Crawford Art Gallery bilingual logo
BaileMaidir Le Cuairt StairFoghlaim & Pléigh Gníomhaíochtaí Saothar Na SeachtaineComhpháirtíochtaíCaiféFolúntais

Bróisiúr as Gaeilge

CAG Logo Irish White
Ar oscailt gach lá
Cead isteach saor in aisce
Mainie Jellett, Abstract Composition, c.1935.
Crosbhealach na hEalaíne agus Smaointe thar na hAoiseanna.
Teachtaireacht ónár Stiúrthóir
Mary McCarthy, Director at Crawford Art Gallery Cork City. 
Picture: Clare Keogh
Mary McCarthy.  Grianghraf: Clare Keogh
Tá Gailearaí Ealaíne Crawford ag ullmhú d’athrú mór agus muid ag réiteach dár mór-athfhorbairt in 2025. Beidh an tionscadal seo faoi stiúir Ailtirí Grafton (Grafton Architects) a bhfuil gradaim bainte amach acu i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.

Cuirfidh an tionscadal athfhorbartha le líon na spásanna nua taispeántais, na gclár Foghlaim agus Fiosraigh agus cuirfidh sé le cúram agus stóráil an bhailiúcháin chomh maith. Chun na pleananna seo a chur i bhfeidhm, beidh orainn ár ndoirse a dhúnadh don phobal ar feadh tréimhse 2 bhliain agus táimid ag ullmhú ár mbailiúchán d’os cionn 3,000 saothar ealaíne a bhogadh as an ngailearaí. Tá muid ag súil lenár ndul chun cinn a roinnt leat sa tréimhse chorraitheach seo. Bí cinnte clárú dár nuachtlitir chun an nuacht is déanaí a fháil.

Idir an dá linn, beidh neart deiseanna agat ár mbailiúcháin a fheiceáil sula ndúnfaimid. Tá ár dtaispeántais is déanaí FROM SOURCE TO SEA agus Now You See It... ag cur na saothair ealaíne is fearr lenár bpobal ar taispeáint, faoi mar a roghnaigh sibh féin! Beidh clár imeachtaí gnóthach againn do Sheachtain na hOidhreachta agus don Oíche Chultúir, mar sin tabhair cuairt orainn le linn an tsamhraidh.

Mar is gnách, táimid an-bhuíoch as tacaíocht agus spéis an phobail a bhíonn á léiriú inár gcuid oibre.

Mary McCarthy
Stiúrthóir Ghailearaí Ealaíne Crawford

Exterior view of Crawford Art Gallery. Photo Marcin Lewandowski
 Grianghraf: Marcin Lewandowski

Fáilte chuig Gailearaí Ealaíne Crawford

Is institiúid chultúrtha náisiúnta é Gailearaí Ealaíne Crawford atá suite i bhfoirgneamh oidhreachta suntasach i gcroílár chathair Chorcaí atá tiomnaithe do na hamharc-ealaíona.

Tá bailiúchán de thábhacht náisiúnta lonnaithe sa Ghailearaí a léiríonn scéal spéisiúil de Chorcaigh agus d’Éirinn le trí haois anuas, fad is a chuirtear clár spleodrach agus bríomhar de thaispeántais shealadacha ar fáil freisin.

Is í an tarraingt turasóireachta is mó i gCathair Chorcaí é Gailearaí Ealaíne Crawford. Tá sé ar oscailt seacht lá na seachtaine, tá an cead isteach saor in aisce agus ní mór do mhuintir na háite agus do thurasóirí araon é a fheiceáil.

Tógtha sa bhliain 1724 mar theach custaim na cathrach, tá na Múnlaí Canova cáiliúla lonnaithe sa teach, tugtha mar bhronntanas go cathair Chorcaí dhá chéad bliain ó shin. Tá os cionn 3,000 saothar le feiceáil i mbailiúchán an ghailearaí, saothair cháiliúla ó ealaíontóirí Éireannacha ar nós James Barry, Harry Clarke, Mainie Jellett, Seán Keating, Daniel Maclise, Norah McGuinness, Edith Somerville, agus Jack B. Yeats, chomh maith le healaíontóirí comhaimseartha ar nós Gerard Byrne, Maud Cotter, Dorothy Cross, Eilis O’Connell, agus Hughie O’Donoghue.

TAISPEÁNTAIS

Now You See It…
20 Iúil – 15 Méan Fómhair
An Gailearaí Uachtarach, An Seomra Fada agus Gailearaithe Nua- Aimseartha

© Murdo MacLeod, Portrait of Roy Keane (detail), 2002.
© Murdo MacLeod, Portrait of Roy Keane (detail), 2002.
Tugtar cuireadh duit chuig an seisiún deireanach de thaispeántais sula gcuirfear tús le mór-athfhorbairt Ghailearaí Ealaíne Crawford i bhfómhar 2024.

Mar sin, tapaígí an deis agus cuir eolas arís ar shaothair ealaíne ón mBailiúchán sula mbeidh sé ródheireanach. Tá réimse de phictiúir agus de dhealbha agus de ghrianghrafadóireacht le trí chéad bliain anuas ar taispeáint ar fud an ghailearaí. Baineann an taispeántas le saothair ealaíne a roghnaigh an pobal tríd an bhfeachtas You Tell We Show!

