Ardaígí na seolta agus Cruthaígí: Ceardlanna do Leanaí do Chruinniú na nÓg
Dé Sathairn, 6 Meitheamh
3–5 bliana d’aois, 12 meán lae
6 – 10 mbliana d’aois, 1i.n.–2i.n.
Leabharlann Chathair Chorcaí
Tarraingígí aníos an t-ancaire! Le haghaidh Chruinniú na nÓg, táimid ar bís dhá cheardlann do leanaí a óstáil le téama spraíúil muirí i Leabharlann Chathair Chorcaí! Agus é faoi thionchar saothar ealaíne ó bhailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford ina ndéantar iniúchadh ar stair shaibhir Chorcaí agus ar leabhair sa leabharlann ar théamaí comhchosúla, tabharfaidh an seisiún samhlaíoch seo deis do leanaí a longa féin a chruthú agus ábhair athchúrsáilte á n-úsáid acu.
Tá an t-imeacht seo saor in aisce ach is gá áirithintí a dhéanamh. Ní mór do leanaí a bheith in éineacht le duine fásta.
Tá na háirithintí ar oscailt go luath.
Buail le baill Stiúideonna Tacaíochta Crawford
Déardaoin 23 Aibreán, 11am – 1pm
Coláiste Ealaíne is Deartha MTU Crawford,
46 Campas Shráid an Chapaill Bhuí,
Cathair Chorcaí, T12 VN56
Buail le baill Stiúideonna Tacaíochta Crawford agus bí ar an eolas faoina stiúideo ealaíne. Déan iniúchadh ar rogha spreagúil de shaothar ealaíne úr ag ealaíontóirí faoi mhíchumas.
Oiriúnach do dhaoine idir óg agus aosta.
Ní gá áirithintí a dhéanamh.
Chun breis eolais a fháil faoi cheachtar den dá imeacht, déan teagmháil le: emmaklemencic@crawfordartgallery.ie
Is tionscadal comhoibríoch é Stiúideonna Tacaíochta Crawford atá á bhunú ag Coláiste Ealaíne & Dearaidh MTU Crawford agus Gailearaí Ealaíne Crawford, le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Chorcaí.
Buail leis an ealaíontóir - Rosaleen Moore
Dé Céadaoin, 22 Aibreán, 11am – 12.30pm
Gailearaí LHQ, Foirgneamh Leabharlainne, Bóthar Charraig Ruacháin, T12 K335
Mar chuid d’Fhéile Foghlama ar Feadh an tSaoil Chorcaí beidh an deis ann Bualadh le hEalaíontóirí Stiúideonna Tacaíochta Crawford.
Buail leis an ealaíontóir Rosaleen Moore, a thabharfaidh breac-chuntas ar a cur chuige pailise cuimhne i leith na líníochta, chun cuireadh a thabhairt do rannpháirtithe áit speisialta a tharraingt ó chuimhne nó ó ghrianghraf.
Oiriúnach do dhaoine idir óg agus aosta.
Ní gá áirithintí a dhéanamh.
Chun breis eolais a fháil faoi cheachtar den dá imeacht, déan teagmháil le: emmaklemencic@crawfordartgallery.ie
Is tionscadal comhoibríoch é Stiúideonna Tacaíochta Crawford atá á bhunú ag Coláiste Ealaíne & Dearaidh MTU Crawford agus Gailearaí Ealaíne Crawford, le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Chorcaí.
6 Márta – 24 Aibreán 2026
Gailearaí LHQ
Cuireann Stiúideonna Tacaíochta Crawford agus Gailearaí LHQ Chomhairle Contae Chorcaí This is Ireland i láthair, taispeántas beo bríomhar d’ealaíontóirí a oibríonn laistigh de shuíomhanna stiúideo tacaíochta. Beidh saothair 16 ealaíontóir faoi mhíchumas le feiceáil sa taispeántas idir an Aoine, 6 Márta agus an Aoine, 24 Aibreán 2026 agus tugtar léargas cumasach ann a thugann dúshlán do steiréitíopaí.
I measc na n-ealaíontóirí a thaispeánann an obair tá: Judit Bakos, Ailbhe Barrett, Angela Burchill, Yvonne Condon, David Connolly, Bríd Heffernan, Eoin O’Brion, John Keating, Mary Rose Marshall, Rosaleen Moore, Nicola Moran, Stephen Murray, Íde Ní Shúilleabháin, Tom O’Sullivan, Marie Sexton, and Katie Whelan. Tá a gcleachtas forbartha ag gach aon duine acu trí Stiúideonna Tacaithe Crawford a sholáthraíonn spás ealaíne cruthaitheach marthanach trí thacaíocht theicniúil, ealaíonta, rochtain agus líonraí.
Beidh This is Ireland ar oscailt ón Aoine, 6 Márta agus beidh sé ar taispeántas go dtí an Aoine, 24 Aibreán i nGailearaí LHQ. Beidh clár imeachtaí mar chuid den Fhéile Foghlama ar Feadh an tSaoil i gcomhar leis an taispeántas seo (cliceáil ansea chun tuilleadh eolais a fháil).
