PÉINTEÁIL AN tEARRACH: Ceardlanna Priontála Dúlra do Pháistí

Músaem Poiblí Chorcaí, Páirc Mhic Gearailt, an Mhairdíog, Corcaigh, T12 V0AA
Satharn 31 Eanáir
3 - 5 bliana, 11:00am - 12:00
6 - 10 mbliana, 13:00 - 14:00

Tá ríméad orainn go mbeidh Músaem Poiblí Chorcaí ár n-óstáil i bPáirc Mhic Gearailt do dhá cheardlann speisialta ar théama an dúlra! Ag tarraingt inspioráide ó Imbolc, ceiliúradh traidisiúnta thús an Earraigh, tugtar cuireadh do pháistí Deireadh Seachtaine na Féile Bríde a cheiliúradh le ceardlann phraiticiúla priontála dúlra.

Le spreagadh ó na saothair i mbailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford a fhéachann ar théama an dúlra, tabharfar deis do rannpháirtithe óga an tseisiúin chruthaithigh seo triail a bhaint as modhanna éagsúla priontála ag úsáid ábhar orgánach. Faoi stiúir an ealaíontóra Amal Hope, oibreoidh na páistí le duilleoga, le bláthanna, le plandaí agus le hábhair nádúrtha eile chun a gcuid priontaí speisialta féin a dhéanamh.

Beidh an t-imeacht saor in aisce ach caithfear áit a chur in áirithe. Caithfidh duine fásta a bheith in éineacht le gach páiste. Is féidir áit a chur in áirithe anseo.

Gailearaí Crawford Nochtaithe

... mar gheall go gcuirtear tús le gach saothar ealaíne le canbhás bán

Ón 25 Samhain ar feadh tréimhse ama theoranta

Tá Gailearaí Ealaíne Crawford ag seoladh sraith turas saor in aisce, faoi stiúir na foirne, laistiar de na cúlraí, ag tabhairt deis don phobal den chéad uair taithí a fháil ar an ionad atá dúnta faoi láthair ó dhearcadh nua ar fad - go hiomlán folamh, agus an bailiúchán Náisiúnta de shaothair ealaíne bainte agus na ballaí leagtha lom.

Idir scéalta pearsanta agus léargais ar an bhfoirgneamh stairiúil, is deis uathúil atá sna turais seo chun Gailearaí Ealaíne Crawford a fheiceáil le linn na tréimhse seo roimh a mhór-athfhorbairt ‘Claochlú Ghailearaí Ealaíne Crawford’. Pléifidh an fhoireann an t-am a chuaigh thart, an t-am i láthair agus an t-am atá le teacht sa ghailearaí, rud a thabharfaidh spléachadh do chuairteoirí maidir leis an méid a mbeifí ag súil leis nuair a athosclóidh an gailearaí.

Is deis speisialta é seo chun taithí a fháil ar Ghailearaí Ealaíne Crawford roimh athchóiriú na hInstitiúide Cultúrtha Náisiúnta a bhfuiltear ag súil go mór leis. Mar gheall go gcuirtear tús le gach saothar ealaíne le canbhás bán.

Sonraí an Turais:

Maireann Turais Nochtaithe Ghailearaí Ealaíne Crawford 60-80 nóiméad agus tá roghanna téamaí éagsúla ann (féach thíos). Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfadh inrochtaineacht theoranta a bheith ag roinnt láithreacha.

Ag cur le cúrsaí caomhnaithe i nGailearaí Ealaíne Crawford (ar líne)

1r.n Dé Céadaoin 20 Lúnasa 2025
Comhrá ar line trí Zoom

Spotsolas ar sheoda náisiúnta.

Tugtar cuireadh do bhaill den phobal freastal ar chaint ar líne le linn Seachtain na hOidhreachta a dhíreoidh ar chaomhnú fíor-sheod náisiúnta.

Is pictiúr ola é The Goose Girl (1888) le Edith Somerville a bhfuil gean mór air i mbailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford.

Tá The Goose Girl ina hábhar cóireála caomhnaithe anois nuair atá doirse Ghailearaí Ealaíne Crawford dúnta don athfhorbairt mhór. Le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta tríd an gCiste um Maoirseacht Oidhreachta 2025, cinnteoidh an obair ríthábhachtach seo todhchaí na péintéireachta stairiúla.