Now You See It…

FROM SOURCE TO SEA
22 Meitheamh – 22 Meán Fómhair
GAILEARAITHE GIBSON
George Petrie, Gougane Barra, Co. Cork, 1835 web
George Petrie, Gougane Barra, Co. Cork, 1835.
Leanann an taispeántas seo cúrsa na Laoi óna foinse i gCnoic na Seithe agus i nGuagán Barra san iarthar chomh fada le Cuan Chorcaí, an áit a dtéann sí isteach sa Mhuir Cheilteach.
Tá saothair ó an 1750í i leith san áireamh sa taispeántas, ina dtugtar léargas ar an abhainn agus ar na scéalta a bhaineann léi.
Déanann na saothar ón mbailiúchán FROM SOURCE TO SEA, idir shaothair stairiúla agus chomhaimseartha, ceiliúradh ar chultúr na Laoi agus a fo-aibhneacha.

Wiff Waff is Playing at my Gaff*
13 Meitheamh – 7 Iúil
An Gailearaí Uachtarach
Installation of ‘Wiff Waff is Playing at My Gaff‘ photo © Davey
‘Wiff Waff is Playing at My Gaff‘ Grianghraf: © Davey
Bí linn do chluiche craiceáilte leadóige boird! Cuireadh tús leis i mBaile Átha Cliath in 2012, agus tar éis dó dul i bhfeidhm go mór ar chuid de na hinstitiúidí móra le rá ansin, tá sé á thabhairt taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath den chéad uair.
Beidh deis agat imirt ar Bhoird Chraiceáilte, déanta ag ealaíontóirí, ó Bhailiúchán Náisiúnta na mBord Nuaga Leadóige atá ag cur gáire (agus frustrachais!) ar imreoirí agus ar lucht féachana ó thosaigh King Ping Pong á gcoimisiúnú. Beidh corr-chomórtas ar siúl againn freisin!

Fís fiabhrais de chuid an choimeádaí Davey Moor is ea King Ping Pong.

*Sean-ainm a thugtaí ar leadóg bhoird is ea Wiff Waff
Artists’ Film International
4 Iúil – 22 Méan Fómhair
Seomra Teilgin
Mary Sullivan ‘The Fine Line’ (2023) still image, photo Mickael Do Couto 
© the Artist
Mary Sullivan ‘The Fine Line’ (2023) still image, Grianghraf: Mickael Do Couto
© the Artist
Is comhthionscadal é Artists’ Film International lena bhfuil baint ag scannánaíocht, físeán agus beochan ar fud na cruinne. Bunaíodh é i nGailearaí Whitechapel, Londain in 2008, agus tá 15 comhpháirtí ag AFI anois ar fud an domhain. Roghnaíonn gach eagraíocht saothar oibre corraitheach a tháinig amach le deireanaí ó ealaíontóir óna ceantar féin a roinnfear agus a chuirfear ar scáileán i measc an líonra.

I mbliana, mar fhreagra ar an téama ‘Cur le Chéile’ nó ‘Solidarity’, thug Gailearaí Ealaíne Crawford cuireadh don ealaíontóir Mary Sullivan, as an tOileán Mór ó dhúchas, a scannán The Fine Line (2022) a chur i láthair. Agus é saibhir ó thaobh radharc de, tá an scannán fíneálta ach le neart ábhair le machnamh faoi obair agus saoil na nglúnta de mhná ón oileán nach raibh le feiceáil go minic, gan aitheantas tugtha dóibh agus iad neamhíoctha. Cuirfear na scannáin i láthair mar chur i láthair lúbtha a athrófar gach ceithre seachtaine.

Recasting Canova
Leanúnach
GAILEARAITHE DEALBHÓIREACHTA
Recasting Canova. Photo: Jed Niezgoda.
Recasting Canova. Grianghraf: Jed Niezgoda.
Déanann Recasting Canova ceiliúradh ar dhá chéad bliain de Mhúnlaí Canova, an bronntanas gradamúil atá mar bhunús dár mbailiúchán. Taispeántas bríomhar agus spreagúil den dhá mhúnla stairiúil déag a bheidh i gceist. Cruthaíodh na múnlaí seo, ar macasamhla dílse iad de dhealbha móra le rá ó na cianaoiseanna agus ó na 1800í luatha, faoi stiúir an dealbhóra mhóir nuachlasaicigh Antonio Canova (1757-1822).

Deis iontach é Recasting Canova do chuairteoirí eolas a chur ar an gcuid shuimiúil seo de ré Napoléon agus breathnú ar stíl chlasaiceach na Sean-Ghréige agus na Sean-Róimhe, ar an tionchar a bhí aici ar an ealaíon a tháinig ina diaidh agus ar an gcaoi a ndearna ealaíontóirí aithris, athshamhlú agus athmhúnlú ar an idé den fhoirfeacht a léirítear inti.