Bíonn LHQ Gailearaí ar oscailt ó Luan go hAoine 9am-5.30pm, seachas laethanta saoire poiblí. Is é Gailearaí LHQ a bhainistíonn Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí, a fhaigheann tacaíocht ón gComhairle Ealaíon.
Tá Stiúideonna Tacaíochta Crawford fréamhaithe le tionscadal comhpháirtíochta idir Coláiste Ealaíne is Deartha MTU Crawford agus Gailearaí Ealaíne Crawford, le tacaíocht leanúnach ó Oifig Ealaíne Chomhairle Cathrach Chorcaí.
PÉINTEÁIL AN tEARRACH: Ceardlanna Priontála Dúlra do Pháistí
Músaem Poiblí Chorcaí, Páirc Mhic Gearailt, an Mhairdíog, Corcaigh, T12 V0AA
Satharn 31 Eanáir
3 - 5 bliana, 11:00am - 12:00
6 - 10 mbliana, 13:00 - 14:00
Tá ríméad orainn go mbeidh Músaem Poiblí Chorcaí ár n-óstáil i bPáirc Mhic Gearailt do dhá cheardlann speisialta ar théama an dúlra! Ag tarraingt inspioráide ó Imbolc, ceiliúradh traidisiúnta thús an Earraigh, tugtar cuireadh do pháistí Deireadh Seachtaine na Féile Bríde a cheiliúradh le ceardlann phraiticiúla priontála dúlra.
Le spreagadh ó na saothair i mbailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford a fhéachann ar théama an dúlra, tabharfar deis do rannpháirtithe óga an tseisiúin chruthaithigh seo triail a bhaint as modhanna éagsúla priontála ag úsáid ábhar orgánach. Faoi stiúir an ealaíontóra Amal Hope, oibreoidh na páistí le duilleoga, le bláthanna, le plandaí agus le hábhair nádúrtha eile chun a gcuid priontaí speisialta féin a dhéanamh.
Beidh an t-imeacht saor in aisce ach caithfear áit a chur in áirithe. Caithfidh duine fásta a bheith in éineacht le gach páiste. Is féidir áit a chur in áirithe anseo.
Gailearaí Crawford Nochtaithe
... mar gheall go gcuirtear tús le gach saothar ealaíne le canbhás bán
Ón 25 Samhain ar feadh tréimhse ama theoranta
Tá Gailearaí Ealaíne Crawford ag seoladh sraith turas saor in aisce, faoi stiúir na foirne, laistiar de na cúlraí, ag tabhairt deis don phobal den chéad uair taithí a fháil ar an ionad atá dúnta faoi láthair ó dhearcadh nua ar fad - go hiomlán folamh, agus an bailiúchán Náisiúnta de shaothair ealaíne bainte agus na ballaí leagtha lom.
Idir scéalta pearsanta agus léargais ar an bhfoirgneamh stairiúil, is deis uathúil atá sna turais seo chun Gailearaí Ealaíne Crawford a fheiceáil le linn na tréimhse seo roimh a mhór-athfhorbairt ‘Claochlú Ghailearaí Ealaíne Crawford’. Pléifidh an fhoireann an t-am a chuaigh thart, an t-am i láthair agus an t-am atá le teacht sa ghailearaí, rud a thabharfaidh spléachadh do chuairteoirí maidir leis an méid a mbeifí ag súil leis nuair a athosclóidh an gailearaí.
Is deis speisialta é seo chun taithí a fháil ar Ghailearaí Ealaíne Crawford roimh athchóiriú na hInstitiúide Cultúrtha Náisiúnta a bhfuiltear ag súil go mór leis. Mar gheall go gcuirtear tús le gach saothar ealaíne le canbhás bán.
Sonraí an Turais:
Maireann Turais Nochtaithe Ghailearaí Ealaíne Crawford 60-80 nóiméad agus tá roghanna téamaí éagsúla ann (féach thíos). Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfadh inrochtaineacht theoranta a bheith ag roinnt láithreacha.
- Cuir d’áit in áirithe anseo: [nasc]
- Turais oiriúnacha do theaghlaigh: [nasc]
- Turas Gaeilge: [nasc]
- Turais oiriúnach do Ghrianghrafadóir: [nasc]
Ag cur le cúrsaí caomhnaithe i nGailearaí Ealaíne Crawford (ar líne)
1r.n Dé Céadaoin 20 Lúnasa 2025
Comhrá ar line trí Zoom
Spotsolas ar sheoda náisiúnta.
Tugtar cuireadh do bhaill den phobal freastal ar chaint ar líne le linn Seachtain na hOidhreachta a dhíreoidh ar chaomhnú fíor-sheod náisiúnta.
Is pictiúr ola é The Goose Girl (1888) le Edith Somerville a bhfuil gean mór air i mbailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford.