Tabharfaidh na cainteanna poiblí léargas nua ar an bpéintéireacht, ag féachaint ar a stair agus ar na céimeanna atá á nglacadh chun aire a thabhairt di i saotharlann chaomhnaithe soghluaiste nua Ghailearaí Ealaíne Crawford. Beidh triúr cainteoirí ag gach léacht: an caomhnóir Chiara Chillè, an cláraitheoir Jean O’Donovan, agus an coimeádaí Michael Waldron.

Leagtar béim sa tionscnamh seo ar thiomantas Ghailearaí Ealaíne Crawford do dhea-chleachtais chúraim oidhreachta, ag cloí le prionsabal na hidirghabhála íosta — gan ach na cóireálacha sin is gá a dhéanamh chun bail bhunaidh saothair ealaíne a chobhsú agus a chaomhnú.

National-Heritage-Week-English_Pink-on-White-web
The-Heritage-Council-Logo-Colour

Ag cur le cúrsaí caomhnaithe i nGailearaí Ealaíne Crawford (go pearsanta)

1r.n Dé Mairt 19 Lúnasa 2025
Teach lontaobhais Shibhialta, Cé an Phápa, T23 R6XC

Spotsolas ar sheoda náisiúnta.

Tugtar cuireadh do bhaill den phobal freastal ar ár gcaint phearsanta le linn Sheachtain na hOidhreachta a dhíríonn ar chaomhnú fíorsheod náisiúnta.

Is pictiúr ola é The Goose Girl (1888) le Edith Somerville a bhfuil gean mór air i mbailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford.

Tá The Goose Girl ina hábhar cóireála caomhnaithe anois nuair atá doirse Ghailearaí Ealaíne Crawford dúnta don athfhorbairt mhór. Le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta tríd an gCiste um Maoirseacht Oidhreachta 2025, cinnteoidh an obair ríthábhachtach seo todhchaí na péintéireachta stairiúla.

Tabharfaidh na cainteanna poiblí léargas nua ar an bpéintéireacht, ag féachaint ar a stair agus ar na céimeanna atá á nglacadh chun aire a thabhairt di i saotharlann chaomhnaithe soghluaiste nua Ghailearaí Ealaíne Crawford. Beidh triúr cainteoirí ag gach léacht: an caomhnóir Chiara Chillè, an cláraitheoir Jean O’Donovan, agus an coimeádaí Michael Waldron.

Leagtar béim sa tionscnamh seo ar thiomantas Ghailearaí Ealaíne Crawford do dhea-chleachtais chúraim oidhreachta, ag cloí le prionsabal na hidirghabhála íosta — gan ach na cóireálacha sin is gá a dhéanamh chun bail bhunaidh saothair ealaíne a chobhsú agus a chaomhnú.

National-Heritage-Week-English_Pink-on-White-web
The-Heritage-Council-Logo-Colour

Bí ar foluain go fonnmhar agus ag eitilt sa pháirc!

Dé Sathairn, 21 Meitheamh, 13.00–17.00
Páirc Mhic Gearailt
Saor in Aisce

Buail le Julie agus Amal do spraoi chruthaitheach atá oiriúnach do theaghlaigh. Cuir tú féin in iúl mar fhéileacán nó mar chréatúr sciathán iontach. Tá an-áthas orainn páirt a ghlacadh in Youthquake, imeacht spreagúil atá á stiúradh ag Tionól Óige Lár an tSamhraidh.

Geallann Youthquake a bheith ina lá lúcháireach lán de cheol, de chruthaitheacht agus de phobal.

Cork Migrant Centre logo
Youthquake Logo

Cruinniú na nÓg | Miondomhain ag Leabharlanna Cathrach Chorcaí

Dé Sathairn 7 Meitheamh 2025
11.00–12.00 do pháistí 3 -5 bliana

13.00–14.00 do pháistí 6-10 mbliana
Leabharlanna Chathrach Chorcaí

61 Grand Parade, Cork, T12 NT99

Do Chruinniú na nÓg i mbliana, bí linn chun le haghaidh ceardlann i gcomhar Leabharlann Chathrach.

Cén chuma a bheadh ar an domhan dá mbeadh sé chomh beag go bhféadfach sé dul isteach i mbosca cipíní? Feicfimid le linn na ceardlainne seo! Arna spreagadh ag ‘The Borrowers’ chomh maith le mionsamhlacha agus saothair dhraíochtúla ealaíne ón mbailiúchán, beimid ag cruthú miondomhan dár gcuid fin le linn an imeachta ceardlainne agus scéalaíochts.

Cuirfear an t-ábhar ar fad ar fáile.

Saor | Caithfear áirrithint a dhéanamh.

Caithfear duine fásta a bheith in éineacht le gach paiste ar feadh ré na ceardlainne.