Caith súil ar Chonair Ealaíne an Ghailearaí nua do Leanaí!
Gallery art trail
Tá ár nGailearaí mar thearmann d’os cionn 3,000 saothar ealaíne náisiúnta do leanaí ar gach aois le haimsiú. Tugann an ghníomhaíocht theagmhálach seo spreagadh do leanaí a gcruthaitheacht a léiriú agus iad ag foghlaim faoi na saothair éagsúla atá ar taispeáint sa Ghailearaí. Tá na leabhráin seo saor in aisce, agus tá siad ar fáil le piocadh suas ar fud an Ghailearaí. Is féidir pinn luaidhe a aimsiú ónár ndeasc slándála.

Building as Witness
BRIAN TEELING AGUS JENNIE TAYLOR
In the glow of a frozen flame
16 Bealtaine – 21 Iúil
Foilseachán clóite agus ar líne
Teeling Taylor
© Brian Teeling
URSULA BURKE
These Fragile Monuments
25 Bealtaine – 21 Iúil
Gailearaithe Dealbhóireachta
Usula Burke
© Ursula Burke
Jean O Donovan, Registrar, Crawford Art Gallery. Picture: Clare Keogh
© Clare Keogh
An bailiúchán a bhogadh
16 Meitheamh – 23 Meán Fómhair
AN GAILEARAÍ ÍOCHTARACH
Tá beagnach 3,000 saothar ealaíne faoina dhíon ag Gailearaí Ealaíne Crawford ón mBailiúchán Náisiúnta.

Le linn fhómhar agus gheimhreadh 2024, déanfar na saothair ealaíne luachmhara seo a bhogadh go háiteanna stórála sábháilte le hullmhú don chéim thógála de Thionscadal Athfhorbartha Chaipitil i nGailearaí Ealaíne Crawford.

Tá ár sainchaomhnóir ag obair go crua chun plean caomhnaithe a dhéanamh do gach saothar ealaíne sa bhailiúchán sula ndéanfar iad a bhogadh ón bhfoirgneamh.

Chun spléachadh a fháil laistiar den chúlra ar an bpróiseas seo, caith súil ar ár nGailearaí in íochtar.

Foghlaim & Pléigh

Grianghraf: ©Provision Photography
CAINTEANNA EALAÍONTÓIRÍ AGUS IMEACHTAÍ TAISPEÁNTAIS
Seans chun cláir thaispeántais a fhiosrú go domhain

TURAIS DO SCOILEANNA AGUS DO GHRÚPAÍ
Cuir turas díograiseach in áirithe chun níos mó eolais a fháil faoin mbailiúchán agus na taispeántais

CLÁR TEAGHLAIGH
Bí ag faire amach do cheardlanna atá oiriúnach do theaghlaigh atá le teacht
Féach ar ár suíomh gréasáin do thuilleadh eolais ar na Cláir Foghlaim agus Pléigh

An Seomra Glas

Tá an Green Room Café ag an Crawford dúnta anois.

Beidh an Gailearaí ag fanacht oscailte do chuairteoirí 7 lá na seachtaine go dtí an fómhar nuair abheimid ag dúnadh na doirse don phobal i gcomhair tionscadal athfhorbartha caipitil.

Teachtaireacht ó oibreoirí an Green Room Café:
“Bhí ról iontach ag an gcaifé mar chuid de thaithí an Ghailearaí agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na húinéirí agus leis an bhfoireann as a gcuid oibre agus as a ndúthracht. Go n-éirí go geal leo sa todhchaí amach rompu.”

Cairde Ghailearaí Ealaíne Crawford

Bí mar chuid de chlár ballraíochta Chairde Ghailearaí Ealaíne Crawford: is bealach spraíúil, sóisialta, cruthaitheach agus oideachasúil é le páirt a ghlacadh i dtaispeántais agus in imeachtaí ag an nGailearaí! Cuirtear fáilte roimh bhaill páirt a ghlacadh i gclár imeachtaí lena n-áirítear cainteanna, réamhléirithe taispeántais, agus turais phríobháideacha.

Déan teagmháil linn
Guthán: +353 (0) 21 490 7864
Ríomhphost: friends@crawfordartgallery.ie
Gailearaí Crawford Chorcaí. Grianghraf: Jed Niezgoda

Gailearaí Ealaíne Crawford
Plás Emmett, Corcaigh. T12 TNE6

Uaireanta Oscailte
Ar oscailt gach lá
Luan go Satharn 10.00am - 5.00pm
Déardaoin go dtí 8:00pm
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11am – 4pm
Is Carthanacht Chláraithe é Gailearaí Crawford Chorcaí.
Uimhir Charthanais: CHY 18818.
Ríomhphost: info@crawfordartgallery.ie
Pure Cork Logo

Uaireanta Oscailte

Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in

Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in


Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta

TripAdvisor LogoPure Cork LogoIreland's Ancient East logoCork Digital Mareting Awards Winner 2021Cork Business Association Logo
Covid Charter logo
Members Badge 2024
Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sports and Media logo

© 2024 www.crawfordartgallery.ie

linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram Skip to content