Tá The Goose Girl ina hábhar cóireála caomhnaithe anois nuair atá doirse Ghailearaí Ealaíne Crawford dúnta don athfhorbairt mhór. Le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta tríd an gCiste um Maoirseacht Oidhreachta 2025, cinnteoidh an obair ríthábhachtach seo todhchaí na péintéireachta stairiúla.
Tabharfaidh na cainteanna poiblí léargas nua ar an bpéintéireacht, ag féachaint ar a stair agus ar na céimeanna atá á nglacadh chun aire a thabhairt di i saotharlann chaomhnaithe soghluaiste nua Ghailearaí Ealaíne Crawford. Beidh triúr cainteoirí ag gach léacht: an caomhnóir Chiara Chillè, an cláraitheoir Jean O’Donovan, agus an coimeádaí Michael Waldron.
Leagtar béim sa tionscnamh seo ar thiomantas Ghailearaí Ealaíne Crawford do dhea-chleachtais chúraim oidhreachta, ag cloí le prionsabal na hidirghabhála íosta — gan ach na cóireálacha sin is gá a dhéanamh chun bail bhunaidh saothair ealaíne a chobhsú agus a chaomhnú.
Ag cur le cúrsaí caomhnaithe i nGailearaí Ealaíne Crawford (go pearsanta)
1r.n Dé Mairt 19 Lúnasa 2025
Teach lontaobhais Shibhialta, Cé an Phápa, T23 R6XC
Spotsolas ar sheoda náisiúnta.
Tugtar cuireadh do bhaill den phobal freastal ar ár gcaint phearsanta le linn Sheachtain na hOidhreachta a dhíríonn ar chaomhnú fíorsheod náisiúnta.
Is pictiúr ola é The Goose Girl (1888) le Edith Somerville a bhfuil gean mór air i mbailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford.
Tá The Goose Girl ina hábhar cóireála caomhnaithe anois nuair atá doirse Ghailearaí Ealaíne Crawford dúnta don athfhorbairt mhór. Le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta tríd an gCiste um Maoirseacht Oidhreachta 2025, cinnteoidh an obair ríthábhachtach seo todhchaí na péintéireachta stairiúla.
Tabharfaidh na cainteanna poiblí léargas nua ar an bpéintéireacht, ag féachaint ar a stair agus ar na céimeanna atá á nglacadh chun aire a thabhairt di i saotharlann chaomhnaithe soghluaiste nua Ghailearaí Ealaíne Crawford. Beidh triúr cainteoirí ag gach léacht: an caomhnóir Chiara Chillè, an cláraitheoir Jean O’Donovan, agus an coimeádaí Michael Waldron.
Leagtar béim sa tionscnamh seo ar thiomantas Ghailearaí Ealaíne Crawford do dhea-chleachtais chúraim oidhreachta, ag cloí le prionsabal na hidirghabhála íosta — gan ach na cóireálacha sin is gá a dhéanamh chun bail bhunaidh saothair ealaíne a chobhsú agus a chaomhnú.
Bí ar foluain go fonnmhar agus ag eitilt sa pháirc!
Dé Sathairn, 21 Meitheamh, 13.00–17.00
Páirc Mhic Gearailt
Saor in Aisce
Buail le Julie agus Amal do spraoi chruthaitheach atá oiriúnach do theaghlaigh. Cuir tú féin in iúl mar fhéileacán nó mar chréatúr sciathán iontach. Tá an-áthas orainn páirt a ghlacadh in Youthquake, imeacht spreagúil atá á stiúradh ag Tionól Óige Lár an tSamhraidh.
Geallann Youthquake a bheith ina lá lúcháireach lán de cheol, de chruthaitheacht agus de phobal.
Cruinniú na nÓg | Miondomhain ag Leabharlanna Cathrach Chorcaí
Dé Sathairn 7 Meitheamh 2025
11.00–12.00 do pháistí 3 -5 bliana
13.00–14.00 do pháistí 6-10 mbliana
Leabharlanna Chathrach Chorcaí
61 Grand Parade, Cork, T12 NT99
Do Chruinniú na nÓg i mbliana, bí linn chun le haghaidh ceardlann i gcomhar Leabharlann Chathrach.
Cén chuma a bheadh ar an domhan dá mbeadh sé chomh beag go bhféadfach sé dul isteach i mbosca cipíní? Feicfimid le linn na ceardlainne seo! Arna spreagadh ag ‘The Borrowers’ chomh maith le mionsamhlacha agus saothair dhraíochtúla ealaíne ón mbailiúchán, beimid ag cruthú miondomhan dár gcuid fin le linn an imeachta ceardlainne agus scéalaíochts.
Cuirfear an t-ábhar ar fad ar fáile.
Saor | Caithfear áirrithint a dhéanamh.
Caithfear duine fásta a bheith in éineacht le gach paiste ar feadh ré na ceardlainne.