí atá scothaosta agus ealaíontóirí atá faoi mhíchumas.
Is féidir le daoine a théann thart an ghailearaí rogha d’obair ealaíne nua a fheiceáil gach seachtain ó bhaill Stiúideonna Tacaíochta Crawford – agus í le feiceáil ón tsráid – mar chuid de Fhéile na Bealtaine, féile náisiúnta na hÉireann a cheiliúrann na healaíona agus an dul in aois.
Labhraítear sna saothair seo mar aonad i dtaobh brí agus na cruthaitheachta ar feadh an tsaoil – saothair ina ndearbhaítear nach mbíonn an ealaíon á meas de réir aoise ná cumais, ach de réir léirithe, tiomantais, agus an tsaoirse atá ar fáil a bheith feiceálach sa tsochaí.
Is ealaíontóir faoi mhíchumas í Nicola Moran ó Oirthear Chorcaí agus is ball í de Stiúideonna Tacaíochta Crawford. Féach ar líníochtaí Nicola atá priontáilte ar mhálaí fabraice athúsáidte mar chuid de Ghailearaí MAF ag Bitesize, Peach Vintage & Zumi. Tarraingíonn Nicola carachtar ar leith le peann; déanann sé seo patrún a chur ar fáil ar a cuid leabhar nótaí agus éagsúlalachtaí spraíúla de chruth agus dathanna mar chuid díbh https://midletonartsfestival.com/
Lá Líníochta 2026: Ceardlann Líníochta do Dhaoine Fásta
Pailliún an Ardmhéara, Páirc Mhic Gearailt Dé Sathairn, an 16 Bealtaine Grúpa a hAon: 10:00–11:00 Grúpa a Dó: 11:15–12:15
Bí i gcuideachta an ealaíontóra Avril O’Brien le haghaidh ceardlann speisialta don Lá Líníochta Náisiúnta i bPáirc Mhic Gearailt i gcomhar le Sample-Studios!
Beidh an cheardlann ar siúl inGailearaí Sample- Studios ag Pailliún an Ardmhéara agus iad ag óstáil House of Memory, taispeántas aonair le Basil Al-Rawi, faighteoir Dhamhachtain
Comhaltachta Taistil Gibson. Le linn an tseisiúin, breathnóidh na rannpháirtithe ar shaothair a rinne buaiteoirí Scoláireacht Tiomnachta Gibson roimhe seo agus cruthoidh siad a bhfreagrai liníochta féin.
Tabharfaidh Avril treoir do rannpháirtithe faoi theicnící chun breathnú ar shaothair ealaíne agus freagairt dóibh trí líníocht, agus béim á leagan ar shúil ghéar agus ar thurgnamhaíocht.
Agus é ar oscailt do dhaoine fásta óga agus do dhaoine fásta de gach leibhéal, tá an cheardlann réchúiseach seo oiriúnach do dhuine ar bith a bhfuil suim acu i líníocht, bíodh taithí acu nó dóibh siúd atá go díreach fiosrach chun rud éigin nua a thriail. Tá an t-imeacht seo saor in aisce, ach tá na spásanna teoranta, agus is gá áirithintí a dhéanamh roimh ré. Cuirfear gach ábhar ar fáil. Chun eolas a fháil faoinár n-imeacht Lá Líníochta do rannpháirtithe níos óige, féach ar ár suíomh gréasáin.
Chun níos mó a léamh faoi Scoláireacht Tiomnachta Gibson, féach anseo.
Lá Líníochta 2026: Ceardlanna Líoníochta Ábhair Neamhbheo do Leanaí
Músaem Poiblí Chorcaí 10:30–11:30 do leanaí idir 3–5 bliana d’aois 12:00–13:00 do leanaí idir 6–10 mbliana d’aois
I mbliana don Lá Náisiúnta Líníochta, tá Gailearaí Ealaíne Crawford agus Músaem Poiblí Chorcaí ag obair i gcomhar le chéile chun ceardlanna a thairiscint do leanaí idir 3-5 bliana d'aois agus idir 6-10 mbliana d'aois.
Bí i gcuideachta an ealaíontóra Queenie O’Sullivan agus saothair ón dá bhailiúchán á bhfiosrú againn. Cruthóidh na páistí líonaíocht neamh bheo iad féin, arna spreagadh ag saothair ealaíne agus ábhair le téamaí bia.
Ní mór do leanaí a bheith in éineacht le duine fásta le linn na ceardlainne. Cuirfear gach ábhar ar fáil.
Beidh an t-imeacht saor in aisce ach caithfear áit a chur in áirithe. Caithfidh duine fásta a bheith in éineacht le gach páiste.
Mar chuid d’Fhéile Foghlama ar Feadh an tSaoil Chorcaí beidh an deis ann Bualadh le hEalaíontóirí Stiúideonna Tacaíochta Crawford.
Buail leis an ealaíontóir Rosaleen Moore, a thabharfaidh breac-chuntas ar a cur chuige pailise cuimhne i leith na líníochta, chun cuireadh a thabhairt do rannpháirtithe áit speisialta a tharraingt ó chuimhne nó ó ghrianghraf.
Is tionscadal comhoibríoch é Stiúideonna Tacaíochta Crawford atá á bhunú ag Coláiste Ealaíne & Dearaidh MTU Crawford agus Gailearaí Ealaíne Crawford, le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Chorcaí.
Manage Cookie Consent
To provide the best experiences, we use technologies like cookies to store and/or access device information. Consenting to these technologies will allow us to process data such as browsing behaviour or unique IDs on this site. Not consenting or withdrawing consent may adversely affect certain features and functions.
Functional
Always active
The technical storage or access is strictly necessary for the legitimate purpose of enabling the use of a specific service explicitly requested by the subscriber or user, or for the sole purpose of carrying out the transmission of a communication over an electronic communications network.
Preferences
The technical storage or access is necessary for the legitimate purpose of storing preferences that are not requested by the subscriber or user.
Statistics
The technical storage or access that is used exclusively for statistical purposes.The technical storage or access that is used exclusively for anonymous statistical purposes. Without a subpoena, voluntary compliance on the part of your Internet Service Provider, or additional records from a third party, information stored or retrieved for this purpose alone cannot usually be used to identify you.
Marketing
The technical storage or access is required to create user profiles to send advertising, or to track the user on a website or across several websites for similar marketing purposes.
To provide the best experiences, we use technologies like cookies to store and/or access device information. Consenting to these technologies will allow us to process data such as browsing behaviour or unique IDs on this site. Not consenting or withdrawing consent, may adversely affect certain features and functions.
Functional
Always active
The technical storage or access is strictly necessary for the legitimate purpose of enabling the use of a specific service explicitly requested by the subscriber or user, or for the sole purpose of carrying out the transmission of a communication over an electronic communications network.
Preferences
The technical storage or access is necessary for the legitimate purpose of storing preferences that are not requested by the subscriber or user.
Statistics
The technical storage or access that is used exclusively for statistical purposes.The technical storage or access that is used exclusively for anonymous statistical purposes. Without a subpoena, voluntary compliance on the part of your Internet Service Provider, or additional records from a third party, information stored or retrieved for this purpose alone cannot usually be used to identify you.
Marketing
The technical storage or access is required to create user profiles to send advertising, or to track the user on a website or across several websites for similar marketing purposes.